Cinnéideach eile sa tóir ar ainmniúchán don Uachtaránacht

Tá luí ag Robert F. Kennedy Jnr. leis an bhfealsúnacht liobrálach, ach tá codanna eile dá chuid fealsúnachta thar a bheith conspóideach

Cinnéideach eile sa tóir ar ainmniúchán don Uachtaránacht

“If your name was Edward Moore, your candidacy would be a joke.” Ag ócáid toghchánaíochta i mBoston 61 bliain ó shin a caitheadh an chaint sin. Tá cuimhne ar na focla i stair agus i mbéaloideas na polaitíochta i Massachusetts agus i Meiriceá fós.

Bhí Seanadóir le cur go Washington leis an suíochán a bhí ag John Fitzgerald Kennedy a líonadh, ó bhí Uachtaránacht Mheiriceá buaite aigesean. Socraíodh go gcuirfí a dheartháir Edward Moore Kennedy (Ted Kennedy) san iomaíocht. Bhí greim docht ag sliocht mhuintir na hÉireann ar go leor den pholaitíocht i mBoston san am. Bhí fear eile de shliocht na hÉireann as South Boston den bharúil go raibh lorg a láimhe níos feiceálaí ar an gcathair agus ar shaol an cheantair ná Edward Moore Kennedy.

Thug Ed McCormack, polaiteoir aitheanta as South Boston, faoin toghchán agus thug sé faoin gCinnéideach é. Ag díospóireacht phoiblí toghchánaíochta scaoil McCormack leis an armlón. Arsa seisean le deartháir an Uachtaráin: “If your name was Edward Moore, your candidacy would be a joke!” Ní raibh aon bhaint phraiticiúil ag Ted Kennedy le saol Bhoston; bhí sé óg agus go leor le foghlaim aige. Ach bhí an t-ainm agus an sloinne go maith. Kennedy.

Tharla sé, ar ndóigh – beag beann ar chonspóidí móra le linn a shaoil – go raibh Ted Kennedy cumasach mar Sheanadóir; b’fhéidir go mbeadh sé ina Uachtarán ar Mheiriceá mura tragóid Chappaquiddick. Bhí na Cinnéidigh luaite i gcónaí mar dhaoine a raibh suim acu sa bpolaitíocht, agus san Uachtaránacht.

Beidh duine acu, gan choinne, ag tabhairt iarraidh faoi ainmniúchán na nDaonlathach don toghchán Uachtaránachta arís agus chuir sé é féin i láthair an tsaoil i mBoston an tseachtain seo. D’fhógair Robert F. Kennedy Jnr. in Óstán an Boston Plaza go raibh sé san iomaíocht. Tháinig sé aniar in aon turas as a áit chónaithe i gCalifornia leis an bhfógra a thabhairt. Sé Boston baile spioradálta agus polaitíochta na gCinnéideach, a deir sé. B’fhachtas dó gur ansin ba cheart tosú amach ar an gcúrsa.

Cé hé Robert Kennedy Jnr?

Aithneofar i gcónaí é mar mhac le Robert Kennedy, iarArd-Aighne Mheiriceá. Feallmharaíodh Robert Kennedy in Los Angeles i 1968 agus é ag fiach ar ainmniúchán na nDaonlathach do thoghchán na hUachtaránachta. Dá réir sin uilig, tá cúlra stairiúil teaghlaigh Robert F. Kennedy Jnr – a athair ina Ard-Aighne ar Mheiriceá, uncail leis ar dhuine de na Seanadóirí ab fhaide a thug seirbhís in Washington, agus uncail leis ina Uachtarán ar na Stáit Aontaithe.

Ag labhairt dó sa Park Plaza, dúirt Robert F. Kennedy Jnr. go gcaithfí stop a chur leis an gceangal láidir atá á chothú, dar leis, idir lucht rialaithe na tíre agus an earnáil airgeadais agus gnó sna Státaí. Is gearr nach mbeidh siad le n-aithneachtáil thar a chéile, a deir sé. Ina chuid cainte, tá Robert F. Kennedy Jnr. ar an téad chéanna, ar bhealaí, lena uncail, an Seanadóir Ted Kennedy, agus luí aige le fealsúnacht liobrálach. Ach, tá codanna eile dá chuid fealsúnachta thar a bheith conspóideach. Tharraing sé anuas cuid de sin an lá cheana.

