Chuardaigh muid agus chuardaigh muid ach deamhan ubh chásca a d’aimsigh muid

Ní haon dochar don tuismitheoir atá ullamh cúpla ubh a bheith i dtaisce ina póca aici agus iad réidh le scaipeadh amach

Chuardaigh muid agus chuardaigh muid ach deamhan ubh chásca a d’aimsigh muid

Tá cathú orm ar feadh mo shaoil i ndiaidh na n-uibheacha Cásca nár éirigh liom a aimsiú.  Thosaigh sé ar fad tuairim is dhá scór bliain ó shin nuair a tháinig muid ródheireanach ag an bpáirc ina raibh an tóraíocht uibheacha eagraithe.

D’ardaigh ár gcroíthe is muid ag siúl suas go dtí an gairdín nuair a chonaic muid na maisiúcháin Chásca, is na crainnte feistithe amach le ribíní ildaite. Ach ní fada nó gur thug muid faoi deara gur muid an t-aon dream a bhí ag dul ina threo. Bhí chuile dhuine eile ag imeacht as.

‘Tá sé thart,’ a deir fear amháin linn is lámh amháin á croitheadh san aer aige, ‘tá chuile shórt imithe.’ Bhí ciseán lán le huibheacha ildaite sa lámh eile aige. Cuimhneoidh mé go deo air.

Is ansin a thosaigh an caoineadh (a bhí drámatúil agus beagáinín thar fóir, admhaím anois).  Nuair a bhí ár ndóthain caointe againn, chuir muid guaim orainn féin is tharraing an misneach chugainn arís.  

Cé a ghlacfadh le focal an strainséara? Ní dhéanfadh ach amadán é sin. Nárbh é an rud ciallmhar le déanamh ná cruthúnas a fháil muid féin? Ní bheadh a fhios agat, b’fhéidir nach raibh gach ubh faighte. Chaithfeadh muid é a fheiceáil lenár súile féin.

Gairdín cnocach, féarach agus crainnte mórthimpeall air ab ea an áit a raibh an tóraíocht á heagrú. Rith muid suas an cnocán is thosaigh ag cíoradh na páirce go dóchasach. Chuardaigh muid agus chuardaigh muid ach bhí sé bánaithe romhainn, is dheamhan ubh dhaite a d’aimsigh muid.

Deirtear go bhfanann imeachtaí d’óige leat ar feadh do shaoil, is dóigh gurb é sin an fáth nach mbíonn aon trust agam as tóraíochtaí uibheacha Cásca ó shin. Téann sé go smior.

Ní haon dochar don tuismitheoir atá ullamh cúpla ubh a bheith i dtaisce ina póca aici agus iad réidh le scaipeadh amach, ach gaoth an fhocail a fháil. Ní bheadh a fhios agat cén uair a dteastódh soláthar éigeandála uibheacha ildaite uait.

D’fhéadfá a bheith á gcaitheamh i do dhiaidh is tú ag siúl mar a rinne Hansel agus Gretel leis an smeadar aráin sa gcoill.

Go deimhin, d’fhéadfá tosú seachtain nó coicís roimh an gCáisc is a bheith á gcaitheamh uait chuile áit a ngabhfaidh tú. Ní hamháin go mbeidh tú in ann do bhealach a dhéanamh abhaile arís (mura mbeidh siad ite ag na héanacha) ach beidh tú ag scaipeadh sonais ag an am céanna.

Is ar uibheacha Cásca a bhí an chaint ar fad sa bpáirc spraoi an lá cheana. ‘Is é an rud is measa faoi na huibheacha móra,’ a deir leaid óg a bhí ina shuí ar cheann de na luascadáin agus lucht éisteachta cruinnithe thart air, ‘ná go mbíonn siad folamh.’

‘Chuile cheann acu?’ a d’fhiafraigh buachaill sa slua a bhí níos óige ná é fhéin is nach raibh an oiread den saol feicthe fós aige, ba léir.

‘Chuile cheann,’ a d’fhreagair Saoi na Páirce Spraoi. ‘Bliain amháin,’ a deir sé, ‘d’iarr mé an Creme Egg mór agus fuair mé í.’

Lig an slua cnead astu. 

Lean an Saoi ar aghaidh agus ualach an tsaoil air. Bhí sé uilig feicthe aige, bolg dorcha na n-uibheacha Cásca. ‘Cheap mé go mbeadh mé á hithe go deo, ach bhí sí folamh!’

‘Ní raibh an stuif bán istigh ann?’ a d’fhiafraigh an Cailín Mór Beag agus í neadaithe isteach sa slua ag éisteacht leis na rúin á scaoileadh.

‘Ní raibh ann ach aer,’ a deir an Saoi go díomách. ‘Aer!’

*Nóta: Tháinig scéala chuig Coinín na Cásca i rith na seachtaine go bhfuil aistarraingt déanta ag Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann ar roinnt táirgí Cásca de chuid Kinder. Tá an liosta táirgí le fáil ar shuíomh an FSAI 

Fág freagra ar 'Chuardaigh muid agus chuardaigh muid ach deamhan ubh chásca a d’aimsigh muid'

  • Niall Gòrdan (Niall na Naoi bPionta)

    An-mhaith ar fad, mar is nós! Ach dháirire is drochrud é go bhfuilear ag aistarraingt táirgí Kinder, mo léan….