Cinneadh mór le déanamh ag Gareth Southgate idir Rashford agus Foden

3.00in Is deacair é a chreidiúint ach is é seo an chéad uair ó Chorn an Domhain 2006 nach raibh curaidh reatha an domhain díbeartha roimh Bhabhtaí na nGrúpaí. Ní raibh an chuma ar fhoireann seo na Fraince aon uair go raibh an baol ann go gcaithfeadh siad slán a fhágáil luath leis an gCatar […]

Cinneadh mór le déanamh ag Gareth Southgate idir Rashford agus Foden


3.00in

Is deacair é a chreidiúint ach is é seo an chéad uair ó Chorn an Domhain 2006 nach raibh curaidh reatha an domhain díbeartha roimh Bhabhtaí na nGrúpaí. Ní raibh an chuma ar fhoireann seo na Fraince aon uair go raibh an baol ann go gcaithfeadh siad slán a fhágáil luath leis an gCatar agus bhí taispeántais na foirne sa chéad dá chluiche chomh cumasach sin gurb í foireann Didier Deschamps an rogha ag go leor daoine leis an gcorn a bhaint arís.

Cinnte, ní bheidh an bainisteoir sásta gur chaill an fhoireann in aghaidh na Túinéise sa chluiche deireanach ach rinne Deschamps naoi n-athrú ar an bhfoireann ón gceann a bhuaigh ar an Danmhairg i mBabhta 2. Tiocfaidh Kylian Mbappé, Ousmane Dembelé, Antoine Griezmann agus an chuid eile isteach san fhoireann arís agus deis eile againn na tosaithe iontacha sin atá ag an bhFrainc a fheiceáil ag imirt i dteannta a chéile.

Beidh an Pholainn sásta go bhfuil Babhta an 16 bainte amach ach, i ndáiríre, ní bheifear róshásta leis na taispeántais atá tugtha ag an bhfoireann. Níor bhuadar ach cluiche amháin sa ghrúpa, in aghaidh na hAraibe Sádaí, agus chaithfeá a rá go raibh an t-ádh orthu bua 2-0 fháil sa chluiche céanna.

Tá Robert Lewandowski ar dhuine de na tosaithe is fearr ar domhan ach tá ag teip ar an bPolainn deiseanna maithe a chruthú dó. Bhíodar go hainnis ar fad in aghaidh na hAirgintíne Dé Céadaoin seo caite agus an t-ádh orthu babhtaí an 16 a bhaint amach. Is deacair a shamhlú go rachaidh siad mórán níos faide ná seo.


7.00in

Tá cúpla cinneadh le déanamh ag Gareth Southgate tráthnóna a bhféadfadh an-tionchar a bheith acu ar a thodhchaí mar bhainisteoir ar fhoireann Shasana. Sa chluiche deireanach in aghaidh na Breataine Bige, bheartaigh Southgate Marcus Rashford agus Phil Foden a thosú in áit Mason Mount agus Raheem Sterling agus ba iad Rashford agus Foden a scóráil na trí chúl a chinntigh an bua do Shasana sa chluiche céanna.

Bhí go leor de lucht tacaíochta na foirne ag éileamh go n-imreofaí Foden, go háirithe, agus anois agus cúl scóráilte aige i mbua cumasach Shasana, ní bheifear ag iarraidh é a fheiceáil ar an mbinse anocht.

Cur chuige coimeádach a bhíonn in úsáid ag Southgate i gcónaí, agus bíonn sé dílis do bhuíon áirithe imreoirí. Ní raibh Mount ná Sterling ag imirt go maith do Chelsea roimh thús an chomórtais ach, mar sin féin, roghnaigh Southgate iad don chéad dá chluiche in aghaidh na hIaráine agus Stáit Aontaithe Mheiriceá. Má chuireann sé an bheirt ar ais ar an bhfoireann anocht agus mura n-éiríonn le Sasana, nó fiú má bhuann siad gan a bheith iontach, cáinfear an bainisteoir go géar.

Measadh go raibh deireadh le pé seans a bhí ag an tSeineagáil dul chun cinn a dhéanamh sa chomórtas nuair a fógraíodh nach mbeadh laoch na foirne, Sadio Mané in ann aon pháirt a ghlacadh ann ach chruthaigh an fhoireann thar cionn agus na babhtaí díbeartha bainte amach acu den dara huair riamh.

Tá buille mór eile buailte ar an bhfoireann roimh an gcluiche seo toisc nach mbeidh an t-imreoir lár páirce Idrissa Gueye in ann imirt agus é ar fionraí. Imreoir tábhachtach é i gcroí na foirne agus is mór an chailliúint dóibh an taithí atá aigesean.

Tá beirt i lár na cosanta acu atá láidir, Abdou Diallo agus Kalidou Koulibaly, agus beidh siad ag brath ar Ismaila Sarr tús agus deireadh a chur le han-chuid dá gcuid ionsaithe sa chluiche.

Fág freagra ar 'Cinneadh mór le déanamh ag Gareth Southgate idir Rashford agus Foden'