Cérbh iad leabhair Ghaeilge na bliana 2025? (Cuid a dó)

Céard iad na teidil arbh fhiú leagan orthu sna gearróga dubha? Seo an dara cuid de rogha Tuairisc de theidil na bliana

Cérbh iad leabhair Ghaeilge na bliana 2025? (Cuid a dó)

Foilseacháin ar líne

Ní dhéanann lucht foclóireachta Fhoras na Gaeilge moill ná cónaí, beannú orthu. Tháinig an chóip chrua den Foclóir Nua Béarla Gaeilge ar an saol cúig bliana ó shin agus tá an Foclóir Nua Gaeilge ar fáil díreach in am don Nollaig, éadáil bhreá don phobal teanga. Tús an phota atá ann go fóilleach: 20 míle iontráil atá breac le nathanna cainte, frásaí agus samplaí úsáide. Is maith ann don chomhéadan soláimhsithe ar an ríomhaire agus ar an bhfón póca agus ceanglaítear go saoráideach i dtreo na mbunachar eile thú más gá. Gné eile den nuáil ná na frásaí ainmfhoclacha – focal mór, mar shampla – agus beidh fáil ar 30 míle iontráil agus 80 míle brí as seo go ceann dhá bhliain.

Ba cheart go mbeadh triall ag tír is talamh ar an ollsaothar seo. Thuill Crainn agus Toir le Máirín Uí Chonchubhair ardghradam anuraidh ach i mbliana tá díol dhá agus trí leabhar sa suíomh idirlín seo le saoi Chois Fharraige, Seathrún Ó Tuairisg. In imeacht 200 míle focal nó mar sin, déantar cur síos nádúrtha ach mionchúiseach ar chrainnte agus sceacha den uile chineál. Tá na grianghraif ardchaighdeáin ar áilleacht an tsaoil. Buntáiste mór millteach a bhaineann leis an bhfoilseachán seo ná gur féidir leat é a bhreith leat sa gcoill, ar thaobh an bhóthair, ar an gcriathrach fiú agus gach eolas a bheith faoi do bhois agat. Éacht scríbhneoireachta.

Léann Liteartha

  • An té a bhíonn ag gáire, Louis de Paor. CIC, €18

Toradh ar staidéar fadtréimhseach ar Bhrian Ó Nualláin is ea an leabhar seo. Tá cíoradh déanta ar gach a bhfuil scríofa ag an scríbhneoir cáiliúil agus mionscagadh déanta ar an ábhar cartlainne go léir dá bhfuil ar fáil. Leantar cló na Gaeilge ar a shaothar uile, idir Bhéarla agus Ghaeilge. Tá grianghraif spéisiúla den údar freisin ann nach bhfacthas go poiblí riamh cheana agus tá teannadh leis an insint shoiléir shocair a dhéantar ar scéal casta corrach. Eiseamláir den léann liteartha.

  • Mícheál Ó Conghaile: An Fear a Dhéanann Gaisce. In eagar ag Seán Mac Risteaird & Ciarán Mac Murchaidh. Arlen House, €25

Bíonn teidil fhiúntacha ag Arlen House cé nach furasta teacht orthu sna siopaí i gcónaí. Ní eisceacht an leabhar aistí critice seo faoi Mhicheál Ó Conghaile. Cuireadh foireann mhaith scríbhneoirí ag obair ar théada dá shaothar. Roinntear na gearrscéalta agus na húrscéalta ar Chaitlín Nic Íomhair agus Alan Titley faoi seach. ‘Scríbhneoir Mé, Lánstad’ teideal aiste duine den lucht eagair, Seán Mac Risteaird. Tá an-alt go deo scríofa ag Síle Denvir ar an gcorpas ceoil agus amhránaíochta a chnuasaigh Cló Iar-Chonnacht i gcaitheamh na mblianta agus Micheál ar an stiúir: tionscnamh leitheadach misniúil a léirigh fís agus teacht aniar.

