le Augusta Gregory (1912)
Stiúrthóir: Caitríona McLaughlin
Lorcan Cranitch (Fionn Mac Cumhaill) Ella Lily Hyland (Grania) Niall Wright (Diarmuid) Seán Boylan agus Laura Sheeran (Amhránaithe )
Grania: I asked the old people what love was. ‘Three sharp blasts of the wind’, they said. ‘A white blast of delight, a grey blast of discontent, and a third blast of jealousy that is red.’
Finn: That red blast is the wickedest of the three…
Ar éirigh le Caitríona McLaughlin is a cliar bagáiste na sciortaí Victeoiriacha a bhaint de dhialóg Gregory? Ar aimsíodh an t-ór síoraí faoi ghlas istigh ann? Dá ndéanfaí, bheadh athshealbhú déanta aici ar cheann de na mórscéalta grá is taibhsí dá bhfuil in aon traidisiún de chuid na cruinne ceathartha, dá ársa féin an traidisiún céanna sin…
Nádúr an ghrá, dualgaisí an ghrá, geasa na ndílseachtaí idir fearaibh, feall ar an iontaoibh, aithrí agus maithiúnas, claíomh díoltais an chirt – ní haon frois frais ábhar coganta Gregory. Mórcheisteanna na beatha is an bháis. Ach an bhféadfadh triúr aisteoirí agus beirt amhránaithe ualach an ábhair sin a iompar agus léargas air a thabhairt do phobal amharclainne an lae inniu?
Cuireann Ard-Rí Éireann a iníon óg chuig Fionn Mac Cumhaill mar chéile leapan. Fear atá ag teannadh amach sna blianta. Is é Diarmuid óg, grá ban Éireann, bráthair ceana Finn. Titeann Grania i ngrá leis an bhfear óg. Í splanctha ina dhiaidh.
Tagann tonn dearg éada ar Fhinn. Tugann sé an doras di. Rachadh Diarmuid léi, ní mar leannán, ach ina choimirceoir. Thug sé a mhóid d’Fhinn. Ní bheadh aon chaidreamh collaí idir é agus Grania. Imíonn Finn le báiní, ag bá in umar dearg an éada. Téann Grania agus Diarmuid ar a gcoimeád uaidh…
Seacht mbliana fada a chaitheann siad ina dteifigh. Scoite amach ó gach comhluadar agus sólás daonna. Sna coillte, sna portaigh, cois aibhnte, ar leaca na Boirne, thuaidh, theas, thoir, thiar. Pobail na ndúichí ag tabhairt barra boise dóibh agus á mbogadh ar aghaidh. Fós tá Diarmuid amadánta dílis dá mhóid…
Agus sinne an lucht féachana sa dorchadas, uair éigin idir Gníomh a hAon agus Gníomh a Dó, in ainneoin gach gealltanais, tarlaíonn an rud dána eatarthu. Más mall is mithid.
Níorbh iad na sciortaí fada Victeoiriacha amháin a chuirfeadh dá mbonn iad sa léiriú seo. Cad eile a thit leo ach fallaí arda na patrarcachta.
Ní haon chailín leamhgháiriteach í Grania seo Augusta Gregory. Ná airnéis inaistrithe í d’aon fhear, óg nó aosta. Glacann Grania seilbh ar a cumhacht is ar a fuinneamh. Scríobhann sí a dán féin. Ise a chuireann an choróin, faoi dheireadh, ar a ceann féin. Ise a chiúnaíonn gáire fonóideach shlóite na bhFiann. Bean í a éilíonn go bhfeicfí is go gcloisfí í – is go dtaispeánfaí meas di ina comhairle is ina cáil féin…
Tá ceann ceart curtha ag an léiriú seo san áit nár ghealaigh an ghrian do leithéid sheanfhondúir piúratánach an Abbey, an fuathaitheoir ban críochnaithe gan taise sin Earnán de Blaghd.
Bulaí mná, Caitríona McLaughlin! Bulaí mná, Ella Lily Hyland! Is maith a thuill sibh beirt na liúracha áthais ón lucht féachana Dé hAoine seo caite as éacht bhur ndíchill chríochnúil.
D’fhág Augusta Gregory leideanna fá cheilt ina script a bhí ag fanacht ar shúil eile, ar chluas eile, ar fhéinmhuinín nua, ar aeistéitic fheimineach aois eile. D’éirigh leis an léiriú seo ceol nádúrtha na linne seo a bhaint as Grania.
Beart saoirsithe, beart athshealbhaithe a rinne léiriú Chaitríona McLaughlin, i bpáirt leis an gcompántas iontach fána stiúir.
Ní fhéadfainn aon aisteoir eile in Éirinn a ainmniú a chuirfeadh barr maitheasa ar thaispeántas Lorcan Cranitch mar Finn. Is fiú an cead isteach an sás a bhaineas as cruachás an tseanleaid a d’asarlaigh Cranitch chun beathaigh dúinn. É ciaptha, áiféiseach, éadmhar, foréigneach, greannmhar, daonna agus cráite, fá seach, de réir mar ba ghá. Iontach ar fad.
Níl caill ar bith ach oiread ar Dhiarmuid dea-chumtha Niall Wright. B’éacht ann féin é a theacht slán gan cháim sa ról i bhfianaise loinnir eisceachtúil na beirte eile ina chuideachta.
Maidir le Ella Lily Hyland. Is í siúd féin ceann de mhórscéalta na hoíche. Táthar á lua mar ‘an chéad rud mór eile’. Tá sé de chumas inti bheith incurtha le Mescal agus Turner, Scott agus Murphy. Ronan, fiú, freisin.
Ina céad rith amach ar stáitse sácráilte Amharclann na Mainistreach, spás atá dúshlánach go maith ann féin d’aon aisteoir dá début, braitheann chuile nuálaí lámh na staire ar a gualainn – las Ella Lily Hyland na cláracha naofa sin suas le gléine agus crógacht agus foirfeacht. Grania solasmhar, lonrach, nádúrtha a thug sí dúinn, trína corp is a hanam is a hintinn. Grania a bheir greim ar scrogall na páirte. Grania a cheansaigh acraí leathana na hAmharclainne féin, agus sinne, an lucht féachana. Bhíomar faoi bhos an chait aici ó thús deireadh.
Scrígh síos a hainm. Fá dhó. Ella Lily Hyland. Cuir de ghlanmheabhair é. Aisteoir mná, ginte i gCeatharlach. Fuinte in Acadamh Náisiúnta na nEalaíon Drámaíochta i gColáiste na Tríonóide – an Lir Academy. Buacach mar ‘Grania’ in Amharclann na Mainistreach. Bhí sí ar fheabhas sa phríomhról sa tsraith leadóige Fifteen-Love ar Amazon Prime Video anuraidh agus níl teora leis an méid a d’fhéadfadh a bheith atá i ndán di.
Luaigh mé ó chianaibh na sciortaí Victeoiriacha sin. Níorbh iadsan amháin a thit sa léiriú seo. Thit na dráir freisin. Beirt lomnocht ar stáitse. Diarmuid agus Grania – Ádhamh agus Éabha. Déanta le grásta glanchroíoch. Déanta le cáiréis. Déanta in Éirinn. Ag comhghuaillíocht ban is fear. In iar-amharclann phatrarcach de Blaghd.
Tá buaite againn! Dorn san aer!
Fág freagra ar 'Ceol nádúrtha na linne seo bainte as ‘Grania’ Augusta Gregory in Amharclann na Mainistreach'