Cleachtadh a dhéanann máistreacht – ‘teannaim oraibh amach go ’speánfaidh mé daoibh!’

Chaith Ben Hogan oiread ama ag cleachtadh agus ag cuimhneamh faoin ngailf go ndeireadh a chomhghleacaithe go magúil faoi go mba é a chéad cheap an teoiric gur as sin a thagann máistreacht

Cleachtadh a dhéanann máistreacht – ‘teannaim oraibh amach go ’speánfaidh mé daoibh!’

Ben Hogan

Is minic agus mé faoi réir le aghaidh a thabhairt ar pholl par 3 ar chúrsa gailf a chuimhním ar Ben Hogan, duine de na daoine ab oilte a rug ar mhaide riamh agus a bhuaigh Craobhacha Oscailte na Breataine, na Státaí, an PGA agus Comórtas Mháistrí Augusta 9 n-uaire idir 1948 agus 1953, ainneoin gur beag nár maraíodh é i dtimpiste bhóthair le linn an achair sin freisin.

Ós rud é gur idir 120 slat agus 200 a bhíonn a leithéid de ghnáth is iad na poill par 3 a fhágann an seans is fearr ag sluaisteálaithe ar mo chumas féin ceann de mhórspriocanna an ghalfaire fánach a bhaint amach agus an liathróid a chur go ceann cúrsa d’aon iarraidh amháin.

Ach léamh eile a bhíonn acu siúd atá oilte ar an gcás, mar a léirigh Hogan nuair a ceistíodh é féin faoi chomh minic agus a bhí an ghaisce déanta aigesean.

‘Le fírinne, agus mé  ag feistiú do Par 3,  ní thagann sé i mo chloigeann riamh go bhfuilim ag iarraidh an liathróid a chur sa bpoll,’ a deir an tÓgánach. ‘Bím dírithe go hiomlán ar roghnú a dhéanamh ar an áit is fearr a fhágfaidh seans agam ar éinín leis an dara buille.’

Chaith Hogan oiread ama ag cleachtadh agus ag cuimhneamh faoin gcluiche go ndeireadh a chomhghleacaithe go magúil faoi go mba é a chéad cheap an teoiric  gur as sin a thagann máistreacht. Pébrí céard faoi sin is cinnte gur é an ráiteas a rinne sé faoin sprioc a bhaint amach d’aon iarraidh amháin an ceann is fearr atá feicthe agamsa a thugann léiriú ar an difríocht atá sa mbealach a dtugann a leathbhádóirí siúd faoina gceird agus an meon a bhíonn ag spágálaithe de mo chumas-sa.

Tuigeann galfairí gairmiúla go bhfuil oiread den ádh (nó níos mó) ag baint leis an ‘hole in one’ agus atá den scil. Fiafraigh de Dustin Johnson é. Bhí roinnt blianta caite aigesean ar Thuras an PGA dá uireasa, fad agus a bhí an gaisce sin déanta ag a bhean chéile Paulina, nach n-imríodh ach anois agus arís.

Dá dtabharfadh Dustin agus Paulina faoi 18 poll ar maidin amárach, thabharfadh an geallghlacadóir 12,500:1 duit dá gceapfá go gcuirfeadh sí an liathróid go ceann cúrsa d’aon bhuille  amháin sula mbeadh an imirt déanta. 2,500:1 a thairgfeadh siad duit i gcás Dustin. Agus dá dtiocfadh mise, tusa agus beirt scramairí eile i mbun an chúraim, thabharfadh siad 1.3 milliún in aghaidh a haon go ndéanfadh beirt den cheathrar againn an gaisce.

Ní gan údar gur beag de na geallghlacadóirí céanna a thugann an t-ocras a chodladh leo. Tá Comórtas Chorn Ryder á imirt ó 1921. Ní facthas ‘poll ar aon bhuille amháin’ ann gur tháinig ceann Peter Butler i Muirfield i 1973 agus ó shin níl sé tarlaithe ach cúig huaire eile.

