CIARÁN CARSON 1948-2019: ‘Chum sé cuid de na dánta is fearr a scríobhadh riamh in Éirinn’

Ní bréag a rá gur fhág Béal Feirste agus a phobal lorg ar Chiarán Carson agus eisean orthusan

CIARÁN CARSON 1948-2019: ‘Chum sé cuid de na dánta is fearr a scríobhadh riamh in Éirinn’

Tá Ciarán Carson, duine de mhórfhilí na hÉireann, tar éis éag agus é in aois a thrí scór bliain agus deich. De bhunadh Bhéal Feirste é Carson a tháinig ar an tsaol sa bhliain 1948.

Is sa chathair a tógadh é agus is inti a cuireadh oideachas air; is in iarthar na cathrach a fuair sé bunscolaíocht agus meánscolaíocht agus is i ndeisceart na cathrach a fuair sé ollscolaíocht.

Dúirt Uachtarán na hÉireann Micheál D Ó hUigínn go mbraithfeadh “gach duine a raibh sé de phribhléid acu eolas a chur ar a shaothar” uathu an file.

Cé gur mar fhile Béarla a bhain Ciarán Carson cáil amach, dúirt an tUachtarán gur mhair an grá a bhí ag an bhfile don Ghaeilge, a chéad teanga, ar feadh a shaoil.

I dtuaisceart Bhéal Feirste a chuir Ciarán Carson faoi sa deireadh, faoi scáil Bheann Mhadagáin, cnoc ársa de chuid Aontroma.

Bhain sé céim amach sa Bhéarla ó Ollscoil na Ríona agus is sa teanga sin a shaothraigh sé a chuid filíochta.

Mar sin féin, is le Gaeilge a tógadh Carson agus an teaghlach, ina measc a dheartháir Liam, stiúrthóir na féile litríochta Gaeilge IMRAM.

Den lucht oibre a thuismitheoirí, Liam agus Mary, agus bhí aithne mhór ag lucht na teanga sa chathair orthu nó rinne siad beirt cinneadh a gcuid páistí a thógáil le Gaeilge, rud eisceachtúil an t-am sin. (Is beag duine le Gaeilge sa chathair nár labhair Gaeilge le Liam, duine a rinne cion fir ar son na teanga ar feadh a shaoil.)

Chaith Ciarán mórán blianta ag plé le Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann mar oifigeach traidisiúnta ealaíne, rud a thug deis dó tacaíocht a thabhairt do na healaíona traidisiúnta, an ceol go háirithe, agus don scríbhneoireacht.

Bhí dúil aige féin sa cheol agus bhaineadh sé port nó dhó as feadóg stáin ar ócáidí sóisialta. Thug obair na comhairle deis dó leanstan dá chuid scríbhneoireachta féin.

Tugadh moladh agus gradaim dá chuid filíochta sna cnuasaigh The Irish for No, Belfast Confetti, Breaking News, The Twelfth of Never gan ach dornán a lua.

Níor thréig sé a chathair dhúchais riamh agus d’aimsigh sé a oileán rúin i measc a cuid sráideanna:

Suddenly as the riot squad moved in it was raining exclamation

     marks,

Nuts, bolts, nails, car-keys. A fount of broken type. And

     the explosion.

Itself ― an asterisk on the map. This hyphenated line, a burst

     of rapid fire …

I was trying to complete a sentence in my head, but it kept

     stuttering,

All the alleyways and side streets blocked with stops and

     colons.

I know this labyrinth so well — Balaklava, Raglan, Inkerman,

     Odessa Street —

Why can’t I escape? Every move is punctuated. Crimea Street.

     Dead end again.

A Saracen, Kremlin-2 mesh. Makrolon face-shields. Walkie-

     talkies. What is

My name? Where am I coming from? Where am I going?

     A fusillade of question-marks.

(Belfast Confetti)

Ní bréag a rá gur fhág Béal Feirste agus a phobal lorg air agus eisean orthusan. Rinne sé cónaí buan sa chathair in ainneoin an fhoréigin agus scríobh sé leis go coinsiasach ar a cuid taomanna ar feadh a shaoil.

Nuair a d’éirigh sé as a chuid cúraimí leis an Chomhairle Ealaíon, d’fhill sé ar Ollscoil na Ríona agus chuidigh sé le hIonad Séamus Heaney don Fhilíocht a bhunú, rud a thug deis dó tionchar a imirt ar ghlúin nua scríbhneoirí, scríbhneoirí a tháinig as Éirinn agus as cúinní eile den chruinne.

Rinneadh stiúrthóir den ionad sin de agus tugadh gradam ollaimh air as a chuid oibre. D’éirigh sé as an chúram sin sa bhliain 2016 ach ba mhinic é le feiceáil faoin ollscoil agus faoi shiopaí leabhar na cathrach, No Alibis agus Waterstones, agus é i láthair ag seoladh leabhair nó ag ransú na seilfeanna chun leabhar a fháil.

Scríbhneoir ildánach a bhí ann.

Le cois a chuid filíochta féin, thug sé faoi úrscéalta agus bhain sé triail as ábhar a aistriú ó theangacha éagsúla, an Ghaeilge ina measc.

Scríobh sé leagan Béarla den Táin agus leagan Béarla de Chúirt an Mheán Oíche le Brian Merriman, mar shampla.

Ní nach ionadh, thuill sé moladh mór óna lucht aitheantais as feabhas a chuid scríbhneoireachta agus rinneadh ball d’Aosdána de.

Mhol lucht ealaíne na hÉireann, thuaidh agus theas, é an tseachtain seo. Dúirt Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann:

“Chum Ciarán Carson cuid de na dánta Béarla is fearr a scríobhadh lenár linn, cuid de na cinn is fearr a scríobhadh riamh in Éirinn; bhí de shamhlaíocht agus de chruthaitheach ann scríobh faoi Bhéal Feirste ar bhealach a rinne cathair dá chuid féin di, sráid ar shráid…”

Dúirt an Chomhairle Ealaíon i mBaile Átha Cliath:

“Ba scríbhneoir é a raibh cumas, samhlaíocht agus raon as an ngnách ag baint leis. Bíodh gur mar fhile iontach agus bisiúil is fearr a bhí aithne air bhí a chuid próis chomh hiontach céanna, agus b’amhlaidh dá shaothar aistriúcháin.”

Dúirt an scríbhneoir, Glenn Patterson, le Raidió Uladh gur “duine de na sárstílithe” é mar fhile agus mar scríbhneoir próis.

“Ní raibh a shárú ann ag scríobh faoi Bhéal Feirste, dar liom,” arsa Patterson.

Foilseofar cnuasach deireanach Chiaráin Carson, Still Life i mBéal Feirste níos déanaí an mhí seo.

Maireann a bhean chéile, Deirdre agus a gcuid páistí, Manus, Gerard agus Mary, a dheirfiúr Caitlín agus a dheartháireacha  Pat, Brendan agus Liam.

Fág freagra ar 'CIARÁN CARSON 1948-2019: ‘Chum sé cuid de na dánta is fearr a scríobhadh riamh in Éirinn’'