Clár tábhachtach tráthúil a bhí i Storm Front in Mayo

Saothar ab ea Storm Front in Mayo ar RTÉ a rinne taifead ar thoise Éireannach ar leith den Dara Cogadh Domhanda

Clár tábhachtach tráthúil a bhí i Storm Front in Mayo

Bhí searmanais shollúnta againn Déardaoin seo caite do chomóradh 75 bliain ionradh D-Day. In ómós na hócáide bhí clár faisnéise speisialta ag RTÉ le héachtaint a thabhairt ar an mbaint a bhí ag ceantar Gaeltachta le heachtraí cinniúnacha sa Normainn (Storm Front in Mayo – The Story of the D-Day Forecast, RTÉ1, Déardaoin). 

I 1942, agus an Dara Cogadh Domhanda faoi bharr lasrach, thaistil Maureen Flavin (Sweeney ó phós sí) ó Chiarraí go dtí an Fód Dubh i Maigh Eo le post a ghlacadh san oifig poist áitiúil. Thóg sé dhá lá go leith uirthi an t-aistear a dhéanamh. Níor thuig sí go raibh cúraimí mar fhaisnéiseoir aimsire mar chuid dá post. Níor thuig sí ach an oiread go mbeadh tionchar mór ag a cuid oibre ar ionradh D-Day dhá bhliain ina dhiaidh sin.

Labhair Maureen, atá sé bliana déag le cois na ceithre scór, linn go deisbhéalach, pointeáilte i rith an chláir. Ba é a hionchur siúd buaicphointe an chláir seo le Gerry Gregg agus tá sé iontach go bhfuil a scéal curtha ar an taifead. Dhein sí trácht ar na cúraimí aimsire a bhíodh uirthi agus nuair a thuig na húdaráis i gceart an tábhacht a bhain le léamh aimsire an Fhóid Duibh bhí ar Mhaureen tuairiscí a sholáthar gach aon uair an chloig. Scéal grinn aici faoin lá go raibh sí i ngalar na gcás mar go raibh sé ag dul di treo na gaoithe a léamh i gceart.

Ghlaoigh sí ar an nGarda Cósta agus smut den anbhá ag teacht uirthi. Ní róbhuíoch a bhí sé siúd; é díreach éirithe as an leaba, dar le Maureen. D’fhiafraigh sí de cén treo a bhí an ghaoth ag séideadh. ‘Arseways’ a deir mo dhuine. B’in sin. Ní dóigh liom gur cuireadh an tuairisc sin go Sasana.


‘Storm Front in Mayo’ – an bhean óg ar an bhFód Dubh a bhí lárnach i roghnú D-Day


Go luath ar an 3 Meitheamh 1944, agus an bhliain is fiche díreach cnagtha aici, sheol Maureen tuairisc ar aghaidh go raibh comharthaí drochaimsire le sonrú. Chuir an tuairisc bóthar fadálach di ón bhFód Dubh go Béal an Átha agus as sin go Baile Átha Cliath agus Dunstable i Sasana mar a bhfuair ceann feadhna na réamhaisnéise aimsire, James Stagg, greim uirthi.

Cinneadh an t-ionradh, a bhí beartaithe don 5ú lá, a chur ar athló. Bhí Eisenhower, Montgomery agus a gcomhghleacaithe i ngalar na gcás, mar mura ndéanfaidís an ruathar go luath bheadh orthu an rud ar fad a chur siar ar feadh coicíse. An 4 Meitheamh tháinig tuairisc ó Mhaigh Eo a thug le fios go dtiocfadh sámhnas ar an aimsir ar feadh scaithimh ar an Máirt 6 Bealtaine. Cinneadh tabhairt faoi. Bhí an buille buailte agus an gaiste tabhartha.

Tá i bhfad níos mó ná scéal Mhaureen sa chlár seo, áfach. Thug staraithe cuntas ar cé chomh casta is a bhí sé Oibríocht Overlord a chur i gcrích. Bhíothas ag iarraidh tuairim is 160,000 saighdiúir a sheoladh chun na Fraince in aon ruathar amháin; 28,000 ón aer agus 130,000 ar muir.

Tugadh spléachadh ar theicneolaíocht réamhaisnéise na linne; dhá chóras dhifriúla á n-úsáid ag na Meiriceánaigh agus na Sasanaigh. Na Gearmánaigh oilte ar an gcúram ach gan aon fhearas acu san Atlantach a dhéanfadh léamh ar an aimsir ansan. Ina fhianaise sin ar fad ní haon ionadh go raibh tábhacht thar na bearta leis na tuairiscí ón gCiarraíoch a bhí buailte fúithi ar chósta iargúlta na hÉireann, 500 míle ó láthair an chogaidh. 

Deineadh cíoradh chomh maith ar neodracht na hÉireann i rith na tréimhse. De Valera ag siúl ar an tanaí agus Éire ag tacú go ciúin leis na comhghuaillithe, ó thaobh na réamhaisnéise agus nithe eile, ach ag fógairt na neodrachta go poiblí ag an am céanna. Sin ar fad gan trácht ar an 70,000 Éireannach a bhí i bhfórsaí na Ríochta Aontaithe agus an 100,000 duine a bhí ag obair i dtionscail na cogaíochta.

Lena chois sin ar fad thug gariníon Eisenhower, Susan, léargas dúinn ar shaoiste an ionraidh. Go deimhin bhí meitheal bhreá de chloigne cainte bailithe isteach. Ina measc bhí an meitéareolaí Gerald Fleming, an t-iriseoir David McCullagh agus iarshaighdiúir de chuid D-Day, Joe Cantini, fear atá sé bliana déag le cois na ceithre scór. ‘Maureen Mayo’ a bhaisteann sé siúd go ceanúil ar bhean na haimsire.

Cé go bhféadfaí scéal Mhaureen a insint i gclár leathuair an chloig, b’fhiú an uair an chloig le cíoradh a dhéanamh ar na nithe eile. Clár tábhachtach tráthúil; saothar a dhéanann taifead ar thoise Éireannach ar leith den Dara Cogadh Domhanda.

Fág freagra ar 'Clár tábhachtach tráthúil a bhí i Storm Front in Mayo'