‘Chuirfeadh clár beo Rónáin Mhic Aodha Bhuí fonn ar aon duine a dhul lasta ag an Oireachtas’ – Anna Ní Chartúir

Sa tsraith seo, chuir muid ceist ar roinnt daoine aitheanta faoina gceangal le mórfhéile na nGael. Anna Ní Chartúir, oideachasóir agus Uachtarán ar an eagraíocht Gaeloideachas, atá linn an iarraidh seo

‘Chuirfeadh clár beo Rónáin Mhic Aodha Bhuí fonn ar aon duine a dhul lasta ag an Oireachtas’ – Anna Ní Chartúir

1. Céard is cuimhin leat faoi do chéad Oireachtas?

An chéad uair gur cuimhin liom trácht ar an Oireachtas ná mo Mhamó agus mo Dhaideo a bheith ag teacht le fanacht linn le dul ag Cór Chúil Aodha ag Oireachtas na nGael i Ros Muc. Bhí an-luí ag mo mham leis an amhránaíocht ar an sean-nós agus chuirtí na seacht bhfainic orainn, ina ngasúir, a bheith socair agus na comórtais amhránaíochta ar an sean-nós ar an raidió. Ba dheacair seisear againn a choinneáil socair. Ghlac mé páirt i gcomórtas amhránaíochta ag Oireachtas Chois Fharraige i mo ghasúr óg agus an rud is mó is cuimhin liom faoin Oireachtas sin ná fail ag teacht ar mo dheirfiúr agus í ag casadh ‘Óró Bog Liom Í’! Chríochnaigh sí an t-amhrán ach níor lig muid di dearmad a dhéanamh air ó shin agus is iomaí gáire a rinne muid faoi. Bhuaigh mo chol ceathrar Áine Ní Dhonnacha Corn Uí Riada an bhliain sin agus ba mhór an rud é ag an am.

2. An rud is fearr faoin Oireachtas?

An bród agus an mórtas cine a bhíonn le haireachtáil i measc phobail na nGaeltachtaí; an greann a bhaineann leis an lúibíní agus na hagallaimh bheirte, an chéad ghlúin eile ag teacht chun cinn, na daoine, an dea-chomluadar agus an fíbín a chruthaíonn Rónán Mac Aodha Bhuí lena chlár beo ar an Aoine, chuirfeadh sé fonn ar aon duine a ghabháil lasta ag an Oireachtas.

3. An rud is measa faoin Oireachtas?

Easpa codlata!

4. Cill Airne arís?

Tá sé in am é a thabhairt in áit éicint eile.

5. Comhairle don té atá ag freastal ar a chéad Oireachtas

Sásamh a bhaint as!

6. Club na Féile nó Corn Uí Riada?

Club na Féile don chomhluadar, ach níl tada níos fearr ná Corn Uí Riada ar an raidió i do sheomra mura n-éiríonn leat a bheith ann.

7. Dá mbeifeá i bhfeighil ar an Oireachtas, céard iad na hathruithe a dhéanfá?

Tús a chur le níos mó Déardaoin agus níos mó de na comórtais a bheith ar an Satharn. Steip a scaradh ó na comórtais eile.

8. Céard is comhartha Oireachtas maith ann?

Nuair a bhíonn sé deacair na seisiúin cheoil, amhránaíochta agus damhsa a bhíonn ag tarlú gan choinne san ionad nó sa mbaile a fhágáil agus tú stiúgtha leis an ocras agus súil leat in áit éicint eile. Níos fearr fós na comhráite a thosaíonn le ‘Chaill tú aréir é….’ Más fíor nó bréagach bíonn aiféala ort gur chaill tú rud éicint!

9. Céard iad na seifteanna atá agat le teacht slán as an Oireachtas?

Dul a chodladh luath!

10. Cén tOireachtas ab fhearr leat agus cén fáth?

Tá cuimhní ag baint leo uilig: Stiofán Ó Cualáin ag gabháil fhoinn go draíochtúil feadh an bhealaigh ar an mbus chuig an Daingean; seisiún iontach amhránaíochta tráthnóna Sathairn i Sandino’s i nDoire, Ciarán Ó Con Cheanainn ag cleachtadh sa seomra béal dorais i gCorcaigh an bhliain ar bhuaigh sé Corn Uí Riada, beannacht Dé leis. Ag dul ar seachrán le mná Charna sa Rinn. Micheál Ó Confhaola agus Corn Uí Riada faoina ascaill aige i gCathair na Mart. Seans gurb é an tOireachtas i nGaoth Dobhair ab fhearr liom; an turas fada ann agus an exhaust ag titim den charr — a dheisigh fear seiftiúil as Bleá Cliath le beilt as a mhála — rud a d’fhág gur bhain muid ceann scríbe amach díreach sular tháinig TG4 ar an aer den chéad uair. Bhí atmaisféar an dóchais ann an oíche sin agus is cuimhin liom an damhsa ar na boird ag deireadh oíche — níor dhuine acu siúd mé féin ar ndóigh! Ba dheacair an seisiún amhránaíochta sa Seaview a fhágáil maidin Domhnaigh, bhí fonnadóirí den scoth ann, Joe John Mac an Iomaire ina measc, beannacht Dé leis, agus muid faoi dhraíocht ag ‘Bean an Fhir Rua’.

Fág freagra ar '‘Chuirfeadh clár beo Rónáin Mhic Aodha Bhuí fonn ar aon duine a dhul lasta ag an Oireachtas’ – Anna Ní Chartúir'