Cérbh iad leabhair Ghaeilge na bliana 2025? (Cuid a haon)

Saibhreas Teanga

  • Dúchan: Blúirí ó Fhoclóir Mháirtín Uí Chadhain. In eagar ag Charles Dillon & Colm Ó Cuaig, ealaín le Seán Ó Flaithearta. Acadamh Ríoga na hÉireann, €25

Bhí éascaíocht stíle agus saibhreas cainte ar a chomhairle féin ag Máirtín Ó Cadhain. Má bhí, ní cheal staidéir a shaothraigh sé teilgean agus réim na Gaeilge a bhí beo lena linn. Bhailigh sé leaganacha agus chruinnigh sé stór focal ón uile chearn de Ghaeltacht na Gaillimhe agus tá ord agus eagar ar an obair sin uile faoi réir téamaí ag an lucht eagair. Cuireann ealaín Sheáin Uí Fhlaithearta toise breise áille fós leis an saothar.

Agus is é an rud is fearr ar fad faoin leabhar seo nach bhfuil i gceist leis ach taoscán ón tobar mór. Tá tuilleadh ar fáil don léitheoir cíocrach ar shuíomh an Acadaimh Ríoga: https://focloiruichadhain.ria.ie/

  • Fá Bhruach an Chladaigh: Taisce Téarmaíochta Farraige, Cormac Mac Giolla Easpaig. Éabhlóid, €20

Beidh tú ag póirseáil, piardáil agus púitseáil agus an leabhar téagartha seo idir lámha agat. Isteach is amach le míle ceannfhocal ar théamaí na farraige atá i gceist idir bháid, iascach, aimsir agus saol an chladaigh trí chéile. Bailíodh ar feadh chósta na contae maorga iad, ó Theileann go hInis Eoghain. Tá dearadh an-taitneamhach ar chlófhoirne an leabhair. Cuirtear cairteacha a bhaineann le héisc agus éanacha ar fáil chomh maith le hinnéacs Béarla a éascóidh an tóraíocht mhinic ar eolas a dhéanfar ar an saothar breá seo.

Traidisiún

  • Cloch in áit an Charnáin: Seán Ó hEochaidh, bailitheoir béaloidis, Pádraig Ó Tiarnaigh. Éabhlóid, €24

Bhí Seán Ó hEochaidh (1913-2002) as Teileann ar maos sa traidisiún béil agus a shliocht ar an obair mhór a rinne sé mar údar teanga agus mar bhailitheoir béaloidis ar fud Ghaeltacht Dhún na nGall. Tá breis is 400 leathanach sa staidéar toirtiúil cumasach seo ar a shaol agus ar a shaothar. Ní hamháin sin ach tugann obair Phádraig Uí Thiarnaigh léargas luachmhar ar shaothrú an chultúir dúchais sa stát nua agus na caidrimh a bhunaigh agus a chothaigh Seán Ó hEochaidh le scoláirí eile fearacht an teangeolaí Heinrich Wagner.

  • Deoch an Tobair. In eagar ag Diarmuid Johnson. Leabhar Breac, €20

Áitíonn an fear eagair go mbaineann leanúnachas le prós na Gaeilge agus féachann sé le rogha leathan téacsanna ó thréimhse 800 bliain a chur inár láthair. Cuireadh chun oiliúna sa traidisiún próis idir 1100 agus 1925 atá ann. Tugtar cuidiú fial dúinn ar feadh an bhealaigh sna nótaí staire agus teanga ar sárphíosaí scoláireachta iad. Meabhraíonn an cur chuige an obair a rinne Colm Ó Lochlainn fadó ina dhíolaim seisean – Tobar fíorghlan Gaedhilge – a foilsíodh i 1939 ach gur scóipiúla agus gur cruthaithí an saothar seo.

