Ciarraí agus Baile Átha Cliath róláidir dá gcéilí comhraic

Beidh a fhios againn péire de na foirne a bheidh aga imirt sna cluichí leathcheannais peile tráthnóna agus is deacair a shamhlú nach Ciarraí agus Baile Átha Cliath a bheidh ann

©INPHO/Cathal Noonan
James O’Donoghue. Pictiúr: ©INPHO/Cathal Noonan

Cluiche Ceathrú Ceannais – Ciarraí v Cill Dara, 2i.n.

Is léir nach raibh Éamonn Fitzmaurice ag súil gur in aghaidh Chill Dara a bheadh a fhoireann inniu mar is ar an gcluiche idir Fear Manach agus an Iarmhí a d’fhreastail sé an deireadh seachtaine seo caite. Mar sin féin, bhí dóthain céille aige duine eile a chur ar dualgas ag an gcluiche idir Cill Dara agus Corcaigh. Níl aon dabht ach go bhfuil dianstaidéar déanta ag bainisteoir Chiarraí ar Chill Dara ó shin, mar cé go raibh siad beagáinín trína chéile níos luaithe sa bhliain, tá siad ag dul ó neart go neart sna babhtaí cáilithe agus bhí bua iontach acu ar Chorcaigh an deireadh seachtaine seo caite.

Thaispeáin imreoirí Jason Ryan an-chuid foighde ina chuid imeartha an Satharn seo caite, iad ag coinneáil seilbh na liathróide nó go raibh deis mhaith scórála ann. Ba é Niall Kelly, fear an líne daichead slat, a chuir críoch ar chuid mhaith de na gluaiseachtaí sin ach tá fear eile taobh istigh acu, Alan Smith, a n-oireann an modh díreach go maith dó más gá.

Rinne Ciarraí a ndóthain i gcoinne Chorcaí coicís ó shin gan iad a bheith ar bharr a maitheasa agus tá an chuma ar an gcluiche seo gurb é an scéal céanna a bheidh ann. Níl ach athrú amháin déanta ag Fitzmaurice ar an bhfoireann a bhuaigh athimirt chluiche ceannais na Mumhan agus Stephen O’Brien ag teacht isteach in áit Johnny Buckley ar an gcliathán.

go bhfuil an-dul chun cinn déanta ag Cill Dara ó tháinig siad an cúldoras isteach, is fearr na peileadóirí ag Ciarraí agus tá an baol ann freisin go mbeidh Cill Dara beagáinín tuirseach agus cúig chluiche imeartha in imeacht cúig seachtaine acu.

Ceann de na fadhbanna is mó a bhí ag Corcaigh an tseachtain seo caite ná an t-achar ama bhí idir athimirt chluiche ceannais na Mumhan agus cluiche an tSathairn seo caite. Mar bharr ar an donas, caithfidh Cill Dara anois déileáil leis an bhfadhb sin chomh maith.

Rogha Tuairisc.ie: Ciarraí

Foireann peile Bhaile Átha Cliath. Pictiúr: ©INPHO/Tommy Grealy
Foireann peile Bhaile Átha Cliath. Pictiúr: ©INPHO/Tommy Grealy

Cluiche Ceathrú Ceannais – Baile Átha Cliath v Fear Manach, 4i.n.

Níl uait ach breathnú ar phraghasanna na ngeallghlacadóirí do Bhaile Átha Cliath sa chluiche seo chun a fháil amach cén tuairim atá ag an bpobal faoina bhfuil i ndán d’Fhear Manach. 1/200 atá imreoirí Átha Cliath chun foireann Pete McGrath a bhualadh agus tá na geallghlacadóirí ag ceapadh go mbeidh bearna 15 phointe ar a laghad ann.

Is é seo an chéad uair ag Fear Manach ar ais i bPáirc an Chrócaigh ó 2004, bliain inar chaill siad amach ar áit i gcluiche ceannais na hÉireann in athimirt i gcoinne Mhaigh Eo. Is tríd na babhtaí cáilithe a chuaigh siad an bhliain sin agus tá an turas céanna déanta acu i mbliana, iad ag buachan ar Aontroim, Ros Comáin agus an Iarmhí chun cáiliú don chluiche ceathrú ceannais seo.

Agus Tomas Corrigan agus Séamus Quigley sa líne lántosach, tá fir ag Fear Manach atá in ann scóranna a aimsiú ach má dhéantar an beart ar an mbeirt sin, beidh sé deacair ag na hUltaigh. Ar an taobh eile, is eol dúinn ar fad go bhfuil seisear tosaithe ag Baile Átha Cliath atá chomh maith lena bhfuil sa tír faoi láthair agus beidh  scata imreoirí eile ag faire a seans ar an taobhlíne.

os cionn 20 bliain ann ó bhuaigh Pete McGrath agus an An Dúin cluiche ceannais na hÉireann, ach dúshlán éagsúil ar fad atá roimhe inniu. Is é 4-18 an meánscór atá aimsithe ag foireann Jim Gavin agus scrios déanta acu i gCraobh Laighean arís i mbliana.

An t-aon údar dóchais atá ag Fear Manach ná nach léireodh Baile Átha Cliath a ndóthain ómóis dóibh. Is í fírinne an scéil, áfach, ná go bhfuil an oiread taithí ag Baile Átha Cliath anois ar chluichí mar seo agus an oiread iomaíochta ann sa phainéal acu féin, go dtabharfaidh siad an lá leo.

Rogha Tuairisc.ie: Baile Átha Cliath

Fág freagra ar 'Ciarraí agus Baile Átha Cliath róláidir dá gcéilí comhraic'