Clár faisnéise taitneamhach faoi Bhanphrionsa Mhaigh Eo agus Mhonacó

 Sa chlár faisnéise dátheangach Grace Kelly: Banphrionsa Mhaigh Eo  deineadh scéal an bhanphrionsa a reic ó bhreith go bás

Clár faisnéise taitneamhach faoi Bhanphrionsa Mhaigh Eo agus Mhonacó

Bhí Grace Kelly ar dhuine de na haisteoirí ba cháiliúla le linn ré órga Hollywood. Bhí sí le feiscint ar scáileán taobh le leithéidí Gary Cooper, Clark Gable, Cary Grant, agus Bing Crosby agus bhí leithéidí Alfred Hitchcock agus John Ford mar stiúrthóirí aici. D’éirigh léi duais Oscar a ghnóthú dá ról sa Country Girl i 1955. Bhí a saol aisteoireachta in airde láin nuair a phós sí an Prionsa Rainier ó Phrionsacht Mhonacó. Mhéadaigh a cáil agus chuir sé leis an bhfinscéal agus an mistéir ina timpeall. Bhí na meáin faoi gheasa aici. Bhásaigh sí go tragóideach i 1982, tubaiste a fhágann greanta i scioból samhlaíochta an phobail í mar an duine óg álainn. Ba de bhunadh na hÉireann iad muintir Kelly rud a d’fhág an-suim ag muintir na hÉireann inti riamh anall.

Sa chlár faisnéise dátheangach Grace Kelly: Banphrionsa Mhaigh Eo (TG4, Lá Nollag) deineadh scéal a beatha a reic ó bhreith go bás. Ní hé gur tugadh aon ní suntasach nua chun solais ach gnáthaistear siar bóithrín na smaointe. An rud is suntasaí faoin saothar ná go raibh agallamh toirtiúil eisiach acu le mac Grace, an Prionsa Albert II. Labhair sé go hionraic agus ba léir gur mhór a chion ar a mháthair. Ba léir chomh maith go maireann an nasc le hÉirinn. Thug sé le fios go dtagann sé go hÉirinn go minic go fóill agus bhí sé i measc an phobail i mBaile Uí Fhiacháin i gcontae Mhaigh Eo mí na Márta 2023 nuair a nochtadh dealbh in ómós dá mháthair.

Ba as an gceantar sin muintir Uí Cheallaigh ó thús agus ag tosach an chláir tugadh cuntas ar imirce John Henry Kelly chuig Philadelphia Mheiriceá in 1867. Bhí gealadh faoi fhéin agus faoina chlann cé go raibh an frith-Éireannachas láidir go maith ag an am. D’éirigh le Jack Kelly, athair Grace, trí bhonn Oilimpeacha a chrochadh leis dá ghaiscí rámhaíochta. Bhí a dhóthain de mhaoin an tsaoil aige rud a d’fhág saol sócúil ag Grace. Tugadh go céimniúil sinn trí shaol aisteoireachta Grace agus an tslí gur chinn sí a hata a chaitheamh leis an gcúram le pósadh agus tabhairt faoi chúraimí na Prionsachta. Cuireadh abhaile orainn gur duine ar leith ba ea í, duine geanúil a raibh bá aici le daoine eile. Labhair an Prionsa Albert agus daoine muinteartha eile fúithi go fíorcheanúil. Duine uasal, stuama. Bhí an-suim aici in Éirinn agus thugadar mórán turasanna ar an tír. Blianta siar cheannaigh sí tigh is talamh a muintire i mBaile Uí Fhiacháin is é i gceist aici an tigh a athchóiriú.

Faoi mar is dual do chlár den saghas seo bhí go leor Béarla le cloisint agus fágadh faoin thráchtaireacht (le hAoife Ní Thuairisg) agus aíonna amhail Enda Kenny, an Dr. Úna Ní Bhroiméil, Sorcha Ní Ghallachóir agus an tOllamh Ríonach Uí Ógáin toise na Gaeilge a iompar. Dheineadar a gcúram go slachtmhar.

Clár faisnéise taitneamhach faoi aisteoir cumasach, banphrionsa cáiliúil agus duine stuama geanúil.

Fág freagra ar 'Clár faisnéise taitneamhach faoi Bhanphrionsa Mhaigh Eo agus Mhonacó'