Aistí

  • Éigse na Bruiséile. In eagar ag Aogán Ó hIarlaithe. Leabhar Breac, €16

Tá ceann de na cuntais is líofa agus is léire maidir le litríocht Ghaeilge an 17ú céad le fáil sa gcnuasach aistí seo ó láimh Mhíchíl Mhic Craith OFM. Pléitear go tuisceanach le togra na bProinsiasach i Lováin agus ríomhtar tábhacht an tionscnaimh don Nua-Ghaeilge agus don tsaíocht dúchais. Cuireann an fear eagair, Aogán Ó hIarlaithe, leis an ábhar trí chur síos a thabhairt ar na lámhscríbhinní Gaeilge ón 17ú haois atá á gcoimeád i Leabharlann Ríoga na Beilge. Tá obair chéadach ar bun ag Pádraig A. Breatnach orthu le fada fíorach an lá: https://www.isos.dias.ie/collection/rlb.html

  • An Dias is Troime a Chromas: Aistí in Ómós do Phádraig Ó Héalaí. In eagar ag Éilis Ní Dhuibhne, Lillis Ó Laoire, Ríonach uí Ógáin. CIC, €20

Aistí ómóis le seanchomhghleacaithe agus iarmhic léinn do Phádraig Ó Héalaí, scoláire a rinne a chion ar son an léinn agus a chaith dua nach beag leis an oideachas pobail i gCorca Dhuibhne agus i gConamara freisin. Ad multos annos a Phádraig! Scríobhann Seán Mac an tSíthigh ar sheanchas na réalta. Pléann Ailbhe Nic Giolla Chomhaill an traidisiún béil a bhaineann le Colm Cille agus tá an-phíosa ag Ríonach uí Ógáin ar an spéis a chuir Joe Daly nó Seosamh Ó Dálaigh i saibhreas teanga na muintire in Iarthar Duibhneach.

Scannánaíocht

  • Drámaíocht ar an Scáileán – Scannáin i nGaeilge 1951-96, Tomás Ó hÍde. Coiscéim, €15

Bhí riar maith drámaí Gaeilge ar an scáileán idir 1951 agus 1996 cé nach ndéantar trácht ar a mórchuid ach go hannamh. Tá obair mhór ransaithe déanta ag Tomás Ó hÍde ar na scannáin faisnéise poiblí, drámaí aonair agus sraitheanna drámaíochta a cuireadh ar fáil do phobal na Gaeilge sular bunaíodh Teilifís na Gaeilge in 1996. Féachtar le liostáil a dhéanamh orthu siúd a bhí páirteach sna drámaí seo, idir aisteoirí agus lucht léirithe, agus tá acmhainn taighde den scoth curtha ar fáil aige.

  • Scannánaíocht na Gaeilge. In eagar ag Marcas Mac Coinnigh & Róisín Ní Ghairbhí. LeabhairComhar, €20

Tugann na heagarthóirí téamaí thar a bheith éagsúil agus spéisiúil le chéile sa leabhar seo a dhéanann scrúdú ar ghnéithe difriúla de scannánaíocht na Gaeilge. Tá dhá aiste ar shaothar Bob Quinn, scríofa ag Jerry White agus Caoimhín Mac Giolla Léith agus déanann Róisín Ní Ghairbhí agus Fionntán de Brún súil chriticiúil a chaitheamh ar shaothair chomhaimseartha amhail An Cailín Ciúin agus Kneecap faoi seach. Pléann Róisín Nic Dhonncha le fadscannán Pat Collins faoi Joe Éinniú – Song of Granite – agus scrúdaíonn Seán Breathnach gearrscannáin na Gaeilge ó na 1990idí i leith. Tá gluais téarmaíochta i ndeireadh an tsaothair tiomsaithe ag Eilís Ní Dhúill.

Fág freagra ar 'Cérbh iad leabhair Ghaeilge na bliana 2025? (Cuid a dó)'