Cérbh é an Tomás Ó hEidhin seo a bhfuil bóthar ainmnithe ina dhiaidh?

I gCill Ráine ar imeall thiar shráidbhaile Mhaigh Cuilinn i nGaeltacht na Gaillimhe a rugadh Tomás Ó hEidhin ar an 29 Nollaig 1878

Cérbh é an Tomás Ó hEidhin seo a bhfuil bóthar ainmnithe ina dhiaidh?

Le scaitheamh anois tá mé ag plé le cúram a fhágann gur minic liom taisteal ar an mbóthar sin a thugann duine ó chúl an Ospidéil Réigiúnda [mar a thugtaí air] i gcathair na Gaillimhe amach chomh fada leis an gceann a théann chun an Chlocháin (N59).

Bóthar Thomáis Uí Eidhin atá ar an mbóthair ceangail seo – ceann nach bhfuil a dhath iontach ag baint leis ach a dhéanann an cúram atá ceaptha dó, gluaisteáin a thabhairt ar an mbealach is scafánta ó A go B.

Théis an méid uaireanta mé gaibhte an bealach, níor thug mé aon suntas ceart don ainm go dtáinig an tseachtain seo caite agus mé stoptha ag soilse tráchta ag ceann ó thuaidh an bhóthair, san áit a bhfuil An Daingean air. Ansiúd atá formhór pháirceanna imeartha Ollscoil na Gaillimhe.

Níl mé cinnte arbh é sin a chuir i mo chloigeann go raibh baint éicint ag Tomás Ó hEidhin é féin le cúrsaí spóirt. Agus mura raibh, mar a fuair mé amach nuair a chuir mé scéala.

I gCill Ráine ar imeall thiar shráidbhaile Mhaigh Cuilinn i nGaeltacht na Gaillimhe a rugadh Ó hEidhin ar an 29 Nollaig 1878. Lá Caille a baisteadh é agus deirtear sa teastas go mba é Labhrás Ó hEidhin as Obhar a athair agus go mba Máire Ní Bháin as Cill Ráine a bhí ar a mháthair. Ba é Tomás an duine ba shine den deichniúr clainne a bhí i ndán dóibh.

Bhí talamh ar cíos ag muintir a mháthar ó na Blácaigh, tiarnaí talún a bhí gustalach agus cruálach. Is cosúil nuair a bhásaigh seanathair Thomáis gur fhill athair, máthair agus na gasúir ar an Obhar a bhí cúpla míle ar thaobh Uachtar Ard do Mhaigh Cuilinn agus níos gaire do Loch Coirib.

Le linn a óige seans gur bheag den pheil ná den iománaíocht a bhí i gceantar dúchais Thomáis Uí Eidhin – bhí an bhliain 1907 tagtha sular chláraigh cumann iomána as Maigh Cuilinn leis an gceantar.

Ach bhí an lúthchleasaíocht thar a bheith láidir, go háirithe i bparóiste Chill Aithnín, san áit a raibh sé féin agus a mhuintir ina gcónaí faoin tráth sin. Bhí ‘Lá Spóirt Chill Aithnín’ ar cheann de na cinn ba threise i gcontae na Gaillimhe agus an lúthchleasaíocht i mbarr a réime. Go deimhin maireann sí go dtí an lá atá inniu ann.

Bíodh gurbh é sin a d’fhág go mba leis an lúthchleasaíocht ba mhó a bhí luí ag Tomás Ó hEidhin, nó nach é, is cinnte go raibh sé ina bhall de Chumann Reathaithe na Gaillimhe, nó Galway City Harriers nuair a bunaíodh sin in 1899. Tá sé liostaithe ar fhoireann an chumainn a ghlac páirt i gCraobh Thras-Tíre na hÉireann i gcathair Bhleá Cliath i 1905.

Faoin am sin bhí cónaí ar Thomás i gcathair na Gaillimhe agus é ag obair san Ollscoil.

San Irish Independent ar an gCéadaoin 27 Samhain 1905 deirtear, “The Challenge from P. White, Donabate, to run 5 miles on any track in Ireland for €10 has been taken up by Thomas Hynes, Bohermore, Galway, provided the Grammar School grounds at Galway is selected.”

Níl aon tuairisc agam ar thugadar aghaidh ar a chéile nó nár thug, nó má tharla sin cé acu a bhuaigh.

Trí bliana dár gcionn tá tuairisc sa nuachtán céanna faoi rás bóthair as an Uaimh go Droichead Átha a ndearna an Evening Herald urraíocht air. £10 a bhí ag dul don bhuaiteoir chomh maith le deich ngrianghraf de féin. Tuairiscíodh go raibh 30,000 duine scaipthe amach feadh an bhealaigh. Bhí Ó hEidhin ina measc siúd a bhí chun cinn ar feadh mórchuid den iomaíocht, ach ba sa tríú háit a chríochnaigh sé, rud a shaothraigh £3 dó – pá coicíse ar a laghad i 1908.

Is cosúil go mbíodh tóir mhór ar na rásaí seo ó bhaile go baile i dtús an chéid seo caite, mar go gairid ina dhiaidh sin rith Tomás rás maratóin idir Falkirk agus Dún Éideann in Albain.

I mí Eanáir 1909 thuairisc an Edinburgh News go mba é ba shnasta de na reathaithe a bhí san iomaíocht ach gur bhain gortú dó. Francach a bhuaigh, Pat White, an té a thug dúshlán an £10 ceithre bliana roimhe, sa dara háit, agus Ó hEidhin sa 3ú háit.

Ba léir faoin am seo go mba iad na rásaí fada ab fhearr a d’fheil Tomás agus dhá mhí dár gcionn, bhuaigh an chéad rás maratóin do reathaithe gairmiúla a reáchtáladh riamh sa tír seo.

Thuairisc an Independent ar an Luan an 16 Márta 1909. “Tom Hynes, of Galway, the champion of many a long-distance race, was cheered to the winning-post yesterday at Jones’s Road, Dublin, when he finished first in the Irish Marathon of 26 miles 385 yards. For this achievement he gets the first prize of £30 sterling.”

Ba é Ó hEidhin a bhuaigh an chraobh arís an bhliain dár gcionn agus thaistil sé chuig na Stáit Aontaithe go minic freisin, áit ar bhuaigh sé rásaí i mBostún agus i Nua-Eabhrac.

Bhí sé sáite i nGluaiseacht na Poblachta freisin. Ba mhinic leis paimfléid de chuid Shinn Féin a scaipeadh i gcathair na Gaillimhe agus bhí aithne mhaith aige ar cheannairí na gluaiseachta ansiúd, Tom Kenny agus Seoirse Mac Niocaill. Bhí sé i láthair ag Halla na Cathrach ag an gcomhthionól ar ar fhreastail Eoin Mac Néill agus Ruairí Mac Easmainn.

Beidh mé i bhfad níos eolaí nuair a thiocfas mé an bóthar atá ainmnithe ina onóir an chéad bhabhta eile.

Fág freagra ar 'Cérbh é an Tomás Ó hEidhin seo a bhfuil bóthar ainmnithe ina dhiaidh?'