Chuile dhuine sásta Taispeántas Chois Fharraige a bheith ar ais

Scéal an dá thír atá sna seónna talmhaíochta a bhíonn ar bun chuile shamhradh              

Chuile dhuine sásta Taispeántas Chois Fharraige a bheith ar ais

“Come here ’til you see these really strange sheep,” a dúirt an lead óg lena chomrádaí agus iad ag déanamh ar cheann de na cróite ina raibh na caoirigh á gcoinneáil ag Taispeántas Chois Fharraige sa Spidéal an Domhnach seo caite. Is cosúil nach iad ainmhithe fiáine na hAfraice amháin a chuireann iontas ar ghasúir na linne seo. I gceann eile de na cróite, bhí an chuma ar bheirt leads óga eile go raibh neart taithí acu ar chaoirigh agus tréaniarracht á déanamh acu dhá chaora mhóra a bhogadh chomh fada le leantóir.

Scéal an dá thír atá sna seónna talmhaíochta a bhíonn ar bun chuile shamhradh – an mionlach atá ag iarraidh a gcoda a shaothrú ón talamh ag cur iontais, áthais agus beagán den chaitheamh i ndiaidh, b’fhéidir, ar lucht cathrach agus ar mhuintir na mbailte agus suburbia.

De réir suirbhé a rinneadh don eagraíocht  Agri Aware in 2018 níor leag duine as gach deichniúr sa tír cois ar fheilm riamh ina shaol. Agus de réir taighde a rinneadh sa Ríocht Aontaithe an bhliain chéanna, ní fhaca duine óg amháin as gach ochtar bó riamh.

Ach ní i bhfad ón bhfeilm nó ón ngabháltas beag a tógadh go leor de mhuintir na hÉireann agus is maith iad na seónna talmhaíochta le sin a thabhairt chun cuimhne. D’fhreastail 3,500 duine ar Sheó Uachtar Ard an Domhnach deiridh de mhí Lúnasa – sin an slua is mó le fada an lá – agus 60,000 a bhí i láthair ag Seó Thulach Mhór cúpla seachtain ó shin.

Táthar ag súil go bhfreastalóidh 300,000 duine ar an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta a bheas ar bun ar feadh trí lá i gcontae Laoise níos deireanaí an mhí seo.

Tá Taispeántas Chois Fharraige á reáchtáil ag Coláiste Chonnacht sa Spidéal ó dheireadh na 1940idí nó tús na 1950idí agus cé gur ligeadh i léig é ar feadh roinnt blianta rinneadh athbheochan air sna 1970idí agus meastar go mbíonn suas le 1,000 duine ag freastal air chuile bhliain sa lá atá inniu ann.

14 comórtas a bhí ann do na caoirigh i mbliana agus ní gasúir amháin a bhí ag cur suime iontu. Bhíodar ann as Uachtar Ard agus as an tSraith Salach le caoirigh bheaga scafánta an éadain dhuibh, na caoirigh úd a gcuireann turasóirí spéis iontu is iad ar féarach ar thaobh an bhóthair i gConamara . Bhí muintir na Ceathrún Rua agus muintir Chlár Chlainne Mhuiris ann le caoirigh den mhianach Cheviot. Ní fios cén mianach a d’airigh chomh haisteach sin do shúile an ghasúir úid.

40 bliain ó shin, ar an Domhnach 22 Lúnasa 1982, ba cheithre chomórtas do chaoirigh a bhí ag an taispeántas. Seacht gcinn de chomórtais a bhí ann do bheithígh i 1982, ach níl comórtas ar bith ann do bheithígh a thuilleadh. Tá difríochtaí eile ann idir clár an lae inniu agus ceann 1982, ach an príomhcheann acu an méadú suntasach atá tagtha ar líon na gcomórtas le 40 bliain, ó 85 i 1982 go 132 i mbliana.

Is iad na capaillíní a mhúsclaíonn go leor spéise ag seónna Chonamara i gcaitheamh an tsamhraidh – ar an gCeathrú Rua, ar an Teach Dóite, i mBaile Conaola agus ar an gCaiseal, chomh maith le seó mór an Chlocháin, agus is ar chapaillíní amháin a bhíonn seó Chloch na Rón dírithe.

Suas le 20 comórtas do na capaillíní a bhí ann ag Taispeántas Chois Fharraige i mbliana, i gcomparáid le naoi gcinn i 1982, agus bhí lucht na gcapaillíní ann ó mhoch maidin as chuile chearn de Chonamara, as oirthear na Gaillimhe agus as contaetha Chill Chainnigh is na hIarmhí. Suas le €3,000 a tugtar i nduaiseanna do na capaillíní ag an taispeántas.

An stail Moorland Snowy River, le Caoilfhinn O’Malley as an gCeathrú Rua, a roghnaíodh mar Scothchapaillín an Taispeántais. Bronnadh Buan-Chorn Cuimhneacháin John Enda Ó Féinneadha agus €200 ar Chaoilfhinn.

I measc na mbuaiteoirí eile a bhí ann ar an Domhnach, bhain Crusheen Mountain Rebel amach an gradam don Scothshearrach agus chroch a úinéir Val Noone, as Baile Chláir,  leis Buan-Chorn Cuimhneacháin Fraincín Kelly agus €75.

