Ciste €560,000 curtha ar fáil agus Cathair Saidhbhín aitheanta mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta

Ta Cathair Saidhbhín, a bheidh ag freastal ar phobal Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh, anois ar an ochtú baile atá aitheanta mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta

Ciste €560,000 curtha ar fáil agus Cathair Saidhbhín aitheanta mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta

Tá breis is leathmhilliún euro ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta chun an Ghaeilge a chur chun cinn i gCathair Saidhbhín agus an baile i ndeisceart Chiarraí aitheanta mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta.

D’fhógair an tAire Stáit Patrick O’Donovan ar maidin go bhfuil an plean teanga a réitíodh do Chathair Saidhbhín faoin bpróiseas pleanala teanga anois ceadaithe agus ciste €560,000 le cur ar fáil thar thréimhse seacht mbliana chun é a chur i bhfeidhm.

Bainfear úsáid as an maoiniú chun oifigeach pleanála teanga a fhostú agus spriocanna eile atá sa phlean a chur i gcrích.

“Ba mhaith liom tréaslú le Comhairle Contae Chiarraí a ghlac leis an ról mar cheanneagraíocht ar an gcúram seo i gcomhar le páirtithe leasmhara go háitiúil,” a dúirt an tAire Stáit O’Donovan agus an ciste fógartha aige.

“Tréaslaím freisin le gach duine a bhí bainteach leis an bplean teanga a chur le chéile don bhaile. Ach an oiread leis na pleananna eile ar fad atá ceadaithe roimhe seo, tabharfar deiseanna do phobal an bhaile an Ghaeilge a chur chun cinn go háitiúil. Tacóidh ceadú an phlean seo le cur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga i gCathair Saidhbhín agus i nGaeltacht Chiarraí trí chéile.”

Tá Cathair Saidhbhín, a bheidh ag freastal ar phobal Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh, anois ar an ochtú baile atá aitheanta mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta.

Tá 37 plean teanga san iomlán ceadaithe faoin bpróiseas ar cuireadh tús leis naoi mbliana ó shin. Tá pleananna ceadaithe do gach ceann den 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta, chomh maith le pleananna do thrí Líonra Gaeilge – Inis, Baile Locha Riach agus Cluain Dolcáin.

Tá pleananna teanga á n-ullmhú i thrí Bhaile Seirbhíse Gaeltachta eile faoi láthair – Cathair Chorcaí, Baile an Róba agus An Clochán agus tá pleananna neamhreachtúla ceadaithe ag Foras na Gaeilge i leith dhá Líonra Gaeilge ó thuaidh, in Iarthar Bhéal Feirste agus Carn Tóchair.

Fág freagra ar 'Ciste €560,000 curtha ar fáil agus Cathair Saidhbhín aitheanta mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta'