Ciarraí ag súil le filleadh na nGael, lánchúlaithe na Gaillimhe ar an ionsaí, an bhearna idir uasal is íseal ag dúnadh

Ciarraí ag súil le filleadh na nGael Cé gur éirigh réasúnta maith le Seán O’Shea agus Adrian Spillane i lár páirce do Chiarraí sa chéad leath in aghaidh Chill Dara Dé Domhnaigh, d’athraigh cúrsaí nuair a tháinig Kevin Feely isteach ag leath ama agus d’éirigh leis féin agus le Kevin Flynn an ceann is fearr […]

Ciarraí ag súil le filleadh na nGael, lánchúlaithe na Gaillimhe ar an ionsaí, an bhearna idir uasal is íseal ag dúnadh

Ciarraí ag súil le filleadh na nGael

Cé gur éirigh réasúnta maith le Seán O’Shea agus Adrian Spillane i lár páirce do Chiarraí sa chéad leath in aghaidh Chill Dara Dé Domhnaigh, d’athraigh cúrsaí nuair a tháinig Kevin Feely isteach ag leath ama agus d’éirigh leis féin agus le Kevin Flynn an ceann is fearr a fháil sa gcath i lár na páirce.

Chaith O’Shea tréimhsí i gcluichí na bliana anuraidh ag imirt i líne lántosaithe Chiarraí, seachas sa líne leatosaithe mar is gnáth leis. In ainneoin gur éirigh réasúnta maith leis gar don chúl, thosaigh sé an bhliain seo níos faide amach i lár na páirce ach déarfá nach mbeidh sé ansin mórán níos faide. Tá sé ar dhuine de na himreoirí is tábhachtaí ar fhoireann na Ríochta ó thaobh seansanna a chruthú agus tá tuiscint iontach idir é féin agus ag David Clifford ar a chéile. Bhí sé deacair ag Clifford dul i bhfeidhm ar an imirt ar an Droichead Nua agus bhí ról nua O’Shea ar cheann de na cúiseanna a bhí leis sin.

Ar an dea-uair, ba cheart go mbeadh leigheas ar an bhfadhb go luath. Bhí Ciarraí d’uireasa Jack Barry, Diarmuid O’Connor agus Stefan Okunbor agus an triúr ag imirt do Na Gaeil i mbabhtaí leathcheannais Chraobh Idirmheánach na hÉireann. Beidh teacht ag Ciarraí ar Barry agus O’Connor anois tar éis do Bhaile Stíl as Doire an ceann is fearr a fháil ar fhoireann Thrá Lí. Gortaíodh Okunbor sa chluiche sin agus ní fios go fóill cathain a bheidh sé in ann filleadh. Tá David Moran fós ar iarraidh ar Chiarraí freisin de bharr a ghortaithe agus nuair a fhillfeas seisean, beifear in ann léamh níos fearr a dhéanamh ar neart Chiarraí i mbliana.

Lánchúlaithe na Gaillimhe ag dul ar an ionsaí

Ní hé Jack O’Connor an t-aon bhainisteoir a bhfuil gortuithe ag cur as dá fhoireann. Buaileadh buille ar Ghaillimh níos luaithe an mhí seo nuair a bhain gortú glúine d’fhear Inis Mór, Seán Mulkerrin, agus an chuma ar an scéal nach n-imreoidh sé don chontae arís i mbliana.

Ní raibh aon rogha ag Pádraic Joyce ach athrú a dhéanamh sa líne lánchúil. Chruthaigh fear Gaeltachta eile, Seán Fitzgerald as Bearna, go maith le linn Shraith FBD ach níor ainmníodh Fitzgerald sa scuad ag an deireadh seachtaine agus is é captaen nua na foirne, Seán Kelly, a thosaigh i ngeansaí uimhir a trí.

Bhí cluiche maith ag Kelly ach bhí contae na Mí chomh hainnis sin nár cheart dul thar fóir leis an moladh. Tá Kelly díograiseach agus lán fuinnimh, rud a fhágann go bhfuil sé in ann imirt aon áit ar an bpáirc agus tá taithí aige a bheith ag imirt sa líne lánchúil. An t-aon bhaol atá ann agus é thiar ansin ná nach mbeadh na deiseanna céanna aige ruathair a dhéanamh chun tosaigh agus dul i bhfeidhm ar an imirt. Cailliúint ollmhór a bheadh ansin do Ghaillimh. Bhí sé fós ag dul chun tosaigh i mBóthar na Trá ach in aghaidh foirne níos fearr, b’fhéidir gur scéal eile a bheadh ann.

