Cistiú breise d’Údarás na Gaeltachta

Tá €1 mhilliún de chistiú breise d'Údarás na Gaeltachta fógartha ag an Aire Stáit Joe McHugh.

udaras_051-1024x681

Tá sé tugtha le fios ag urlabhraí Údarás na Gaeltachta do Tuairisc.ie go bhfuil sé róluath le rá fós an leanfar leis an iarratas atá déanta ag an eagraíocht ar chruinniú práinneach le hAire agus Aire Stáit na Gaeltachta faoi mhaoiniú i bhfianaise an chinnidh a fógraíodh tráthnóna €1 mhilliún breise a cheadú don Údarás.

An tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., a d’fhógair an t-airgead breise do chiste caipitil an Údaráis don bhliain 2015.

Dúirt an tAire Stáit go raibh “lúcháir mhór” air faoin gcistiú breise agus go gcreideann sé gur “léiriú soiléir é ar thiomantas leanúnach an Rialtais seo do chruthú post agus d’fhorbairt fiontraíochta sa Ghaeltacht.”

“Níl amhras ar bith ann ná go raibh ar an Roinn seo a cuid féin de na ciorruithe a fhulaingt le cúpla bliain anuas, mar a rinne achan Roinn Rialtais. Tá lúcháir orm, áfach, go raibh muid ábalta cistiú breise a fháil don Roinn seo.”

Rinne an tAire Stáit tagairt shonrach d’ionad cultúrtha atá á fhorbairt ag Teach an Phiarsaigh i Ros Muc i gContae na Gaillimhe, mórthionscadal caipitil atá á thabhairt chun cinn mar chuid de Chlár Cuimhneacháin 2016 an Rialtais.

“Mar thoradh ar an chistiú breise seo, tá mé ag súil go mbeidh Údarás na Gaeltachta in ann cur le buiséad foriomlán an tionscadail seo, a bhfuil mo Roinnse ag soláthar €2 mhilliún de mhaoiniú dó.”

Tá fáilte mhór curtha ag Údarás na Gaeltachta roimh fhógairt an Aire agus deir sé go gciallaíonn an maoiniú breise seo go mbeidh gar do €7 milliún ar fáil don Údarás in 2015 le díriú ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le forbairt fiontraíochta agus cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht.

Dúirt Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach an Údaráis, gur céim mhór chun tosaigh í seo.

“Is vóta muiníne san Údarás an soláthar breise seo, agus san obair thábhachtach atá á déanamh ag an eagraíocht ar mhaithe le forbairt na Gaeltachta a chur chun cinn.”

“Tá an taoide á casadh anois agus tá an chéad chéim á glacadh le buiséad an Údaráis a ardú, rud a chuideoidh linn tacaíocht a chur ar fáil do thograí straitéiseacha nua in 2015.”

Dúirt Steve Ó Cúláin, Príomhfheidhmeannach an Údaráis go bhfuil “cás á dhéanamh le fada buiséid chaipitil, forbartha pobail agus pleanála teanga an Údaráis a thabhairt go leibhéal réasúnta ar mhaithe le cothú agus forbairt phobal na Gaeltachta.”

“Tá tús á chur leis an bpróiseas sin anois, agus táimid buíoch den Aire, dá fheidhmeannaigh, do bhall an Bhoird agus don Rialtas a chuidigh leis an bhfógra dearfach seo inniu don Ghaeltacht”, a dúirt sé.