Chuaigh rudaí ó mhaith, bhí drochchríoch ar an drochthruip…

Arbh é an fórsa céanna a thug ar ár gcolúnaí agus ar dhlúthchara leis dul ag snámh i bhfarraige shioctha mhí Feabhra agus a thug ar cheathrar dlúthchairde as an mbaile céanna LSD a ghlacadh?

Chuaigh rudaí ó mhaith, bhí drochchríoch ar an drochthruip…

Bhí muid ag siúl i lár na foraoise nuair a tháinig an t-ábhar aníos sa gcomhrá. Chlúdaigh mo dhlúthchara a bhéal lena lámh, alltacht ina shúile.

Ní raibh an scéal léite sa nuachtán áitiúil aige toisc go bhfuil cónaí air féin san ardchathair le blianta fada anuas, agus ag deireadh an lae is beag rud suimiúil a tharlaíonn sa bhaile mór inar fhás muid aníos.

Ach Dé Domhnaigh na seachtaine seo caite, dhúnmharaigh fear i dtús na bhfichidí dlúthchara leis ag cóisir ina árasán.

Bhí an bheirt sin agus beirt chairde eile a bhí i láthair tar éis an druga LSD a ghlacadh, leadrán dianghlasála orthu gach seans. Chuaigh rudaí ó mhaith. Bhí drochchríoch ar dhrochthruip.

Dream dlúthchairde a bhí sa cheathrar a dhéanadh gach aon rud le chéile: spórt, saoire, dul amach san oíche. Bhí oideachas tríú leibhéal ar gach aon duine acu. Sháigh fear acu fear eile le scian. Tá duine marbh agus tá saol an triúir eile millte.

Ba mhaith a thuig mé cén fáth ar bhain an scéal sin siar chomh mór sin as mo dhlúthchara féin. Blianta ó shin, ghlac mo chara LSD agus bhí drochthruip aige a lean roinnt laethanta. Síceolaí agus scríbhneoir é mo chara. Druga a bhfuil tóir ar leith ag síceolaithe agus scríbhneoirí air é LSD.

‘Rinne mé gach rud mícheart,’ a dúirt mo chara agus muid ag siúl tríd an bhforaois, an eachtra sin á tabhairt chun cuimhne aige. ‘Trí thimpiste nó trí aineolas ghlac mé dáileog a bhí ceithre oiread níos mó ná an dáileog mholta. Bhí mé i seomra a bhí i bhfad róspreagúil do na súile. Ach ba é an botún ba mhó a rinne mé ná go raibh mé liom féin.’

Ní mór drugaí sícighníomhacha a thógáil i gcuideachta daoine eile, daoine níos oilte ná thú más féidir; bhí a fhios agam an méid sin ó mo thaithí féin le tae sícighníomhach Santo Daime, nó ayahuasca mar is fearr aithne air san Eoraip.

Níor chuir an drochthruip a bhí ag mo chara bac air triail a bhaint as drugaí sícighníomhacha eile ina dhiaidh sin. Cé nár phléigh muid riamh é bhí sé socraithe agam i m’aigne féin le fada an lá go nglacfainn le cuireadh uaidh triail a bhaint as druga sícighníomhach ina theannta – LSD san áireamh – dá dtiocfadh an deis aníos. Mo chara is fearr… céard a d’fhéadfadh dul mícheart?

Bhí an fhoraois fágtha inár ndiaidh againn faoin am seo agus bhí muid ag treabhadh linn trí mhuiríneach na ndumhcha gainimh, rud nach bhfuil cead a dhéanamh, ach céard é an fáth arís go gcumtar rialacha?

‘Tá muid an-ghar don fharraige,’ a dúirt mo chara. ‘Téimis ag snámh.’

Bhí an tráthnóna go hálainn, cinnte: spéir gheal ghorm agus solas órga ar imireacha donnghlasa na ndumhcha. Ach tús mhí Feabhra a bhí ann, seacht gcéim Celsius ba ea an teocht agus bheadh siúlóid cúig chiliméadar abhaile romhainn tar éis an tsnámha.

Agus na míbhuntáistí agus go deimhin na contúirtí a bhainfeadh leis an eachtra seo á bplé againn tháinig luas faoinár siúl, muid ag sciorradh linn thar an talamh achrannach mar a bheadh fórsa osnádúrtha dochloíte ár mealladh i dtreo na farraige. Ar bhandia mara a bhí i mbun oibre anseo nó dinimic ár gcairdis féin, mo chara ag tabhairt mo dhúshláin ach ag súil le hugach uaim ag an am céanna? Bhí mé ag sodar ina dhiaidh, go litriúil fiú amháin, ach ba mhaith a bhí a fhios agam nach léimfeadh sé isteach san uisce préachta mura léimfinnse. Agus ár gcuid éadaí á mbaint dínn againn shamhlaigh mé gur fórsa dá leithéid a bhrúigh an ceathrar fear óg sin thar bharr na haille agus isteach i ndrochthruip; agus mo chara á leanúint isteach i mbrachlainn na Mara Thuaidh agam rith sé liom go bhféadfainn turraing theirmeach a fhulaingt, ach cén dochar, bheadh mo chara le mo thaobh.

Fág freagra ar 'Chuaigh rudaí ó mhaith, bhí drochchríoch ar an drochthruip…'