Bhí sé suimiúil gur roghnaíodh Kieran Molloy sa líne lánchúil freisin, imreoir eile a bhfuil cáil air mar gheall ar a chuid ruathar chun tosaigh. Ba é Liam Silke an fear eile sa líne lánchúil, duine eile a bhíonn sásta dul chun cinn, ach is annamh a d’fhág sé an líne lánchúil in aghaidh na Mí. Scóráil Molloy pointe ón imirt sa chluiche agus tá an chuma ar chúrsaí go bhfuil Joyce ag iarraidh saoirse a thabhairt dá chuid imreoirí lánchúil dul ar an ionsaí nuair a fhaigheann siad an seans.

An bhearna idir uasal is íseal ag dúnadh

Ní féidir an iomarca suntais a thabhairt do chéad bhabhta na sraithe ach thabharfadh cluichí an deireadh seachtaine misneach do dhuine go mbeidh iomaíocht ghéar againn i gCraobh Peile na hÉireann 2022.

Ba iad Tír Eoghain, Maigh Eo, Áth Cliath agus Ciarraí na foirne ab fhearr sa tír anuraidh agus d’éirigh leo dul chomh fada le babhtaí leathcheannais na craoibhe agus is díol suntais é nár bhuaigh ceachtar acu ag an deireadh seachtaine.

B’fhéidir gur bheag an t-iontas a bhí ar dhaoine nuair a chríochnaigh an cluiche idir Maigh Eo agus Dún na nGall ar comhscór – ba é sin an tríú huair as a chéile ar tharla a leithéid sa tsraith – agus is minic go mbíonn géarchoimhlint idir Tír Eoghain agus Muineachán freisin, cluiche eile a chríochnaigh ar comhscór.

Is beag a cheap, áfach, go mbeadh Ard Mhacha ná Cill Dara in ann torthaí maithe a fháil in aghaidh Átha Cliath agus Chiarraí ach sin a rinne siad.

Tá dul chun cinn déanta ag Ard Mhacha le blianta beaga anuas ach b’iontach an taispeántas a thug siad i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn agus beidh foireann Kieran McGeeney agus an contae a mbíodh sé ina bhainisteoir air, Cill Dara, muiníneach go maith anois go mbeidh siad in ann teacht slán i Roinn 1 agus áit a bhaint amach i measc uaisle na peile.

Ré Chill Chóirín-Cluain Bheirn tagtha

Tá greim docht ag mná Chill Chóirín-Cluain Bheirn ar Chraobh Shinsir Peile na Gaillimhe le fada agus naoi gcinn de chraobhacha buaite acu as a chéile ach tá barr réime bainte amach acu faoi dheireadh agus Craobh na hÉireann tugtha leo acu den chéad uair ag an deireadh seachtaine.

Thug Cill Chóirín-Cluain Bheirn taispeántas cumasach in aghaidh Mhainistir na Móna chun an chraobh a bhuachan agus cúiteamh a fháil ar bhua fhoireann Chorcaí i gcluiche ceannais 2019.

Bhí Mainistir na Móna sa tóir ar a dtríú craobh náisiúnta as a chéile ach ní raibh siad in ann ag na Gaillimhigh. Bhí an t-ádh orthu cic éirice a fháil díreach roimh leath ama, scór a choinnigh sa chluiche iad, ach níor aimsigh Mainistir na Móna ach aon phointe amháin ón imirt i rith na huaire, rud a léirigh cumas Chill Chóirín-Cluain Bheirn.

Tá sé de chumas anois ag an gcumann Craobh na hÉireann a bhuachan ar a laghad uair nó dhó eile. Imreoirí óga iad formhór na mban a d’imir do Chill Chóirín-Cluain Bheirn sa chluiche ceannais agus cé go bhfuil gealladh faoi Bhaile Chláir a, is deacair aon fhoireann a fheiceáil i nGaillimh ná i gConnachta féin a chuirfidh stop leo.

Is í an chéad chéim eile ná gaisce a dhéanamh i ngeansaí an chontae. Bhí aighneas i gcampa na Gaillimhe an tseachtain seo caite agus cinneadh déanta ag Gerry Fahy éirí as mar bhainisteoir ach tabharfaidh bua Chill Chóirín-Cluain Bheirn spreagadh do gach duine sa chontae mar léiriú ar an gcumas peile atá sa gcontae.

Fág freagra ar 'Ciarraí ag súil le filleadh na nGael, lánchúlaithe na Gaillimhe ar an ionsaí, an bhearna idir uasal is íseal ag dúnadh'