Chuimhnigh ar Johnny Chóil Mhaidhc agus dúirt gurbh fhearr dom féin is don Spáinneach cloí leis na teangacha ba líofa againn

Chaith ár gcolúnaí cúpla lá i bpríomhchathair na Spáinne an tseachtain seo caite mar a bhfuair sé éachtaint ar chúrsaí spóirt sin

Chuimhnigh ar Johnny Chóil Mhaidhc agus dúirt gurbh fhearr dom féin is don Spáinneach cloí leis na teangacha ba líofa againn

Chaith mé cúpla lá i bpríomhchathair na Spáinne an tseachtain seo caite. Níor fhreastail mé ar aon ócáid spóirt, ach mo léan níorbh shin le rá gur i gcúl m’intinne a bhí an t-ábhar i gcaitheamh an ama.

Ba bheag nár bhuail lagar mé tráthnóna Dé Sathairn agus mé ag déanamh ar thábhairne Éireannach i lár na cathrach go bhfeicfinn an choimhlint idir fhoirne rugbaí na hÉireann agus na hAlban ar an teilifís. Céard a bheadh romham ach scuaine cúpla scór duine ag faire ar dhul isteach sa ‘James Joyce’ agus muid i bhfoisceacht ceathrú huaire de thús na himeartha.

Bhí deich nóiméad de sin caite agus gan imithe as a measc siúd ach beirt nó triúr. Bhuail an mhífhoighid mé agus ní raibh agam ach dul suas chuig duine de na doirseoirí slándála a bhí taobh amuigh go bhfiafróinn de an raibh seans faoin spéir go dtiocfadh aon dlús le cúrsaí.

‘Fan go mbeidh an sacar thart, beidh agat ansin,’ a dúirt sé. Níor chuimhnigh mé go dtí sin go raibh Manchester United agus Liverpool ag lascadh a chéile ar an teilifís.

B’fhíor dó.  Dhá mheandar ina dhiaidh bhí lucht leanta na gcaillteoirí ag dul i mullach a chéile, iad ag teitheadh ón áit agus ó scigmhagadh a gcéilí comhraic. Ba bheag suim a bhí sa rugbaí ag go leor acusan ach an oiread  agus bhí áit os comhair an scáileáin mhóir agam faoin am ar  chuir Finn Russell tús le himeachtaí san Aviva.

Ar mo bhealach ar ais abhaile agus an imirt déanta shiúil mé thar an réileán tairbh i Madrid, an  Plaza de Toros Las Ventas. Foirgneamh thar a bheith álainn atá ann a bhfuil cruth Coliseum na Róimhe air – lán le háirsí,  ach sa gcás seo gur le cloch dhearg atá Las Ventas tógtha. Sheas mé in áirse an phríomhdhorais atá ar dhéanamh crú capaill agus  chomh maorga leis an mbealach isteach sa bpálás is breátha a d’fheicfeá.

Bhí sé ródheireanach sa lá le haon bhlas eile de a fheiceáil, a dúirt fear a chas dom agus a bhí ag obair ann –  togha an Bhéarla aige. Bhí an fear gnaíúil céanna sásta chuile cheist a chuir mé a fhreagairt.

Tuairim 25,000 duine a líonfadh é, a d’inis sé dom, ach ní thosóidh na tarbhchomhraic ann go dtiocfaidh an Cháisc – seachas áit nó dhó is idir an t-am sin den bhliain agus deireadh an Fhómhair a bhíonn siad ina neart i mórán chuile cheard den Spáinn, a dúirt sé.

Bhraithfeadh praghas  na dticéad ar an gcuid sin de Las Ventas ina raibh tú i do shuí, a dúirt sé – ach sa gcás seo ní gá go mba iad na cinn ba ghaire den aicsean ba dhaoire, mar a bhíonn de ghnáth. Scáth na gréine a fhágann duine ag cur a láimhe níos doimhne ina phóca i réileáin na dtarbh is cosúil. Tuairim €25 a bheadh ar na cinn is saoire agus as sin suas.  Ba mhaith a dhéanfadh an té a thiocfadh ann piliúr nó cúisín a bheith leo ag teacht freisin, dar leis – tá na suíocháin cloiche thar a bheith crua.

Le linn mhí na Bealtaine agus an chéad choicís de Mheitheamh bíonn tarbhchomhraic sa staid chuile lá mar gurb in féile San Isidro, naomhphátrún Madrid. Bíonn féile dá leithéid ag mórán chuile chathair agus baile mór sa tír in ómós dá naoimh féin, a dúirt mo chara.