In óstán an Boston Plaza, dúirt Robert Kennedy Jnr. go gcaithfí stop a chur le hearraí leighis ‘nimhneacha’ atá ag ‘milleadh’ sláinte an chine dhaonna agus ag déanamh dochair do shláinte ghlúin óg na cruinne. Bhí an Cinnéideach, ata 69 anois, ag teacht gar do cheann de na hábhair is gaire dá chroí: bhí sé go láidir in aghaidh vacsaíní in aghaidh an ghalair Covid-19. Throid sé feachtas poiblí ina n-aghaidh agus cháin sé na beartais sláinte phoiblí le linn na géarchéime. Scríobh sé leabhar inar cháin sé go láidir an Dr Anthony Fauci, iarcheannasaí seirbhísí sláinte na Stát Aontaithe. Bhí an leabhar sin ar cheann de na foilseacháin ab fhearr a dhíol cóipeanna ar fud na Stát.

Glactar leis go bhfuil daoine ann a chreideann an scéal atá á chraobhscaoileadh ag Robert F Kennedy Jnr. ach tá na milliúin freisin atá ar mhalairt tuairime agus tá cuid de theaghlach an Chinnéidigh féin ina measc siúd. Tá labhartha amach faoin ábhar ag a mháthair, Ethel agus tá baill eile teaghlaigh tar éis cáineadh poiblí a dhéanamh ar a dhearcadh i leith vacsaíní. Ní rabhadar ag an ócáid in óstán an Park Plaza cé go raibh roinnt dá dhaoine muinteartha ansin.

An ndéarfadh Ed McCormack – dá mbeadh sé ina bheatha anois – agus tuilleadh de pholaiteoirí Bhoston gur ‘joke’ é iarrthóireacht Robert F. Kennedy Jnr? B’fhéidir – agus b’fhéidir go mbeadh an ceart acu. Ní chuidíonn a chúlra pearsanta leis, ar bhealaí. Deirtear gur ól sé boslach maith alcóil agus go raibh tóir aige ar na mná. Ar ndóigh, ní scéal nua é sin maidir leis na Cinnéidigh.

Is í an cháil is mo atá air i measc aicmí áirithe ná a chuid oibre mar dhlíodóir i réimse na timpeallachta.

Ach céard faoin ainm? Kennedy?

Is í an fhianaise is fearr atá againn nach bhfuil aon draíocht ag baint ag an tráth seo i bpolaitíocht Mheiriceá le hainm na gCinnéideach ná cás Joseph Kennedy III – an tríú Joseph Kennedy agus garmhac le Robert Kennedy. Thriail Joseph Kennedy III an Seanadóir Joseph Markey, duine de bheirt Seanadóirí Mhassachusetts in Washington, a chur as a bhróga roimh thoghchán Seanaid 2020. Bhí gealladh go leor faoi Joseph Kennedy III. Bhí sé ina Fheisire Comhdhála in Washington san am. Bhí bua na gCinnéideach ó thaobh pearsantachta aige, suáilceas lena chois sin agus mullach rua gruaige air. Ach chuir Markey, a bhí 74 san am, a chosa i dtaca, bhuaigh sé na réamhthoghcháin agus an toghchán iomlán agus rinne a bhealach ar ais go Washington.

Ar na saolta seo, tá Joseph Kennedy III ina chomhairleoir eacnamaíochta do Thuaisceart Éireann ag Rialtas Mheiriceá – ról tábhachtach ach ní hé sin an ceann a bhí uaidh.

I mbeagán focal, is díol spéise é go bhfuil Cinnéideach sa rás mór polaitíochta sna Stáit. Beidh stáitse aige ar feadh tamaill ag craobhscaoileadh a thuairimí faoi vacsaíní agus faoi threo na tíre ach ní thabharfar mórán airde air – ar fud na tíre ná ina theaghlach féin.

Is ar éigean, fiú amháin, go dtiocfaidh ráiteas a mhairfidh chomh fada leis an spalla a chaith Ed McCormack in Boston i 1962 as an bhfeachtas seo.

Fág freagra ar 'Cinnéideach eile sa tóir ar ainmniúchán don Uachtaránacht'

  • Antóin

    ‘Deirtear gur ól sé boslac maith alcóil agus go raibh tóir aige ar na mná’ Deirtear! Dúirt bean liom… an ea? Is dóigh liom gur suarach an mhaise duit sin a lua i gcomhthéacs an ailt seo.