‘Cinedhíothú’ aidhm ‘réamhbheartaithe’ Iosrael in Gaza, a deir an Afraic Theas san Háig

Cuireadh cinedhíothú i leith Iosrael sa Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta inniu agus maíodh gur ón ‘leibhéal is airde’ den stát a tháinig an plean Gaza ‘a scrios’

‘Cinedhíothú’ aidhm ‘réamhbheartaithe’ Iosrael in Gaza, a deir an Afraic Theas san Háig

Chuir an Afraic Theas i leith Iosrael san Háig inniu gur cinedhíothú an aidhm réamhbheartaithe a bhí lena gcuid gníomhartha in Gaza.

“Léiríonn na gníomhartha seo ar fad, ina n-aonar agus i dteannta a chéile, patrún iompair réamhbheartaithe ag Iosrael a chuireann cuspóir cindhíothach in iúl,” arsa Adila Hassim, abhcóide de chuid Ard-Chúirt na hAfraice Theas.

Agus críoch á cur aici lena cuid den chás atá ar siúl sa Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta, dúirt Adila Hassim gur léir rún Iosrael cinedhíothú a dhéanamh sa tslí ar dhírigh siad ar Phalaistínigh in Gaza le hairm a dhéanann mórscrios agus sa tslí a ndearna siad naoscaireacht ar shibhialtaigh.

Mhaígh sí gur léir rún cinedhíothach Iosrael chomh maith sa bhuamáil a rinneadh ar áiteanna a bhí fógartha ag Iosrael ina dtearmainn do theifigh.

Dúirt sí chomh maith gur ceileadh ar mhuintir Gaza bunriachtanais na beatha – bia, uisce, cúram sláinte, breosla, córas séarachais agus córas cumarsáide.

Chomh maith leis sin, thug Adila Hassim mar fhianaise ar rún cinedhíothach a bheith ag Iosrael tithe, scoileanna, moscanna, séipéil agus ospidéil a bheith á scrios. Dúirt sí freisin gur mharaigh Iosrael nó gur ghortaigh siad go dona líon mór páistí agus gur fhág siad go leor páistí ina ndílleachtaí.

“Ní thugtar réamhfhógra riamh faoi chinedhíothú ach tá sé de bhuntáiste ag an gcúirt seo go bhfuil fianaise dhobhréagnaithe 13 seachtain againn a léiríonn patrún ó thaobh iompair agus cuspóra atá mar bhunús bailí leis an maíomh gur gníomhartha cinedhíothacha atá i gceist,” ar sí.

Tá an Afraic Theas ag iarraidh chomh maith go n-ordófaí d’Iosrael éirí as an gcogadh láithreach.

Maíodh sa chúirt gur ón “leibhéal is airde” de stát Iosrael a tháinig an plean Gaza “a scrios”.

“Gach uile lá táthar ag cur le líon na marbh agus leis an scrios ar mhaoin, dínit agus daonnacht phobal na Palaistíne, scrios nach féidir a chur ina cheart go brách,” a dúirt Adila Hassim.

“Ní chuirfidh aon rud seachas ordú de chuid na cúirte seo stop leis an bhfulaingt,” ar sí.

Tá an Afraic Theas ag maíomh gurb é rún Iosrael in Gaza ná “cuid mhór de ghrúpa náisiúnta, eitneach agus cine Palaistíneach a scrios”.

Éistfear amárach sa chúirt san Ísiltír le cosaint Iosrael a mhaíonn go bhfuil údar dlisteanach lena n-ionsaithe ar Gaza i bhfianaise ionradh Hamas ar an 7 Deireadh Fómhair.

Ag labhairt dó sa chúirt is airde atá ag na Náisiúin Aontaithe inniu, dúirt aire dlí agus cirt na hAfraice Theas, Ronald Lamola nach raibh aon leithscéal ann le  sárú a dhéanamh Choinbhinsiún na Ginéive.

An sainmhíniú atá ar chinedhíothú faoin dlí idirnáisiúnta ná gníomh nó gníomhartha a dhéanamh d’fhonn scrios iomlán a dhéanamh ar ghrúpa náisiúnta, eitneach, cine nó creidimh, nó d’fhonn scrios a dhéanamh ar chuid de ghrúpa dá leithéid.

Tá sé ráite ag Iosrael nach bhfuil aon bhunús le cás na hAfraice Theas agus gur ‘leabhal fola’ atá ann. Amárach a chuirfidh Iosrael a gcás os comhair na cúirte.

Mhaígh Iosrael go minic roimhe seo gur féinchosaint an t-údar atá lena ionsaithe ar Gaza agus go bhfuil údar dlisteanach leo i bhfianaise ionsaí Hamas ar Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair.

Dúirt Benjamin Netanyahu, Príomh-Aire Iosrael, an tseachtain seo nach raibh aon rún acu muintir Gaza a ruaigeadh as a mbaile go buan ná forghabháil a dhéanamh ar an stráice.

De réir figiúirí údaráis sláinte Gaza, atá á riaradh ag Hamas, 23,350 duine a maraíodh in ionsaithe díoltais Iosrael ó thosaigh an cogadh.

Maraíodh 1,300 duine in ionsaí Hamas ar Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair, ionsaí inar tógadh thart ar 240 duine ina ngialla.

Fág freagra ar '‘Cinedhíothú’ aidhm ‘réamhbheartaithe’ Iosrael in Gaza, a deir an Afraic Theas san Háig'