‘Clann muid atá briste. Tá ár gcroí cráite do d’uireasa, Ana’ – máthair Ana Kriégel

Dé Máirt seo chugainn a ghearrfar pianbhreith ar an mbeirt bhuachaillí a ciontaíodh i ndúnmharú Ana Kriégel

‘Clann muid atá briste. Tá ár gcroí cráite do d’uireasa, Ana’ – máthair Ana Kriégel

Cinneadh sa Phríomh-Chúirt Choiriúil inniu gur Dé Máirt seo chugainn a ghearrfar pianbhreith ar an mbeirt bhuachaillí a ciontaíodh i ndúnmharú Ana Kriégel, cailín 14 bliain d’aois.   

Tá an bheirt bhuachaillí atá 15 bliain d’aois anois ar a gcoinneáil ó ciontaíodh iad níos túisce sa mbliain.

Chualathas sa chúirt ráiteas tionchair íospartaigh cumhachtach mothálach ó mháthair Ana, Geraldine.

Ciontaíodh an bheirt déagóirí, Buachaill A agus Buachaill B mar atáthar a thabhairt orthu, i ndúnmharú Ana Kriégel i dteach feirme tréigthe i Leamhcán in iarthar chathair Bhaile Átha Cliath ar an 14 Bealtaine 2018.

Ciontaíodh Buachaill A i dtromionsaí gnéasach chomh maith.

Níor gearradh príosún saoil ar na buachaillí de bharr a n-óige agus cuireadh go dtí Ionad Coinneála Bhaile an Oibricigh iad fad is a bhí tuairiscí á n-ullmhú.

Lorg an Breitheamh Paul McDermott “cúnamh gairmiúil” sa gcás a bhí “an-deacair”.

Cuireadh measúnuithe síciatracha agus síceolaíochta ar fáil don Bhreitheamh McDermott Dé hAoine seo caite.

D’éist an Breitheamh inniu le fianaise maidir leis na tuairiscí sin.

Tugadh deis chomh maith do dhlíodóirí cosanta na mbuachaillí aighneachtaí a chur os comhair na cúirte maidir leis an bpianbhreith a ghearrfaí.

Níor cheadaigh an Breitheamh McDermott ach cúigear iriseoirí ag an éisteacht chúirte. Dúirt sé go bhfaca sé féin “an méid a d’fhulaing” na buachaillí de bharr an cháis agus go raibh “brú uafásach” ar na buachaillí.

Chaithfí srian a chur leis an líon iriseoirí a bheadh sa chúirt lena chinntiú nach gcuirfeadh atmaisféar na cúirte isteach ar “dhínit agus leas” na mbuachaillí ach a laghad agus ab fhéidir.

Ina ráiteas tionchair íospartaigh, dúirt máthair Ana Kriégel, Geraldine, nach raibh sa saol ach anó d’uireasa a n-iníne.

Bhí Ana “ar an bpáiste is aoibhne ar domhan”, a dúirt sí.

Dúirt sí go raibh an 10 Lúnasa 2006, an lá ar glacadh sa chúirt léi féin agus a fear céile, Patric, mar thuismitheoirí Ana, ar an lá ab fhearr ina saol.

Ní raibh aon insint béil a dúirt sí ar an méid a bhí á fhulaingt acu ná ní fhéadfaí cur síos ar an bpian agus an t-uafás a bhain leis an scéal.

“Clann muid atá briste. Tá ár gcroí cráite do d’uireasa, Ana. Tá tráma ar oiread sin daoine i saol Ana agus tromluí, strus agus imní ag cur as dóibh, ní ar dhaoine fásta amháin atá tráma ach ar pháistí nach tráma amháin atá orthu ach a bhfuil eagla a mbeatha orthu chomh maith.

“Tá Ana imithe ó na daoine sin ar fad a raibh grá acu di. Cuimhnígí ar an ngrá a bhí aici daoibh agus coinnígí an grá sin in bhur gcroí choíche. Go raibh maith agat, a Ana, as an ngrá muirneach sin a bhronnadh orainn. Braithimid uainn thú. Tá grá againn duit. Ní éireoidh le duine ar bith an méid sin a bhaint dínn,” a dúirt máthair Ana Kriégel.

Fág freagra ar '‘Clann muid atá briste. Tá ár gcroí cráite do d’uireasa, Ana’ – máthair Ana Kriégel'