Ba le Cathy Snow agus Martin Coyne, as Leitir Fraic, an capaillín a bhuaigh an comórtas don Seaimpín Sóisearach agus iad ag fáil corn is €100. Agus ba í an láir Clover Hill Princess Jade, le Pádraic Folan, as Indreabhán, a bhuaigh an comórtas a bhí teoranta don cheantar ó Bhearna go Droichead Chasla.

Ní gan dua agus obair go leor a reáchtáiltear imeacht ar nós Taispeántas Chois Fharraige agus 14 duine uilig atá ar an gcoiste, de réir an chlárleabhair. Ina dteannta siúd, tugann daoine a gcuid ama go fial flaithiúil ar an lá agus iad ag cabhrú maidir le hearraí a shocrú i Halla an Choláiste, le tráchtaireacht a dhéanamh ar na himeachtaí agus leis an trácht a mhaoirsiú, i measc cúraimí eile.

Rinne Treasa Bhreathnach eagrán faoi leith den chlár Iris Aniar a craoladh ar Raidió na Gaeltachta an mhaidin i ndiaidh an taispeántais.  (Ba í Treasa an rinne an tsraith bhreá faoi chúrsaí feilméarachta  Dúshlán na Feirme a bhí le cloisteáil ar Raidió na Gaeltachta níos luaithe i mbliana.)

Ag labhairt di ar Iris Aniar thug an leaschisteoir, Georgina Lockhart, le fios go mbíonn cruinnithe ann go minic sna míonna roimh an taispeántas. Bíonn an taispeántas ag brath ar urraíocht ó ghnóthaí is ó eagraíochtaí áitiúla, ar fhógraí sa chlárleabhar agus ar na táillí iontrála, a dúirt sí. Is í an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail an príomhurraitheoir a bhí ann i mbliana.

Ar an eagrán speisialta d’Iris Aniar, roinn daoine a raibh baint acu le Taispeántas Chois Fharraige i gcaitheamh na mblianta a saineolas agus a gcuimhní cinn. Orthu siúd bhí Tomás Ó Conghaile, a bhí ina chathaoirleach ar an gcoiste go dtí blianta beaga ó shin.

“Bhí an-bhéim anseo i gcónaí ar an obair cheardaíochta agus ar an obair lámhdhéanta,” a dúirt sé.

“Bhíodh go leor an t-am sin ag cniotáil sa mbaile. Chonaic mé an t-im baile anseo i lár na 1990idí.”

Maidir leis an gcoiste, dúirt Tomás Ó Conghaile nach mbíonn gá le coiste mór. Is leor “dornán beag daoine atá i ndáiríre faoin rud,” a dúirt sé.

“Sé an Halla agus na madraí a thaispeánann dhuit cén suim atá ag muintir na háite sa taispeántas,” a dúirt an Conghaileach.

Ba léir mar sin go raibh go leor suime ag muintir an Spidéil i dtaispeántas 2022. Bhí madraí go leor de chuile mhianach san iomaíocht i 12 comórtas.  I 1982 ní raibh ann ach ceithre chomórtas: don mhaidrín beag bídeach, don mhada fóinteach agus don mhada oibre, chomh maith le comórtas do scothmhadra an taispeántais.

Mar is iondúil, bhí dianiomaíocht i Halla an Choláiste, áit a raibh na comórtais á reáchtáil sna ranna a bhaineann leis an  bhfeilm, an garraí glasraí, torthaí, bláthanna agus tíos. Is iad na ranna ceannann céanna a bhí ann dhá scór bliain ó shin agus go leor de na comórtais mar a bhí.

Bhí iontrálacha go leor sna comórtais tís agus neart cácaí milse, scónaí, toirtíní agus crúscaí suibhe ar taispeáint. Ní haon iontas é mar sin gur fhiafraigh bean amháin an bhféadfaí na hearraí a cheannach. Agus bhí an t-im baile le feiceáil ann i mbliana, cé nach raibh ach iomaitheoir nó dhó i gceist.   

Mar a dúirt Tomás Ó Conghaile, bhíodh béim go leor ar an tionscail tuaithe sna blianta siar. I 1982, bhí comórtais ann nach bhfuil ann a thuilleadh, leithéidí ball lámhbhróidnithe, péire stocaí, brat teallaigh lámhdhéanta as olann, an ball is fearr in obair thaipéise agus an cliabh is fearr. Ach i mbliana bhí saothair go leor lámhdhéanta as adhmad ar ardchaighdeán ar taispeáint.

Faoi 3.30pm ar an Domhnach, bhí lucht na gcapaillíní agus lucht na gcaorach ar an mbealach abhaile sna jípeanna agus an chreach roinnte. I Halla an Choláiste, bhí na hiomaitheoirí éagsúla ag tabhairt leo a gcuid.

Bhí an lá ina pheata agus gan aon chosúlacht ann ar an drochaimsir a bhí tuartha. Bhí trí bliana fada caite ó bhí seó talmhaíochta ar bith ann in Éirinn. Ba sásta a bhí chuile dhuine.

Fág freagra ar 'Chuile dhuine sásta Taispeántas Chois Fharraige a bheith ar ais'