Nuair a d’fhiosraigh mé faoin gcontúirt é, dúirt sé gur matador amháin a maraíodh sa Spáinn ar fad ó theacht na Mílaoise. Fós, ar fhaitíos na bhfaitíos tá ospidéal beag agus séipéilín ina gcuid den fhoirgneamh ina raibh muid ina seasamh.

Lá arna mhárach chuaigh an bus ina raibh mé thar an Bernabéu, ceannáras Real Madrid, ach ba iad a naimhde Athlético ab ansa leis an tiománaí tacsaí a thug chuig an aerfort mé Dé Luain.

Líon sé amach a chliabhrach nuair a ’spáin sé an staid nua ina bhfuil siad anois ón am seo anuraidh – an Wanda Metropolitano. Tá sé níos mó agus níos galánta ná an Estadio Vicente Calderón inar chaith siad leathchéad bliain.

Ba mhó fonn cainte a bhí air faoin gcaoi a raibh Athlético chun cinn ar Real ar thábla La Liga agus an chosúlacht ar an scéal gur amhlaidh a bheas nuair a thiocfaidh an comórtas chun críche ag tarraingt ar dheireadh na Bealtaine.

Tá an oiread de ghráin ag an dá dhream ar a chéile agus atá ag an diabhal ar an uisce coisricthe. Ní hé an sacar amháin a dhéanann iad a dheighilt ach freisin cúrsaí aicme, cultúir, saibhris agus polaitíochta.

Rud nach raibh a fhios agam, áfach, ab ea go mba iad Athlético ab ansa le lucht leanta Franco gur tháinig caogaidí an chéid seo caite, tráth a ndearna an deachtóir iarracht buntáiste pholaitiúil a bhaint as an rath a bhí ar Real i gcomórtais na hEorpa ag am.

In áit na leithphingine a bhí Athlético agus Real ag buachan Chorn na hEorpa cúig huaire as a chéile idir 1955 agus 1960. Anois, ainneoin gurbh iad a bhuaigh comórtas na Sraithe anuraidh, is cosúil nach bhfuil Ronaldo agus a chairde baol ar chomh cumasach agus a bhí.

Aon uair amháin sna naoi gcluiche sraithe is deireanaí atá imeartha idir an dá chlub a bhí an bua ag Real ar Athléitico, a dúirt an tiománaí.

Tabharfaidh sracfhéachaint ar an tábla mar atá sé faoi láthair le fios duit go bhfuil 72 pointe ag Barcelona, 64 ag Athlético agus 57 ag Real agus dhá dtrian den imirt déanta. Ní móide gurb iad foireann an tiománaí a bhuafaidh La Liga, ach má chríochnaíonn siad chun cinn ar a naimhde, déanfaidh sin go fóilleach é.

Cén t-iontas is dóigh – agus dhá bhliain caite i Roinn 2 acu, d’fhill Athlético ar an bpríomhroinn in 2002. Sna deich séasúr a lean sin, chinn orthu an bua a fháil ar Real aon uair amháin féin fiú.

Bhí an t-aerfort beagnach sroichte againn nuair a bhain mé osna as – Fernando Torres a tharraingt anuas ba chúis leis sin.

Tá sé siúd anois ar ais le Athlético, an club ar scóráil sé 82 cúl dóibh sular dhíoladar le Liverpool é in 2007. Scóráil sé 65 cúl dóibhsean agus bhí Torres ar an séú himreoir ba chostasaí ar domhan nuair a thug Chelsea £50 milliún air in 2011. Thréig a chumas scórála cuid mhaith ina dhiaidh sin é – níor scóráil sé ach 20 cúl sna 4 bliana a chaith sé i Londain agus ceann amháin sa dá bhliain a chaith sé i Milan sular fhill sé ar Madrid trí bliana ó shin.

Mar ionadaí is mó a fheictear anois é, gan scóráilte an séasúr seo  i La Liga ag Fernando bocht  ach dhá chúl.

‘He only 34 years old, but I theenk he is on his last feet,’ a deir an tiománaí agus é ag oscailt an dorais dom ag an aerfort.

Shantaigh mé a theacht leis agus a rá,  ‘Yes, his good is done,’  ach chuimhnigh mé ar Johnny Chóil Mhaidhc, trócaire air, agus an méid a dúirt sé faoi Ghaeilgeoir tráth, agus dúirt mé gurbh fhearr dom fhéin is don Spáinneach cloí leis na teangacha ba líofa ag an mbeirt againn.

Fág freagra ar 'Chuimhnigh ar Johnny Chóil Mhaidhc agus dúirt gurbh fhearr dom féin is don Spáinneach cloí leis na teangacha ba líofa againn'