Ciarraí agus Dún na nGall ag iarraidh a gcáilíochtaí craoibhe a léiriú tráthnóna

Cuirfidh Ciarraí tús lena bhfeachtas craoibhe in aghaidh an Chláir inniu agus iad ag iarraidh cailliúint gan choinne a sheachaint. Ó thuaidh, beidh imreoirí aosta Dhún na nGall ag iarraidh a léiriú i gcoinne Fhear Manach go bhfuil iarracht amháin eile fágtha iontu fós sa chomórtas craoibhe

Bryan Sheehan (Ciarraí) agus Gary Brennan (an Clár) san iomaíocht i 2014. INPHO/Ryan Byrne
Bryan Sheehan (Ciarraí) agus Gary Brennan (an Clár) san iomaíocht i 2014. INPHO/Ryan Byrne

Ciarraí v An Clár, Staid Mhic Gearailt, 3.30i.n.

Thart ar choicís ó shin bhí daoine ag súil go mbeadh peileadóirí an Chláir in ann stangadh a bhaint as fir Chiarraí nuair a thabharfadh siad aghaidh ar a chéile i gcluiche ceathrú ceannais na Mumhan.

raibh ach ceithre phointe idir na foirne an uair dheireanach ar chas siad ar a chéile sa chraobh, Ciarraí ag buachan 1-17 in aghaidh 1-13 i bPáirc Uí Chíosóg in 2014. Anuas air sin, bhí feachtas maith ag foireann Colm Collins i Roinn 3 san earrach, iad ag críochnú sa dara háit sa tsraith agus áit bainte amach acu sa chluiche ceannais.

Is é an taispeántas a thug siad sa chluiche sin, nuair a bhuadar in aghaidh Chill Dara, a chuaigh i bhfeidhm go mór ar dhaoine agus an tuairim ann go mbeadh siad in ann dúshlán Chiarraí a thabhairt níos déanaí sa bhliain.

Is í an chúis go bhfuil athrú tagtha ar an meon sin ná an drochthaispeántas a thug na Cláirínigh in aghaidh Luimnigh sa chraobh cúpla seachtain ó shin. Is ar éigean a sháraigh siad a gcomharsana, 0-16 in aghaidh 0-13, agus an fuinneamh a bhí le feiceáil sa chluiche in aghaidh Chill Dara in easnamh orthu.

Fágann sé sin go bhfuil Ciarraí go láidir ina rogha na coitiantachta don chluiche tráthnóna. Is é seo an chéad chluiche a imreoidh foireann Éamonn Fitzmaurice ó chaill siad cluiche ceannais Roinn 1 in aghaidh Bhaile Átha Cliath.

Chonaic muid ar an Satharn seo caite gur chuir fir Jim Gavin tús iontach lena bhfeachtas craoibhe agus cúl aimsithe taobh istigh de 15 soicind in aghaidh Laoise agus bheadh Fitzmaurice sásta dá mbeadh a chuid imreoirí in ann teachtaireacht den chineál céanna a thabhairt sa chluiche tráthnóna.

Tá leithéidí James O’Donoghue agus Johnny Buckley fós gortaithe do Chiarraí agus Brian Ó Beaglaoich agus Tadhg Morley ag tosú sa chraobh dóibh den chéad uair ach ba cheart go mbeidís i bhfad róchumasach don Chlár.

Rogha Tuairisc.ie: Ciarraí

Bainisteoir Dhún na nGall, Rory Gallagher. INPHO/Tommy Grealy
Bainisteoir Dhún na nGall, Rory Gallagher. INPHO/Tommy Grealy

Dún na nGall v Fear Manach, Páirc Mhic Cumhaill, 2i.n.

Chuirfeadh sé iontas ar go leor daoine go bhfuil ceithre cinn de na sé chluiche craoibhe is déanaí a d’imir Dún na nGall in aghaidh Fhear Manach buaite ag fir na hÉirne.

Níor chas na foirne ar a chéile sa chraobh le deich mbliana anuas ach thug siad aghaidh ar a chéile sé huaire idir 2000 agus 2006, tráth a raibh difríochtaí suntasacha idir an dá chontae ó thaobh cumais de. Bhí foirne Dhún na nGall in ísle brí an tráth sin agus Fear Manach i mbarr a réime, iad ag dul chomh fada le cluichí ceathrú ceannais na hÉireann dhá bhliain as a chéile, in 2003 agus 2004.

Scóráil Rory Gallagher cúl an bhua d’Fhear Manach sa chluiche craoibhe in 2000 ach beidh sé anois ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar a chontae dúchais agus é ina bhainisteoir ar na Conallaigh. Is bliain thábhachtach í seo do Gallagher agus é fós faoi scáth Jim McGuinness.

Feachtas réasúnta a bhí ag Dún na nGall anuraidh, fuair Muineachán an ceann is fearr orthu i gcluiche ceannais Uladh sular dhíbir Maigh Eo as an gcraobh iad sa chluiche ceathrú ceannais.

Fadhb atá ag Gallagher ná go raibh cuma thuirseach ar Dhún na nGall i gcuid den chraobh agus tá an aois tagtha ar chuid de na himreoirí is fearr aige. Tá Karl Lacey, Colm McFadden, Neil Gallagher, Rory Kavanagh agus Eamon McGee ar fad os cionn 30 bliain d’aois agus é níos deacra acu coinneáil leis an stíl fhuinniúil a chleacht siad.

Beidh siad ag dul i gcoinne foirne a bhfuil dul chun cinn iontach déanta acu le cúpla bliain anuas. Bhí Fear Manach i Roinn 4 den tsraith ceithre bliana ó shin ach tá obair mhaith déanta acu ó shin.

Faoi chúram Pete McGrath, bhain siad amach an t-ardú céime go dtí Roinn 2 anuraidh agus tá a n-áit coinnithe acu sa roinn sin i mbliana. Chomh maith leis sin, shroich siad Páirc an Chrócaigh sa chraobh anuraidh den chéad uair ó 2004.

cluiche craoibhe buaite cheana acu i mbliana nuair a bhí phointe le spáráil acu in aghaidh Aontroma an mhí seo caite. Tabharfaidh sé sin spreagadh dóibh agus iad ag iarraidh Craobh Uladh a bhuachan den chéad uair.

Is í an fhadhb atá acu ná go bhfuil siad ag brath an oiread sin ar Thomás Corrigan i measc na dtosaithe. Naoi bpointe a d’aimsigh sé in aghaidh Aontroma ach má éiríonn le Dún na nGall eisean a cheansú, beidh sé deacair ag Fear Manach an bua a bhreith leo.

Rogha Tuairisc.ie: Dún na nGall

Fág freagra ar 'Ciarraí agus Dún na nGall ag iarraidh a gcáilíochtaí craoibhe a léiriú tráthnóna'

  • Pól Réamonn

    Bhí Fear Manach gan mhaith inniu.