Cinntí móra le déanamh ag Sasana agus an Spáinn roimh chluiche ceannais an Choirn Dhomhanda

Tá cúpla cinneadh mór le déanamh ag bainisteoir Shasana agus bainisteoir na Spáinne roimh an gcluiche ceannais

Cinntí móra le déanamh ag Sasana agus an Spáinn roimh chluiche ceannais an Choirn Dhomhanda

Beidh buaiteoir nua againn i gCorn Domhanda na mBan amárach, Dé Domhnaigh, agus an Spáinn agus Sasana ag fáil réidh le himirt sa chluiche ceannais i Sydney.

Ba cheart go mbeadh coimhlint ghéar go maith againn, mar a bhí i bhformhór na gcluichí móra le linn an chomórtais agus tá cinntí deacra le déanamh ag an mbeirt bhainisteoirí.

I gcás Shasana, tá ceist ann ar cheart Lauren James a thabhairt isteach ar an bhfoireann arís agus an tréimhse fionraíochta, a gearradh uirthi de bharr cárta dearg a fuair sí in aghaidh na Nigéire, istigh aici.

Tá tuairim ann gur cheart James a fhágáil ar an mbinse ó tharla go bhfacthas péire de na taispeántais is cumasaí ó Shasana sna babhtaí ceathrú ceannais agus leathcheannais, nuair nach raibh James ar fáil, ach bhí tosach Chelsea ag imirt chomh maith sin ag tús an chomórtais go gcuirfinn ar ais ar an bhfoireann í don chluiche ceannais.

Scóráil Ella Toone an cúl iontach sin in aghaidh na hAstráile Dé Céadaoin ach seachas sin níor mheas mé gur imir sí chomh maith sin do Shasana ó tugadh isteach í in áit James. D’fhéadfadh Wiegman dul sa seans agus James a fhágáil ar an mbinse agus í a thabhairt isteach níos déanaí sa chluiche ach bheinnse á cur isteach ón tús amárach.

Tá cinneadh le déanamh freisin ag bainisteoir na Spáinne, Jorge Vilda. Fuair an déagóir Salma Paralluelo cúil chinniúnacha nuair a tháinig sí isteach mar ionadaí sa chluiche ceathrú ceannais in aghaidh na hÍsiltíre agus arís sa chluiche leathcheannais in aghaidh na Sualainne.

Caithfidh Vilda anois a mhachnamh a dhéanamh cé acu an bhfuil sé ag iarraidh Paralluelo a thabhairt isteach ón tús nó leas a bhaint as an luas dochreidte atá inti a níos déanaí sa chluiche. Thosaigh sí an chéad cheithre chluiche ag an Spáinn ag Corn Domhanda na mBan, rud a léiríonn nach bhfuil aon drogall ar an mbainisteoir í a chur isteach ón tús agus sílim go gcuirfidh Vilda isteach ón tús í arís agus é ag iarraidh uirthi an luas sin atá aici a úsáid in aghaidh Millie Bright Shasana.

B’fhéidir gurb í Alexia Putellas a chaillfeadh amach má dhéantar an cinneadh sin ach léiríonn sin an cumas atá i scuad na Spáinne. Beidh leathbhádóir Putellas le Barcelona, Aitana Bonmatí, ag stiúradh cúrsaí don Spáinn i lár na páirce agus beidh an choimhlint idir ise agus Keira Walsh, a dhéanann an rud céanna do Shasana, thar a bheith suimiúil. Tá siadsan ar bheirt de na himreoirí lár páirce is fearr ar domhan agus beidh a gcuid imeartha anocht lárnach i scéal an chluiche ceannais seo.

Beidh formhór na seilbhe ag an Spáinn, mar a bhíonn de ghnáth, ach beidh Sasana sásta dul ar an bhfrithionsaí le leithéidí Lauren Hemp, Alessia Russo agus Ella Toone, nó Lauren James, mar a rinne siad i dtreo an deiridh in aghaidh na hAstráile, nuair a scóráil Hemp agus Russo a gcúl.

Seo an chéad chluiche ceannais riamh ag mná na Spáinne i mórchomórtas ach tá taithí mhaith ag foireann seo Shasana. Bhuadar Craobh na hEorpa anuraidh, ar ndóigh, ach ócáid mhór a bhí sa chluiche leathcheannais sin in aghaidh na hAstráile chomh maith agus slua ollmhór i láthair. Níor cheart go gcuirfeadh an brú a bhaineann leis an gcluiche ceannais isteach rómhór orthu.

Tá Sarina Wiegman, an bainisteoir is fearr ar domhan ag Sasana chomh maith, agus sílim féin go mbeidh sé sin cinniúnach. Tá an cluiche ceannais ag mórchomórtas idirnáisiúnta bainte amach anois aici den cheathrú huair as a chéile. Roimh di post a fháil le Sasana, bhain sí amach cluiche ceannais Chorn Domhanda na mBan leis an Ísiltír in 2015 agus bhuaigh sí Craobh na hEorpa lena tír dhúchais in 2017.

Ar an taobh eile, tá achrann agus aighneas leanúnach i gcampa na Spáinne idir na himreoirí agus a mbainisteoir Vilda. Is léir nach bhfuil muinín acu uile sa bhainisteoir agus tá daoine sa Spáinn a thacaíonn leis na himreoirí ach nach bhfuil ag iarraidh go mbuafadh an Spáinn amárach toisc go mbeadh sé níos deacra ansin fáil réidh le Vilda.

Má bhíonn Sasana i mbláth a maitheasa, beidh na Spáinnigh i dtrioblóid.

Fágfaidh an Astráil slán leis an gcomórtas seo inniu agus iad ag imirt in aghaidh na Sualainne sa chluiche don tríú háit. Tá súil agam go mbeidh slua mór i mBrisbane chun tacaíocht a thabhairt do na Matildas i ndiaidh dóibh gaisce a dhéanamh sa chomórtas.

Bhí sé iontach Sam Kerr a fheiceáil ag scóráil an chúil iontaigh sin in aghaidh Shasana sna babhtaí leathcheannais. Rinne Kerr, agus í ag tosú ina céad chluiche sa chomórtas seo, difríocht mhór ach níor leor é sa deireadh. Beidh deis amháin eile ag an tosach is fearr ar domhan inniu le slua an bhaile a chur ag ceiliúradh.

Fág freagra ar 'Cinntí móra le déanamh ag Sasana agus an Spáinn roimh chluiche ceannais an Choirn Dhomhanda'