Maidir leis na scramairí, tugann na fíricí le fios go mbíonn 12,000 cluiche gailf ar an meán imeartha ag a leithéidí a mbíonn sé le rá acu go bhfuil an t-éacht déanta acu.

Ná caill do mhisneach go fóilleach. Dornán blianta ó shin in California thug Elsie McLean agus cúpla cara dá cuid faoi bhabhta imeartha mar a dhéanann siad chuile sheachtain. Ar an 4ú poll (Par 3, 100 slat) thug Elsie cnag den mhaide mór don liathróid a d’imigh síos le fána agus nár chónaigh go ndearna sí ‘plap’ síos sa bpoll. An chéad uair an gaisce a bheith déanta ag Elsie a bhí ag imirt ó bhí sí scór agus a bhí 104 bliain d’aois ag an am.

Cúpla seachtain ó shin i Herefordshire Shasana chuaigh Freddy Gage, seacht mbliana d’aois, agus roinnt dá chomhghleacaithe chuig rang teagaisc den chéad uair ar cúrsa Knebworth. Chaith a n-oiliúnaí tamall á dteagasc maidir le breith ar na maidí agus conas iad a luascadh. Ansin le blaiseadh níos fearr a thabhairt dóibh lean siad  amach ar an gcúrsa é chuig poll uimhir 6 – Par 3, 100 slat eile. D’ardaigh iarracht Freddy go gleoite san aer agus ba mhór an spórt an ceol a bhain sí as an gcupáinín stáin nuair a thuirling sí tar éis dó liathróid a bhualadh den chéad uair riamh ar chúrsa gailf.

Ní bheidh aon aitheantas oifigiúil le fáil ag iarracht Freddy Gage mar sin féin mar go bhfuil rialacha daingne leagtha síos don ghaisce. Ní mór don ghalfaire a bheith i mbun babhta imeartha atá 9 bpoll ar a laghad (Freddy dícháilithe); ní ceadmhach dóibh ach liathróid amháin a bheith á húsáid acu (bíonn faisean ag galfairí aonair cúpla ceann a bhualadh ar mhaithe le cleachtadh) agus ní mór do chomrádaí imeartha amháin ar a laghad an t-éacht a bheith feicthe acu.

Díol trua mar sin é John Murphy a shocraigh beagán cleachtaidh a dhéanamh leis féin ar an 5ú poll ar chúrsa gailf Wil-Mar in Carolina Thuaidh i 1982, áit ar neadaigh  ceann de na liathróidí a bhuail sé díreach sa bpoll.

Ar fhilleadh dó go dtí an clubtheach d’eachtraigh Mac Uí Mhurchú a raibh déanta aige dá chuid comrádaithe a bhí ag diúgadh ansiúd – cuid mhaith acu den tuairim go mba ag áibhéil a bhí sé.

‘Teannaim oraibh amach mar sin go ’speánfaidh mé daoibh,’  a deir John. Nuair a shroicheadar an láthair, leag sé liathróid eile ar an talamh, tharraing snaidhm agus den dara huair in imeacht 10 nóiméad, thaistil an bobailín beag bán an 175 slat gur leaindeáil sí sa bpoll!

Fág freagra ar 'Cleachtadh a dhéanann máistreacht – ‘teannaim oraibh amach go ’speánfaidh mé daoibh!’'

  • Learraí

    Cén dochar a dhéanann na mílte míle liathróidí gailf sin a shúncáiltear sna farraigì agus sna haibhinte ar fud an domhain? An-chuid de na galfchúrsaí sin is cois cósta atá siad nó gar d’aibhinte. Is ar cheann tíre a ndearnadh príobháidiú air atá Cionn tSáile ó dheas, cuirim i gcás, ní áirìm galfchùrsa an Trumpaigh i gCo an Chláir.