Cérbh iad na leabhair Ghaeilge is fearr a foilsíodh in 2018?

Beagán de bhreis ar naocha leabhar Gaeilge a chonaic solas an lae le bliain anuas. Níl sa rogha seo dá réir ach cuid an bheagáin ach seo iad na teidil do dhaoine fásta is mó a chuaigh i bhfeidhm ar ár léirmheastóir…

Cérbh iad na leabhair Ghaeilge is fearr a foilsíodh in 2018?

BEATHAISNÉIS

Luíse Ghabhánach Ní Dhufaigh: Ceannródaí, Celia de Fréine, LeabhairCOMHAR, €15 bog

Tá an-dílseacht ag léitheoirí na Gaeilge don bheathaisnéis agus tá sárábhar san fhoilseachán toirtiúil seo: duine de na chéad mhná ar bhronn Ollscoil na hÉireann céim orthu, gníomhaí agus aighneasóir ar son vóta na mban, ball de Chraobh Lárnach Chumann na mBan agus duine de bhunaitheoirí Scoil Bhríde i Raghnallach. Dea-scéala é go bhfuil an seánra neamhfhicsin á fhorbairt ag LeabhairCOMHAR.

Riobard Mac Góráin: ceannródaí ildánach

Máire Nic Fhinn, Coiscéim, €10 bog

Staidéar meáite a thugann a cheart do Riobard Mac Góráin ó thaobh na ceoleolaíochta de go mór mór. Pléitear an saothrú a rinne sé ar éigse bhéil na Gaeltachta sna 50idí (cabaret agus oícheanta seanchais Ghael Linn), teacht chun cinn Cheoltóirí Chualann, a chuid oibre le Seán Ó Sé agus Seán Ó Riada, chomh maith leis an nglúin iar-Riadach: Clannad, Skara Brae, Bothy Band agus Cloigne Folmha na Ceathrún Rua sna 70idí. Cuntas spéisiúil, slachtmhar ar cheannródaí cultúrtha. 

FILÍOCHT

I gCochall Mo Chroí

Bríd Ní Mhóráin, LeabhairCOMHAR, €12 bog

Filíocht nua as an bpíosa mar aon le rogha dánta ón mbliain 1992 i leith atá i gceist leis an leabhar seo. Géarchúis, grinneas teanga agus saíocht neamhchoitianta na tréithe is túisce a ghoineann aire léitheora. File poiblí freisin í Bríd nach gceileann ‘glioscdhánta’ ar phobal na litríocha ó dheas ach go háirithe. Ealaín mhealltach le Saturio Alonso, brollach léirmhínithe le hAilbhe Ní Ghearbhuigh.

Calling Cards

Peter Fallon & Aifric Mac Aodha (Eagarthóirí), Gallery Press €12.95 bog

Nach pras freagra na bhfilí ar a chéile? Ar shála Leabhar na hAthghabhála (Bloodaxe/CIC, 2016, €16) seo chugainn barr an bhainne ó ghlúin na comhaimsire. Dánta le deichniúr, maille le haistriúcháin agus cothromaíocht chomhionann inscne, a chuirtear os coinne an tsaoil. Is maith liom go dtugtar aitheantas do Mharcas Mac Conghail go háirithe, ar foilsíodh sárchnuasach leis, Ceol Baile, in 2014. Fág faoi Mháirtín Coilféir cuimsiú cumair a dhéanamh ar ghnó misniúil an dáin: ‘Cad eile a dhéanfainn go deimhin/ ach an mianach atá ionam a fhógairt?’

SCÉINSÉIR

Lámh, Lámh Eile

Alan Titley, Cló Iar-Chonnacht, €12 bog

Clúdach suaithinseach, greann gáifeach, eachtraíocht áiféiseach, seamlas liteartha d’úrscéal. Bogshodar cruabhruite ar feadh na hÉireann, soncanna scigliteartha de réir míleáiste, agus an bleachtaire Shamus ag lorgaireacht an fheasa fhuiltigh san fhuirseoireacht fhoclach. Scéalta siamsa a scríobhadh Graham Greene tráth ach scód ceart ligthe leis an spraíscríbhneoireacht sa krimi seo. 

FICSEAN LITEARTHA

Dialann mo Mháthar

Pádraic Breathnach, Cló Iar-Chonnacht, €12 bog

Máistir aitheanta ar an ngearrscéal, tá an fhadscéalaíocht ar a thoiliúna féin freisin ag Pádraic Breathnach. Athrú glan poirt ar Deargadaoil i mBád fó Thoinn (CIC, 2012). Cuntas corraitheach agus eachtraíocht mhion ar bhás mall caidrimh é seo. Tá léarscáil de bhlár catha an ghrá agus nochtadh íogair ar uaigneas pósta san insint, de réir dhialann an phríomhcharachtair Péarla.

SCÉALAÍOCHT

Tuatha Dé Danann: Seilbh Inse Fódla

Diarmaid Johnson, Leabhar Breac, €16 crua

Is deacair adhmad a bhaint as scéalaíocht na Sean-Ghaeilge amanta agus ní furasta breith ar mhaithe na miotaseolaíochta. Tá idir chumadóireacht chruthaitheach, scrupall scolártha agus compilatio na meánaoise i gceist le Tuatha Dé Danann ina bhfitear scéal flaithiúnais Inse Fódla ó snáitheanna Chath Mhaighe Tuireadh agus Oidhe Chlainne Tuireann. Ardmholadh tugtha ag Máire Ní Fhinneadha ar Tuairisc.ie do ‘shimplíocht, nádúr agus deilbh na Gaeilge’ sa saothar. Buaiteoir Leabhar Gaeilge na Bliana ag Irish Book Awards An Post.

