Clár álainn maoithneach faoi bhláthú na Flowers a d’fhás i ngaelcholáiste

Bhí turas siar bóithrín na smaointe leis na Hothouse Flowers ag RTÉ dúinn ach ceiliúradh a bhí ann leis ar oidhreacht Choláiste Eoin

Clár álainn maoithneach faoi bhláthú na Flowers a d’fhás i ngaelcholáiste

Ba bhlianta ar leith iad 1987 agus 1988 don bhanna The Hothouse Flowers agus iad á raideadh os comhair an tsaoil mhóir. Dhein an clár faisnéise Hothouse Flowers: Stick Around and Laugh a While (RTÉ1, Dé Domhnaigh) an tréimhse sin a chíoradh mar aon le héachtaint a fháil ar shaol an bhanna sa lá atá inniu ann.

I dtosach an chláir chonaiceamar iad ar a gcamchuairt sa Ríocht Aontaithe an bhliain seo caite, camchuairt a bhí díolta amach. Iad ag baint sult as an gceol i gcónaí agus an dúil chéanna ag a lucht leanta iontu i gcónaí. De gheit deineadh sinn a sheoladh siar chuig laethanta iontacha na n-ochtóidí.

Seoladh an t-amhrán cáiliúil Don’t Go i mí Dheireadh Fómhair na bliana 1987. Cad é fothragadh i siopa HMV ar Shráid Anraí agus ina dhiaidh sin chuadar ar bhord leoraí le dreas ceoil a dhéanamh suas Sráid Uí Chonaill. Lá dár saol é. Ina dhiaidh sin tugadh cuireadh dóibh a bheith mar sheó an tsosa ag comórtas Eurofíse 1988.

Ba é Declan Lowney an stiúrthóir a bhí air sin agus d’éirigh leis maoiniú a shniogadh as an Eoraip le físeán ceoil a dhéanamh ar fud na hEorpa. Thugadar faoi dhá thír déag i gcaitheamh sé lá dhéag. Eitleán Ryanair á n-iompar saor in aisce (b’in roimh bhlianta na sprionlaitheachta). Níor chuileachta go dtí é agus dhein sé cáil na Flowers a scaipeadh. Ina dhiaidh sin bhí taispeántas ar Top of the Pops mar a d’éirigh le SBB a shlí a ghuailleáil isteach chucu agus buidéal poitín faoina ascaill aige.

Cainteoirí caithiseacha, deisbhéalacha iad Liam Ó Maonlaí agus Fiachna Ó Braonáin agus dheineadar sinn a threorú go machnamhach maoithneach umhal tríd an tréimhse sin. Ba léir go mbaineadar súp as na laethanta iontacha sin agus nach bhfuil aon lagú tagtha ar a ndúil sa cheol ná a ndlúthchairdeas ó shin.

Tráchtadh chomh ar an gcoimhthíos a deineadh leis an nGaeilge le linn na tréimhse. Ní raibh an Ghaeilge cúláilte an uair sin agus b’éin chorra iad na daoine seo a bhí ag freastal ar scoil lán-Ghaeilge. Chuimhin le Fiachna “teannas” de shaghas a bheith ann; buachaillí na Carraige Duibhe ag gabháil thar bráid le freastal ar Choláiste na Carraige Duibhe, é féin ag taisteal chuig Stigh Lorgan. Lena chois sin bhítí ag magadh faoi dhaoine nuair a bhídís ag labhairt as Gaeilge.

Ar shlí ba gheall le clár faisnéise faoi Choláiste Eoin é míreanna áirithe sa chlár. Thug Fiachna agus Liam cuairt ar a seanscoil agus mhol siad an áit go hard na spéire. B’áit í a spreag a ndúil sa Ghaeilge mar aon le féith na cruthaitheachta a spreagadh iontu. Thugas suntas do sheat teann amháin a dhírigh ar mhana a bhí greanta ar adhmad ‘Molann an obair an fear’.

Bhuail muintir Uí Shnodaigh isteach ‘an scoil chucu agus dheineadar dreas ceoil mar aon le turas a thabhairt siar bóithrín na smaointe. Clár álainn, maoithneach faoi bhláthú na Flowers agus oidhreacht Choláiste Eoin.

Fág freagra ar 'Clár álainn maoithneach faoi bhláthú na Flowers a d’fhás i ngaelcholáiste'