Cláir TG4 ar fáil ar an RTÉ Player den chéad uair

Tá leagan nua den RTÉ Player seolta agus chomh maith le cláir TG4 a bheith ar fáil, tá leagan Gaeilge den Player ar fáil den chéad uair

Cláir TG4 ar fáil ar an RTÉ Player den chéad uair

Beidh leithéidí Ros na Rún, Saol faoi Shráid agus Gaeil UK anois le feiceáil ar an RTÉ Player agus cláir de chuid TG4 ar fáil ar an tseirbhís den chéad uair riamh.

Tá leagan nua den RTÉ Player seolta ag an gcraoltóir náisiúnta agus tá curtha go mór acu leis an méid ábhar Gaeilge a bheidh ar fáil.

Ní hamháin go bhfuil ábhar TG4 curtha leis an Player, chomh maith le cláir reatha Gaeilge RTÉ, ach tá bailiúcháin ón gcartlann curtha ar fáil freisin, agus sraitheanna ar nós Abhainn, CSÍ agus Garda ar Lár le fáil ina n-iomláine, chomh maith le cláir reatha ar nós An Geansaí agus Scannal.

Tá leagan Gaeilge den Player ar fáil anois chomh maith agus rogha teanga, Gaeilge nó Béarla, ag an úsáideoir den chéad uair riamh.

Deir Rónán Mac Con Iomaire, Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, go bhfuil sé suntasach go bhfuil an oiread sin ábhar Gaeilge anois ar fáil.

“Leis an infheistíocht atá déanta san RTÉ Player nua, feiceann RTÉ go bhfuil todhchaí roghanna féachana ag imeacht ón teilifís agus ag dul i dtreo seinnteoirí, agus tá sé thar a bheith suntasach go bhfuil an oiread ábhar Gaeilge anois ar fáil ar an seinnteoir saor in aisce is mó úsáid in Éirinn,” arsa Mac Con Iomaire.

“Is céim mhór eile freisin í ins an gcomhoibriú idir RTÉ agus TG4, agus deis eile tugtha branda agus ábhar TG4 a chur chun cinn, ag teacht sna sála ar bhranda TG4 anois a bheith lárnach ar fheasacháin Nuacht RTÉ.”

Den chéad uair freisin, níl an t-ábhar Gaeilge nasctha le hábhar reiligiúnach mar a bhíodh sa leagan deireanach den Player.

Tá leagan Gaeilge de Saorview Connect seolta ag RTÉ ina theannta sin. Tugann Saorview Connect cead do dhuine na cainéil Éireannacha a fháil ar Saorview mar is gnáth, chomh maith le cainéil shatailíte ón mBreatain agus eile.

Is féidir an idirghníomhaíocht ar fad a dhéanamh i nGaeilge anois agus an rogha chéanna tugtha ag RTÉ le aip Saorview.

Fág freagra ar 'Cláir TG4 ar fáil ar an RTÉ Player den chéad uair'