An Tromdhámh

Feargal Ó Béarra, Leabhar Breac, €16 crua

Aoir de chuid na Nua-Ghaeilge Moiche Tromdhámh Ghuaire agus cló úr curtha ar an téacs chun leas léitheoirí na linne seo. Is iontach an fiodmhagadh cruachainte a dhéantar ar phostúlacht scothaicme na n-ollúna agus is iomaí gáilleog de chomhairle a leasa a chuirtear ar lucht ceannais ann. Déanfaidh sé léitheoireacht thráthúil don té a shantaíonn póitmhearbhall próis agus iar-mheisce ioróine idir dhá Nollaig.

PRÓS

Oilithreach Pinn

Liam Ó Muirthile, Cois Life, €12, bog

Prós léir glan é seo ar credencial é don turas liteartha agus intleachta a rinne Liam Ó Muirthile de Chosán na bhFrancach idir Saint-Jean-Pied-de-Port agus Santiago de Compostela, aistear de bheagnach 800km. Cuntas taistil, dialann ionraic mhachnaimh, spléachadh ar cheisteanna cultúrtha, féiniúlachta agus staire atá ann. Grianghraif le Moira Sweeney. Buaiteoir Ghradam Uí Shúilleabháin 2018.

Mar a Bhí ar dTús: Cuimhne Seanghasúir, Joe Steve Ó Neachtain, Cló Iar-Chonnacht, €12 bog

Tá ardán mór déanta de bhaile beag leis an bprós cumasach seo. Léargas ar an seansaol, ar an nádúr, ar stuaim láimhe agus líofacht bhéil ann. Is iad eachtraí Phádraic Chóil Ruaidí agus a mhuintir a iompraíonn téamaí an leabhair. Cé go bhfuil greann, spraoi agus dea-chaint go barra bachall ann éilíonn an t-uaigneas a chuid féin i dtreo dheireadh an tsaothair. Scéal daonna, scéal pobail ach scéal Joe Steve freisin é.

LÉANN

Ag Caint leis an Simné: Dúshlán an Traidisiúin agus Nualitríocht na Gaeilge

Louis de Paor, Cló Iar-Chonnacht, €15 bog

Caibidil ar oidhreacht na canóine atá sa scagadh criticiúil seo: cé chomh mór is atá an nualitríocht faoi chomaoin béascna bearnaithe agus cén chomaoin a chuir gaiscígh na nua-aoise ar an dúchas féin? Tá Eochaidh Ó hEodhasa, Máire Mhac an tSaoi agus Seán Ó Ríordáin i measc na n-ábhar anailíse chomh maith le píosa ríspéisiúil clabhsúir maidir le teoiric, praitic agus polaitíocht chultúrtha an aistriúcháin. Téacs éigeantach feasta.

 

Amhráin agus Dánta Raiftearaí, Dúghlas de Híde, Leagan Athchóirithe

le Nollaig Ó Muraíle, Futa Fata, €21.95 crua

Cnuasach téagartha tábhachtach é seo de véarsaíocht Raifeartaí, bunaithe ar fhoilseacháin an Chraoibhín Aoibhinn ar an ábhar sna blianta 1903 agus 1933. Seo leagan soléite don ré seo a bhfuil tráchtaireacht bheoga an chéad eagarthóra slánaithe ann. Tugtar ceart don fhile agus dá chumadóireacht a bhuíochas den ardchaighdeán foilsitheoireachta agus de shaibhreas taighde phríomhéigeas Chonnacht, Nollaig Ó Muraíle.

 

TEANGA

Ó Bhéarla go Gaeilge

Antain Mac Lochlainn, Cois Life, €18 bog

Saothar praitice a bhfuil struchtúr céimniúil tomhaiste leis an foilseachán seo agus áis thar a bheith luachmhar d’aon duine ar cás leis an focal scríofa. Líon ollmhór moltaí i dtaca le gábha gramadaí, timchainteanna, cóiriú stílíochta agus múnlú abairtí. Údarásach, iontaofa agus thar a bheith soiléir.

 

An Meon Folaithe

Tadhg Ó hIfearnáin & John Walsh (eag.), Cois Life, €18 bog 

Deoladh eile den dioscúrsa teanga sa gcnuasach alt seo a chíorann gnéithe de mheon folaithe na sochtheangeolaíochta. An-aiste ar éagsúlacht na Gaeilge beo le Noel Ó Murchadha agus agus alt géarchúiseach eile le Laoise Ní Dhúda maidir le creideamh teanga sa mbreacbhaile ann. Aistí eile le Hugh Rowland maidir leis an LFM, Helena Ní Ghearáin, Cassie Smith-Christmas agus Timothy Currie Armstrong.

AISTÍ

An Chuid Eile Díom Féin: Aistí Próis le Máirtín Ó Direáin

Síobhra Aiken (eag.), Cló Iar-Chonnacht, €15 bog 

Prós ócáideach leis an Direánach atá sna haistí seo ó thréimhseacháin nach furasta teacht anois orthu (An Stoc, Ar Aghaidh, An Glór, Scéala Éireann) formhór na míreanna seo atá tiomsaithe ag Síobhra Aiken. Cumadóireacht ar ala na huaire cuid mhór den soláthar ach stílí maith próis a bhí in ‘Ruairí Beag’, mar a thugtaí air, agus cuireann na píosaí seo go mór leis an gcnuasach Feamainn Bhealtaine. Leabhareolas agus clár saothair ar fónamh ann chomh maith.

Fág freagra ar 'Cérbh iad na leabhair Ghaeilge is fearr a foilsíodh in 2018?'

  • Carraig

    Achoimre agus cur síos líofa slachtmhar ansin agat. Grma