Tharla mé i bPáras an lá cheana agus bhí cúpla uair an chloig le meilt agam. D’fhéadfainn dul ag spaisteoireacht arís, seasamh sa scuaine don Centre Pompidou nó dul isteach i siopa greannán eile, ach dáiríre píre bhí fonn orm suí síos in áit éigin suaimhneach agus roinnt oibre a dhéanamh ar an úrscéal atá idir lámha agam.
Áit éigin suaimhneach i lár cheann de na cathracha is mó san Eoraip?
Tarlaíonn go bhfuil lár chathair Pháras breac le spásanna oibre comhionaid. Tithe caife iad sin a mbíonn scríbhneoirí, aistritheoirí, dearthóirí agus fánaithe digiteacha eile ag obair iontu nuair a airíonn siad comhghleacaithe uathu. Sna spásanna oibre comhionaid, bíonn comhluadar agat ach – ní hionann agus i ngnáth-thithe caife – fanann an comhluadar ina thost.
Isteach liom i spás oibre comhionaid ar an Rue Beaubourg darb ainm ‘Unicorners’. Ainm breá feiliúnach, óir ar chúinne a bhí an spás suite agus millennials a bhí i ngach uile dhuine istigh ann (mhothaigh mé féin thar a bheith xennial* ann le mo dhréacht clóite agus mo pheann gorm.)
Táille €5 a bhí ar an uair an chloig agus bhí spás oibre, wifi, oiread caife nó tae agus a d’fhéadfá a ól san áireamh, chomh maith le smailceanna ar nós humais agus cúcamair ghearrtha. Arán agus leathán cnónna coille leis, ar ndóigh: ní fhéadfadh Nutella a bheith in easnamh in áit darb ainm Unicorners.
Bhí thart ar dheichniúr eile ag obair ann ach níor chuir siad isteach nó amach orm; sáite i scáileáin a gcuid ríomhairí glúine a bhí siad, cluasáin mhóra ar chuid acu nach raibh dúil acu, b’fhéidir, sa cheol suaimhneach pianó a bhí ar siúl sa chúlra. Dáiríre ba mhór an spreagadh a gcomhluadar: daoine cruthaitheacha timpeall orm, gach duine ag obair ar a thogra féin, bhí bús san aer. Sa dá uair an chloig a chaith mé san áit, d’éirigh liom eagarthóireacht a dhéanamh ar ocht leathanach: níos mó ná an líon a chuirfinn díom sa bhaile – gan trácht ar ghnáthchaife a mbeadh na custaiméirí eile ag caint agus ag comhrá ann.
Nach iontach an coincheap é seo, a shíl mé liom féin. Nach n-éireodh go seoigh lena leithéid seo de spás i nGaillimh nó i mBaile Átha Cliath nó i gcathair éigin eile a bheadh lán fánaithe digiteacha? D’fhéadfadh duine spás oibre comhionaid a rith agus a bheith ag obair ar a chuid tograí cruthaitheacha féin ag an am céanna …
Stop! a bhéic mé liom féin, óir bhí teach caife agam cheana tráth dá raibh.
Rud amháin is ea úsáid a bhaint as a leithéid de spás, rud eile ar fad is ea a bheith freagrach as.
Xennials a thugtar i mBéarla ar an nglúin a tháinig ar an saol amach sna 1970idí agus i dtús na 1980idí, daoine nach mbaineann le glúin X ach nach mílaoisigh iad go baileach ach oiread. Níor aimsigh mé leagan Gaeilge sna foclóirí ar líne.
Mairéad Ní Nuadháin
Is cuimhin liom do chaifé breá I Sráid Dominic a Alex. Bhí sé go hálainn!
Amadáneus Mozart
Ag dul ag obair mar a mbíonn daoine eile ag dul ar saoire!