Christy O’ Connor Junior ar shlí na fírinne

Tá an galfaire cáiliúil Christy O’ Connor Junior imithe ar shlí na fírinne in aois a 67 bliain

Christy O’Connor Jnr, tar éis dó Craobhchomórtas Oscailte Sinsear na Breataine i 1999. Pictiúr: INPHO/ALLSPORT ©INPHO/ALLSPORT
Christy O’Connor Jnr, tar éis dó Craobhchomórtas Oscailte Sinsear na Breataine i 1999. Pictiúr: INPHO/ALLSPORT ©INPHO/ALLSPORT

Le clan cáiliúil na gConchubharach as Cnoc na Cathrach ar imeall thiar chathair na Gaillimhe a bhain Christy O’ Connor Junior atá tar éis bháis go tobann sa Spáinn in aois a 67 bliain

Baisteadh ‘Junior’ air lena dhealú óna uncail den ainm céanna a raibh iomaire gailf na hEorpa agus an domhain treafa aige féin roimhe.

Mar a bhí déanta ag sean-Christy, a luaithe agus a bhí sé críochnaithe lena chuid scolaíochta, chuaigh ‘Junior’ ag plé leis an ngalf go gairmiúil agus nuair a bunaíodh an European Tour i 1972 chaith sé bliain agus fiche agus é áirithe ar dhuine de na galfairí ab fhearr sa réigiún sin.

I 1974 bhuaigh sé Craobh Oscailte Gailf na Saimbia agus an bhliain dar gcionn thug sé Craobh Oscailte na hÉireann leis nuair a himríodh an comórtas sin den chéad uair le breis agus 20 bliain.

Ar na Craobhacha Idirnáisiúnta eile a bhuaigh sé bhí Craobh Oscailte Oileáin Geirsí i 1989 agus an Dunhill British Masters i 1992. Bhuaigh sé Craobh Oscailte na Breataine do na Sinsir faoi dhó (1999 & 2000) agus bhuaigh sé Comórtas Sinsear sna Stáit Aontaithe freisin.

D’imir sé ar fhoireann Chorn Ryder faoi dhó, sa bhliain 1975 nuair a bhuaigh na Stáit Aontaithe ar an mBreatain agus ar Éirinn agus arís i 1989 sa Belfry, áit a bhuail sé ceann de na buillí is cáiliúla i gcluiche an ghailf – cnag d’iarann uimhir 2 a chinntigh gur chríochnaigh sé cothrom le Freddie Couples ar an 18ú poll  agus a thug an Corn don Eoraip.

Fág freagra ar 'Christy O’ Connor Junior ar shlí na fírinne'