Ciarraí gan aon cheacht mór foghlamtha acu, ach bearnaí i gcosaint BhÁC

Bhí Tuairisc.ie i láthair i bPáirc an Chrócaigh do chluichí móra na deireadh seachtaine

Colm Cooper scores a goal Mandatory Credit ©INPHO/Morgan Treacy
Colm Cooper scores a goal
Mandatory Credit ©INPHO/Morgan Treacy

B’fhéidir nár cheart bheith ag súil lena mhalairt ach tar éis an chéad dá chluiche ceathrú ceannais peile bheith imeartha i bPáirc a’ Chrócaigh inniu, tá Ciarraí agus Áth Cliath gan aon triail cheart curtha orthu agus iad ag tabhairt faoi na babhtaí leath cheannais.

Beidh mórán le rá acu siúd atá ag moladh go mbeadh dhá chraobh ar leith ann d’fhoirne ar dhá leibhéal éagsúil cumais tar éis an deire seachtaine seo ach sin port a chaithfear a chasadh lá níos faide anonn.

Cad ‘tá foghlamtha ag Ciarraí tar éis an lae? Ón uair a thosnaigh na babhtaí ceathrú ceannais sa bhliain 2001, ní dócha go raibh aon lá nár tógadh ceacht amháin ar bord. N’fheadar an bhfuil aon ní anseo tráthnóna do Eamonn Fitzmaurice agus a roghnóirí le bheith ag cogaint air as seo go dtí an 23ú Lúnasa, áfach. Ní don gcéad uair, caithfidh an oscailt súl agus an t-iniúchadh bheith á dhéanamh ag seisiúin thraenála i Stáid a’ Ghearaltaigh i gCill Airne.

Beidh gá le cóir leighis agus tréimhse téarnaimh chun gaiscíoch na bliana seo caite, James O’ Donoghue a chur ag imirt chomh maith is a bhí anuraidh nó go deimhin chun é a chur ag imirt in aon chor idir seo agus deireadh na bliana. Fiú sara ngortaíodh é, bhí an chuma ar an scéal go raibh obair bhaile déanta ag Cill Dara ar O’Donoghue agus Ollie Lyons tagtha amach le ábhar maith caide sna babhtaí a bhí le buachtaint eatarthu. Fós féin le trí phointe aimsithe ag O’ Donoghue agus gan an díle tosnaithe fós, ba dheas le muintir Chiarraí a shamhlú go mbeadh a chion féin déanta aige murach go ngortaíodh é.

Is cosúil go bhfuil rogha eile tagtha sa treis do Chiarraí chun tosaigh agus fear Neidín, Stephen O’Brien, ag bláthú tar éis roinnt taispeántaisí neamh-anamúla ar an bpaiste céanna anuraidh.

Tá imreoirí ná fuil aon ní le cruthú i bPáirc a’ Chrócaigh acu, leithéidí Colm ‘Gooch’ Cooper agus Darran O’Sullivan, i dtiúin arís le rithim an Fhomhair agus fiú amháin nuair a bhí an cluiche imithe le gaoth, bhí an uile imreoir i ngeansaí uaithne is ór luite amach orthu féin le dúil agus craos chun caide nár cheart bheith ann i ndáiríre.

Fonn bóthair, is dócha a thug ar scata de mhuintir Chiarraí Páirc a’ Chrócaigh a thréigint roimh thús an dara cluiche idir Áth Cliath agus Fear Manach ach b’fhéidir dá bhfanfaidis innti, bheadh ceacht nó dhó le foghlaim ón tslí go raibh na hUltaigh in ann bearnaí áirithe a aimsiú i gcosaint Átha Cliath.

Taibhsíodh dúinn agus gan ach trí nóimeataí déag caite agus Áth Cliath gafa sé phointe chun cinn, gur slad eile a bheadh i ndán le buachaillí na hardchathrach ag gluaiseacht go réidh agus iad ag aimsiú a mbuille tar éis tréimhse tosaigh na himeartha bheith caite acu ag braith rompu. Bhí an chuma fós air ag leath-am agus deich bpointe idir na foirne 1-13 le 0-6 go bhféadfadh an bhearna chéanna (27 pointe) a bheith ar deireadh ann is a bhí idir Ciarraí agus Cill Dara.

Richard O’Callaghan agus Michael Darragh MacAuley. Pictiúr: ©INPHO/James Crombie
Richard O’Callaghan agus Michael Darragh MacAuley. Pictiúr: ©INPHO/James Crombie

B’fhéidir gur cheap Áth Cliath a leithéid chomh maith agus iad neafaiseach go maith i mbun pasála luath sa dara leath amhail is go raibh a fhios acu go raibh an cluiche buaite cheana acu. Fuair príomhaimsitheoir Fhear Manach, Seán Quigley, boladh na támáilteachta agus chuir cic saor tharais an trasnán ó bhreis is leath chéad slat. Stad an phleidhcíocht agus an útamáil le ceithre cinn de phointí as a chéile ag imreoirí imeallacha Áth Cliath, Dean Rock le trí cinn agus Paddy Andrews le ceann breá eile.

Rith an cluiche an cúrsa a ceapadh dó go dtí na deich nóimeataí deireanacha nuair a chuir Fear Manach srathar na hainnise díobh, agus cé go mb’fhéidir go raibh baint ag neafaiseacht Stephen Cluxton leis an dá chúl a ghéill sé, aimsíodh an chéad dhá chúl in aghaidh na Dubs sa chraobh i mbliana dá bharr. Go deimhin féin, faoin am is go mbeadh an cluiche thart bheadh an scór is mó idir shraith agus craobh aimsithe i mbliana ina gcoinne. Lón machnaimh do Jim Gavin agus lón misnigh don uile dhuine eile a chreideann nach mbuafar i mbliana ar Áth Cliath. Tá na seifteanna ann ach cuimhneamh orthu!

Easpa seifte a bhuaigh ar an nGaillimh i mbabhta 4B na gcluichí cáilithe tráthnóna Dé Sathairn agus más aon tslat tomhais clár an scóir is fiú ar a laghad deich bpointe seift bheith agat ar lá mór i bPáirc a’ Chrócaigh. B’fhéidir go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil an sprid agus an fuinneamh a bhí in easnamh ar Dhún na nGall roinnt seachtainí ó shoin tagtha chuchu in athuair ach caithfear soineantacht na Gaillimhe lena gcic amach féin ag tréimhse cinniúnach i lár an dara leatha a chur san áireamh chomh maith.

Déarfaidh aoinne a bhíonn ag faire coitianta ar chluichí leat go mbíonn coir chinniúnacha i ngach cluiche nuair a chasann an taoide i dtreo fhoirne áirithe agus in aghaidh fhoirne eile agus bhí san ana shoiléir nuair a tháinig droch nósanna na Gaillimhe chun cinn arís; an líne lán chúil ag géilleadh ciceanna saora agus an báideoir ag lascáil na caide amach gan bhrí.

Tá bliain na Gaillimhe istigh ach tá na Conallaigh agus fear na Gaeltachta Ódhrán Mac Niallais, go háirithe ag fás isteach sa chraobh seo arís. B’fhéidir, áfach, go mbeadh rud le rá ag Maigh Eo faoi sin.

Má tá ceacht amháin foghlamtha againn ar fad ó chluichí an deire seachtaine sé sin gurb iad na foirne a bhí ag cur san Earrach atá anois ag baint sa bhFómhar.

Fág freagra ar 'Ciarraí gan aon cheacht mór foghlamtha acu, ach bearnaí i gcosaint BhÁC'