Cinneadh déanta ag Aontas na Mac Léinn in Éirinn logainmneacha Gaeilge a úsáid feasta

Glacadh le rún ag comhdháil an USI an tseachtain seo go mbainfí úsáid as ainmneacha Gaeilge na gcontaetha i gcomhfhreagras de chuid an aontais

Cinneadh déanta ag Aontas na Mac Léinn in Éirinn logainmneacha Gaeilge a úsáid feasta

Tá glactha ag Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) go mbainfidh an eagraíocht úsáid as logainmneacha Gaeilge as seo amach mar bhealach leis an teanga a chur chun cinn.

Glacadh le rún ag comhdháil AMLÉ, atá á reáchtáil i gcontae na Mí an tseachtain seo, go mbainfí úsáid feasta as ainmneacha Gaeilge na gcontaetha in Éirinn i gcomhfhreagras an aontais.

Dúradh sa rún, a mhol Comhaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh, go raibh brí le logainmneacha dúchasacha Gaeilge na mbailte agus na gcontaetha ar fud na tíre agus nach raibh sna leaganacha Béarla go leor den am ach “nonsensical gibberish” a tháinig chun cinn mar thoradh ar an ngalldú coilíneach.

Measadh go raibh cuid “d’oidhreacht agus dúchas” na mbailte caillte nuair a bronnadh ainmneacha Béarla orthu agus moladh tíortha eile a raibh díchoilíniú déanta acu ar a logainmneacha, mar atá tarlaithe in áiteanna san India agus i Maenmar. Moladh freisin eagraíochtaí amhail Cumann Lúthchleas Gael, a spreagann úsáid na logainmneacha Gaeilge.

 

Vótáil AMLÉ ar son ainmneacha Gaeilge na gcontaetha a úsáid “a oiread agus is féidir” i bpreasráitis, litreacha agus aighneachtaí an aontais, agus ar na meáin shóisialta chomh maith. Dúradh go ndéanfaí eisceacht i gcás ainmneacha institiúidí tríú leibhéal ar leith.

Toghadh coiste gnó nua ar AMLÉ le linn na comhdhála freisin agus is í Róisín Nic Lochlainn a toghadh mar Leas-Uachtarán don Ghaeilge don bhliain acadúil 2022/23. Tá Nic Lochlainn, arb as Aontroim di, ina hUachtarán faoi láthair ar Chomhaltas na Mac Léinn in OÉ Gaillimh, áit a ndearna sí staidéar ar an Dlí, an tSocheolaíocht agus an Pholaitíocht. 

Tiocfaidh Nic Lochlainn i gcomharbhacht ar Ghrian Ní Dhaimhín mar Leas-Uachtarán don Ghaeilge, ról lánaimseartha. Toghadh an Corcaíoch Beth O’Reilly mar Uachtarán AMLÉ don bhliain acadúil seo chugainn ag an gcomhdháil bhliantúil.

Vótáil Comhaltas na Mac Léinn in OÉ Gaillimh an mhí seo caite gur ról lánaimseartha a bheadh in oifigeach Gaeilge an aontais as seo amach.

Sa reifreann a reáchtáladh ar an ábhar, bhí beagnach 84% díobh siúd a chaith vóta ar son ról do Leas-Uachtarán don Ghaeilge a bhunú.

Reáchtálfar an toghchán chun an ról sin a líonadh níos deireanaí an mhí seo. Beirt atá ag seasamh sa toghchán, Barry Sugrue agus Seán Walsh. 

I measc na gcúraimí a bheidh ar an Leas-Uachtarán nua don Ghaeilge san ollscoil, beidh cur chun cinn na teanga i measc mhic léinn na hollscoile, cathaoirleacht a dhéanamh ar Choiste Gaeilge, agus tuarascáil faoin obair atá ar bun a ullmhú do chruinnithe fheidhmeannas Chomhaltas na Mac Léinn.

Fág freagra ar 'Cinneadh déanta ag Aontas na Mac Léinn in Éirinn logainmneacha Gaeilge a úsáid feasta'