Charleston: sléacht a bhféadfaí a bheith ag súil leis

Tá dlúthbhaint idir sléacht Charleston agus foréigean institiúideach phóilíní Mheiriceá i gcoinne an phobail ghoirm, a scríobhann ár gcolúnaí

 

1000

Ba mhaith liom dá bhféadfainn a scríobh gur deacair a chreidiúint go bhféadfadh sléacht ar dhaoine gorma mar a tharla in Charleston, North Carolina oíche Dé Céadaoin, tarlú sna Stáit Aontaithe sa bhliain 2015.

Ach i bhfianaise an fhoréigin oifigiúil i gcoinne an phobail ghoirm atá feicthe againn sna Stáit Aontaithe le deireanas – do na heachtraí in Ferguson, Baltimore agus cathracha eile inar mharaigh póilíní geala daoine gorma gan chúis atáim ag tagairt – is furasta a chreidiúint gur tharla a leithéid.

Is léir don dall go mbuanaíonn iompar fhórsaí póilíneachta Mheiriceá fírinne shearbh: gur lú an luach a bhaineann le beatha an duine ghoirm sa tír sin ná an luach a bhaineann le beatha an duine ghil.

Ar ndóigh, tá baint ag an bhfáil éasca atá ar ghunnaí sna Stáit Aontaithe le tragóid Charleston freisin, agus, cinnte, tá cónaí ar ghealta ciníocha i ngach tír ar domhan.

Ach mar a dúirt Uachtarán Mheiriceá, Barack Obama in aitheasc oifigiúil faoi uafás Charleston Déardaoin: ‘Ag pointe éigin, caithfimid dul i ngleic leis, mar thír, nach dtarlaíonn foréigean ar scála mar seo i dtíortha forbartha eile.’

Is fíor dó.

Ach mar is eol don saol agus a mháthair, beidh jab nach mór dodhéanta ag an té a dteastaíonn uaidh reachtaíocht ghunnaí Mheiriceá a athrú.

‘Ní gunnaí a mharaíonn daoine. Daoine a mharaíonn daoine,’ a bhíonn le rá ag an National Rifle Association, brúghrúpa cumhachtach na n-úinéirí gunnaí i Meiriceá.

Níl meas dá laghad agam ar an dream céanna, ach, ar an drochuair, is deacair a shéanadh go bhfuil loighic áirithe ag baint leis sin mar ráiteas.

Ar an ábhar sin, fad is nach mbíonn an toil pholaitiúil ann i Meiriceá chun leasú radacach a dhéanamh ar an reachtaíocht a bhaineann le húinéireacht gunnaí, ní mór do rialtas Obama gníomhú láithreach chun deireadh a chur leis an gciníochas institiúideach ina thír, a thugann drochshampla – leithscéal, fiú – do ghealta ar nós an fhir ghil óig a dhúnmharaigh naonúr creidmheach in Charleston Dé Céadaoin.

Sna fórsaí póilíneachta ba cheart tosú.

Fág freagra ar 'Charleston: sléacht a bhféadfaí a bheith ag súil leis'

  • Micheál O Tnúthail

    Thogh pobal ciníoch Mheiriceá idir phóilíní agus uile an chéad uachtarán den chine gorm. Céard atá déanta ag an uachtarán sin agus ag a iar-aturnae ginearál Eric Holder chun cúrsaí ciníochais a fheabhsú? seachas na póilíní a cháineadh i ngach cás, ceart nó mícheart; agus aitheantas agus deis labhartha a thabhairt do léithid Al Sharpton, an bithiúnach is mó i Meiriceá, gorm nó geal.