‘Bunófar Coimisiún ar Bhratacha, Féiniúlacht, Cultúr agus Traidisiún faoi mhí an Mheithimh 2015 a chuirfidh tuairisc ar fáil faoi Nollaig 2016… Tá rún ag Rialtas na Breataine freagracht as Paráidí agus Agóidí a dhílárú chuig Tionól Thuaisceart Éireann agus cuirfidh Oifig an Chéad agus an Leas-Chéad Aire moltaí lena aghaidh sin faoi bhráid an Fheidhmeannais faoi Mheitheamh 2015’.
Sliocht as Comhaontú Theach Stormont ar an 23 Nollaig 2014 is ea é sin. Ní raibh dáta beacht leagtha síos mar sprioc ach ghlac an pobal leis gurb éard a bhí i gceist le ‘faoi Mheitheamh 2015’ go mbeadh beart déanta ag tús na míosa seo. Ní raibh ná caint ar bith air. Is ar an gconspóid faoi chiorruithe leasa shóisialaigh agus buiséad atáthar ag díriú, gan aird ar bith ar na gnéithe eile den Chomhaontú – íosbartaigh, oidhreacht na dtrioblóidí agus máirseálacha.
Ar éigean a thagann sé aniar aduaidh ar na polaiteoirí. Chomh cinnte le héirí na gréine géaraíonn an teannas sa Mheitheamh roimh shéasúr na máirseála. Tá ceann curtha leis an séasúr anois ag “turas an tuaiscirt” , paráid oráisteach i dtuaisceart Bhéal Feirste, oíche Dé hAoine. Mar is dual dóibh, tá Oráistigh míshásta le Coimisiún na bParáidí agus ag iarraidh go scorfaí é. Rinne an tOrd dian cháineadh ar chinneadh an Choimisiúin a d’ordaigh dóibh gan ceol maslach a sheinm in aice le heaglais Chaitliceach Naomh Pádraig, an eaglais a dtug an prionsa Charles cuairt uirthi le gairid.
Tá na haerthonnta beo le gleo faoi bhratacha an Aontais agus an Lámh Dhearg a bheith crochta ar chuaillí; péint dhearg, bhán agus ghorm ar chlocha colbha agus bruscar; idir throscán, phailléid agus bhoinn rubair á gcarnadh le haghaidh tinte cnámh na hOíche roimh an dara la déag d’Iúil. Is cosúil go bhfuil na comharthaí níos flúirsí agus níos forleithne i mbliana na mar a bhí le tamall. Tá daoine i gceantair mheasctha ag casaoid gur cuireadh bratacha in airde in aice lena dtithe, gan cead gan iarraidh.
Imeaglú is ea é, a deir cuid acu; drochíomhá de cheantar, a deir daoine eile – díluacháil a dtithe. Deir roint lucht gnó gur dídhreasú chun infheistíochta iad na bratacha agus marcáil na gceantar – gan trácht ar an droch-cháil a tharraingíonn teannas agus círéibeanna.
Údar imní é go ndúirt ionadaí ón Ord Oráisteach, an tUrramach Mervyn Gibson, go raibh baill an oird an-fheargach faoi rialú Choimisiún na bParáidí i dtaca le turas an tuaiscirt. In ionad buíochas as séasúr síochánta anuraidh, ar sé, rinneadh beag is fiú de na céimeanna a glacadh chun guaim a choinneáil ar dhaoine. Bheidís ag áiteamh ar lucht agóide a bheith síochánta, a dúirt sé, ach tá daoine an-fheargach, go háirithe mar gheall ar an gcaoi ar chaith an Statrúnaí leis an gceist.
Bhí an tUrramach Gibson ag caint tar éis bualadh leis an Státrúnaí, Theresa Villiers. Cháin sé í as easpa dul chun cinn agus dúirt go n-iarrfadh sé ar fheisirí Parlaiminte Aontachtacha gan bacadh léi feasta ach a dhul díreach ag Rialtas na Breataine thar ceann na nOraisteach. Ba chosúil go raibh súil ag an Ord go mbeadh beart déanta ag Villiers faoin am seo chun go ligfí paráid trí cheantar Ard Eoin i dtuaisceart Bheal Feirste maidin agus trathnóna ar an dara lá déag.
Is é fírinne an scéil nach bhfuil tada déanta ag Villiers ná ag polaiteoirí Stormont chun ceist na bparáidí agus na mbratacha a fhuascailt. Is é an leithscéal go raibh gach ní i gComhaontú Theach Stormont fite fuaite lena chéile; gan dul chun cinn ar an gcloch is mó ar phaidrín na dTóraithe – ciorruithe leasa shóisialta agus buiséad – ní dheanfaí tada faoi na ceisteanna eile.
Tá go dtí deireadh na míosa seo acu chun na céimeanna a gealladh sa chomhaontú i dtaca le paráidí, bratacha agus araile a chur i gcrích.
Beag seans go maolódh sé sin teannas an tsamhraidh as féin. Ach, ar a laghad, thabharfadh sé leid bheag go bhfuil daoine in inmhe a dhul i ngleic le fadhbanna seachas glacadh leis go bhfuil siosma gach samhraidh dosheachanta.
Fág freagra ar 'Chomh cinnte le héirí na gréine géaraíonn an teannas roimh shéasúr na máirseála…'