Cíoradh spéisiúil ag TG4 ar an gcumannachas in Éirinn

Saothar machnamhach a thugann cuntas ar ghluaiseacht ar leith i dtréimhse chorraitheach é ‘Reds na hÉireann’

Cíoradh spéisiúil ag TG4 ar an gcumannachas in Éirinn

Le seatanna aeir de thithe i mBaile Átha Cliath á dtionlacan ag ceol Rúiseach ón Alexandrov Ensemble cuireadh téama Reds na hÉireann (Dé Céadaoin, TG4) abhaile ar an lucht féachana ó thús an chláir. Tugann an saothar uair an chloig seo cuntas ar an bPáirtí Cumannach ó na seascaidí go dtí gur thit an tAontas Sóivéadach as a chéile i 1991.

“Maireann daoine i smaointe chomh maith le háiteanna,” a deir Sinéad Morrissey linn, bean a raibh a muintir sáite sa ghluaiseacht Chumannach le glúnta. Ba phointeáilte an cur síos é agus tháinig an téama sin chun cinn i measc na rannpháirtithe go minic.  Gan amhras táthar ann a bhfuil col acu le prionsabail agus cleachtais na gluaiseachta agus údar acu. Ag an am céanna bhí idéalachas le sonrú i measc na rannpháirtithe. Iad go láidir den tuairim go bhféadfadh an Cumannachas athrú substaintiúla eacnamaíocha a thabhairt ar an bport a rachadh chun leasa na ngnáthdhaoine. É sin agus flosc is fuinneamh na hóige á dtiomáint chun gnímh.

Meabhraíodh dúinn go raibh cúrsaí polaitiúla cortha go maith sna seascaidí agus seachtóidí. Caipitleachas an iarthair in adharca chumannachas an Aontais Shóivéadaigh is a chomhghleacaithe. Grúpaí réabhlóideacha ag teacht chun cinn in áiteanna ón Ailgéir go Cúba agus ó Vítneam go dtí an Congó. Bhí tíortha san Eoraip amhail an Fhrainc is an Iodáil suaite go maith freisin.

Ní raibh an páirtí Cumannach riamh mór in Éirinn ná níor imir sé tionchar mór ar chúrsaí polaitíochta. Fuair na baill sásamh as a bheith mar chuid de ghluaisteacht mhór dhomhanda, gluaiseacht a n-éireodh léi athruithe chun feabhais a dhéanamh, dar leo.  Cad é cruinnithe agus óráidí i measc lucht na gluaiseachta. “Is geall le seomra ranga don sóisialachas é seachas ceárta réabhlóide,” a deir Bill O’Herlihy go seanbhlastúil i dtuairisc amháin faoi chruinniú Cumannach.

Tráchtadh ar naisc is scoilteanna a bhain leis an ngluaiseacht Phoblachtach agus an choimhlint leis an eaglais Chaitliceach agus an tsochaí choimeádach a bhí faoi bhois an chait aici. Labhair breis agus deichniúr linn faoina n-eispéiris agus a ndearcadh saoil, breis agus leath ag labhairt as Béarla. Bhí ionchur deisbhéalach, ionraic as Gaeilge againn ó leithéidí Eoin Uí Murchú agus Fergus Whelan agus bhí tráchtaireacht dhrámatúil againn ó Daracha Nic Philibín.

Iad ar fad tiomanta do shochaí níos cothroime a bhaint amach agus an rachmas a roinnt ar mhaithe leis an oibrí bocht. Gan amhras, ba bhuille tubaisteach don eagraíocht é cliseadh an Aontais Shóivéadaigh.

Shleamhnaigh daoine ón bpáirtí i gcaitheamh na mblianta ach ní hin le rá nach bhfuilid dílis dá prionsabail i gcónaí. Dúirt Mick O’Reilly linn ag deireadh an chláir go bhfuil an ghoimh chéanna air anois is a bhí na blianta úd óir go bhfuil na coinníollacha ainnise a spreag chun gnímh é an chéad lá fós ann.

Saothar machnamhach a thugann cuntas ar ghluaiseacht ar leith i dtréimhse chorraitheach.

Fág freagra ar 'Cíoradh spéisiúil ag TG4 ar an gcumannachas in Éirinn'