Clár, leabhar, albam nó podchraoladh nua uait?  Tá roinnt moltaí ag Tuairisc… 

Sa cholún nua seo tá moltaí ag meitheal Tuairisc faoi na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh

Clár, leabhar, albam nó podchraoladh nua uait?  Tá roinnt moltaí ag Tuairisc… 

Leabhair

Stair agus spás

Russia: Revolution and Civil War 1917-1921
Antony Beevor

(Weidenfeld)
Bádh B’fhéidir
Seán Ó Muireagáin

(Éabhlóid)

Tá aithne mhór ag an tsaol liteartha ar Antony Beevor mar staraí a bhfuil leabhair théagartha ar chathanna móra na hEorpa san aois seo caite scríofa aige. Seo anois leabhar tathagach eile dá chuid – Russia: Revolution and Civil War 1917-1921 (Weidenfeld) – agus beagnach 600 leathanach ann. Cuireann sé síos go mion ar eachtraí móra na tréimhse – ar an doirteadh fola gan stad gan staonadh, ar shléacht nach gcreidfeá, ar mhíthrócaire maslach trúpaí ar an chosmhuintir. Agus cogadh eile ar siúl san Úcráin anois, tugann sé léargas nua ar an tseandóigh scáfar a réitíodh fadhbanna polaitíochta sa taobh sin den domhan.

Mura bhfuil spéis i stair agat, cad é faoi spás, an teorainn deiridh? Bhain Eoghan Mac Giolla Bhríde clú amach dó féin leis an tsárchnuasach gearrscéalta, Cnámh (Éabhlóid). Mar fhoilsitheoir atá sé ag feidhmiú an iarraidh seo agus é ag cur leabhar nua ficsean eolaíochta ar fáil, Bádh B’fhéidir (Éabhlóid). Seán Ó Muireagáin as Béal Feirste a scríobh agus gealltar “scéalta samhlaíocha … saolta osréalacha … saolta diostóipeacha agus barbartha”.

Freangluas chun na siopaí leat!

Pól Ó Muirí

Teilifís

Trua nach raibh a leithéid ar fáil agus mise i mo dhéagóir

Heartstopper
Netflix

Scéal simplí grá is ea é seo, bunaithe ar úrscéalta grafacha Alice Oseman, a thugann léargas ar dhuine óg a bhfuil guthán cliste ina ghlac aige. Téann sé i ngleic le ‘polaitíocht na bpóg’ (cén uair ba chóir ‘x’ a chur ag deireadh téacs!), agus an crá croí a bhaineann le ‘Typing…’ a fheiceáil faoi theachtaireacht nach dtagann. Úsáidtear eilimintí cartúin i stíl an úrscéil ghrafaigh chun mothúcháin na ndéagóirí a léiriú, agus athshamhlaítear imní na gcarachtar le scagairí dorcha.

Tá na carachtair agus an caidreamh a bhíonn acu lena chéile agus leo féin casta, áfach. Cuirtear ar ár súile dúinn íogaireacht agus meidhir an chairdis agus an chéad ghrá. Chuirfeadh radharcanna áirithe sclimpíní croí ort – pógann beirt chailíní a chéile go poiblí den chéad uair, soilse ildathacha ag lonrú ina dtimpeall. Caitear súil ar an tsochaí freisin – cuardaíonn déagóir faiteach freagraí ar líne, áit a bhfuil ailt nimhneacha faoin bpobal LADT, agus eolas faoi theiripe tiontaithe ar fáil go forleathan.

Ar an iomlán is clár croíúil é seo lán le háthas aiteach agus ceachtanna faoin bhféiniúlacht agus forbairt ár sochaí. An t-aon aiféala atá orm ná nach raibh a leithéid ar fáil agus mise i mo dhéagóir!

Emma Ní Chearúil

Podchraoltaí

Comhrá le Tomás

Agus na craobhacha peile agus iomána faoi lán seoil, is iomaí podchraoladh atá ar fáil chun anailís a dhéanamh ar eachtraí móra an deireadh seachtaine ach ní hin atá i gceist le Comhrá le Tomás, atá tar éis filleadh do shéasúr eile.

Tá cáil an rógaire ar Thomás Ó Sé agus is maith é iarimreoir Chiarraí chun scéalta barrúla a mhealladh. Ní minic a chloistear leithéidí Noel O’Leary, Declan Meehan ná Colin Corkery ag insint scéalta ón sean-am ach d’éirigh le fear Ard a’ Bhóthair tathant orthu.

Sa chéad eagrán den séasúr is deireanaí, labhair Tomás le rógaire eile, iarchúl báire Ard Mhacha Benny Tierney. Déantar cur síos le linn an chomhrá ar laethanta Tierney leis an gcontae agus ar an dianchoimhlint a bhí eatarthu féin agus Tír Eoghain. Is léir nach raibh an ghráin ag Tierney ar chuile dhuine d’fhir na láimhe deirge mar bhí cur síos aige ar mhaidin áirithe sa choláiste nuair a dhúisigh sé agus Dia féin, Peter Canavan, taobh leis sa leaba.

Ná bí ag súil le haon cheisteanna crua ach lig don spochadh agus don mhagadh fonn gáire a chur ort.

Pádraic Ó Ciardha

Ceol

IMLÉ ildánach chugainn arís

Fáilte Isteach
Imlé

Tá an dara halbam eisithe ag IMLÉ, Fáilte Isteach. Mar is iondúil leis an ghrúpa ildánach seo, tá meascán aoibhinn de stíleanna le mothú ó thús go deireadh an cheirnín. Tá atmaisféar bagrach fite fuaite le liricí mothúchánacha fríd an albam uilig, ag cruthú teannas sultmhar do na héisteoirí. Is bailiúchán é an t-albam seo den mhéid atá cruthaithe ag an ghrúpa le blianta beaga anuas, agus is blaiseadh iontach iad na réamhshingilí a chuala muid go dtí seo de na traiceanna úra atá le cloisteáil ar Fáilte Isteach.

Má bhí tú tógtha leis an chomhshaothar idir IMLÉ agus Róisín Seoighe, Éad, a eisíodh anuraidh, bainfidh tú sult as Cathain a d’fhill tú ó Shasana, léiriúchán mothúchánach ar an cheangal a chailltear nuair a scarann beirt a raibh a saoil go hiomlán nasctha tráth. Is léargas álainn é Do Chuid Jeans ar na gnáthrudaí a éiríonn an-ghleoite agus tú i ngrá, agus tá Hop Scip Léim ina cheiliúradh reibiliúnach ar an deireadh le srianta Covid-19.

Anois, cé atá ag iarraidh dul amach ar an téar?

Póilín Nic Géidigh


Cathal Coughlan – duine d’fhíormheirligh an chultúir Éireannaigh

a hAon
Telefís

Glór ar leith ab ea glór baratóin domhain Cathal Coughlan, an cumadóir ceannródaíoch ó Chorcaigh a cailleadh an tseachtain seo in aois 61.

Is mór an chailliúint é Coughlan, fear a ndúirt John Peel faoi go mbeadh sé sásta éisteacht leis “agus an leabhar fóin féin á rá aige”.

Ba dhuine d’fhíormheirligh an chultúir Éireannaigh é, éan corr a bhainfeadh geit arís eile asat ba chuma cén aithne a chuirfeá air.

Ar na halbaim is déanaí uaidh, amhail Song of Co-Aklan (2021), léirigh Coughlan go raibh an tobar as ar taoscadh saothar iontach Microdisney agus Fatima Mansions fós ag cur thar maoil le smaointe áille aduaine.

Faoin ainm Telefís, comhghuaillíocht leis an léiritheoir mór le rá Jacknife Lee, a chuir sé amach an t-albam deireanach leis, a hAon (2022). Téann a hAon ag tochailt i stair an phopcheoil leictreonaigh chun léargas osréalach a thabhairt dúinn ar an saol mar a bhí nuair a bhí RTÉ 1 agus RTÉ 1 amháin sa treis. ‘Theocratic electropop’ ó dhiaspóra na hÉireann a thug Telefís féin ar a n-albam, agus cé sinne chun dul ag áiteamh leo?

Mar sin, mura bhfuil aon chuid de shaothar suaithinseach iontach Coughlan cloiste agat, tosaigh le a hAon agus bí ag comhaireamh siar ó sin. 

Gach seans gur mar sin ab fhearr leis féin é.

Seán Tadhg Ó Gairbhí

Fág freagra ar 'Clár, leabhar, albam nó podchraoladh nua uait?  Tá roinnt moltaí ag Tuairisc… '