Cén tionchar a bheidh ag bua Piorrach Boris Johnson faoin bprótacal?

Ach tuige a ngéillfeadh an tAE do thír atá ag bagairt go ndéanfar feall ar chomhaontú a rinne siad?

Cén tionchar a bheidh ag bua Piorrach Boris Johnson faoin bprótacal?

Bhí an reachtaíocht le cur faoi bhráid na Parlaiminte Dé Céadaoin. Ansin dúradh gur ar an Déardaoin a dhéanfaí é. Deirtear anois go ndéanfar an beart amárach. An reacht a gheall Státrúnaí Ghnóthaí Eachtracha na Ríochta Aontaithe, Liz Truss, atá i gceist, reacht faoina bhféadfadh rialtas na Breataine cuid den phrótacal iarBhreatimeachta a chur ar ceal go haontaobhach. Sárú ar an dlí idirnáisiúnta. 

Bhí súil ag an DUP gur fuascailt ar a bhfadhbanna leis an bprótacal a bheadh ann, go háirithe dá mbeadh rith brostaithe ag an reachtaíocht sa Pharlaimint. Bhí súil ag an Státrúnaí Brandon Lewis gur leor an chéad léamh den dréachtbhille chun tathant ar an DUP filleadh ar Stormont. An deireadh seachtaine seo tuairiscíodh go raibh brú á chur ag na Caomhaigh ar an DUP chun tacú le Ceann Comhairle a thoghadh sa Tionól, ar a laghad.  

Bhí súil ag Boris Johnson go mbogfadh Jeffrey Donaldson agus an DUP ionas go bhféadfadh sé an reachtaíocht chonspóideach a chosaint ar an mbonn gur scaoil sé an glas ar Stormont. 

Ó vótáil 40% de na feisirí Caomhacha mímhuinín ina gceannaire Johnson Dé Luain, áfach, tá cúrsaí thar a bheith guagach. Ní fios cén fhad eile a bheidh Johnson i gcumhacht. Beidh sé ag faire thar a ghualainn ar chomhghleacaithe gach nóiméad feasta féachaint cé atá ag ullmhú le theacht i gcomharbacht air. Tá sé anonn is anall idir lucht an Bhreatimeachta an-chrua, an ERG [Grúpa Taighde na hEorpa]  a bhfuil Liz Truss faoina sciathán anois más fíor agus baill eile den pháirtí a dteastaíonn comhréiteach leis an AE uathu. Mar is gnách ní fios céard a theastaíonn ó Johnson féin ó tharla nach polasaí ná prionsabal – ach féinleas – a rialaíonn a chuid iompair.  

Ar an gcéad dul síos tuige a gcuirfeadh an DUP muinín i bhfocal na gCaomhach ó lig Johnson síos iad go minic cheana? Ní hionann reachtaíocht a chur faoi bhráid na bhfeisirí agus feidhmiú achta – deir an DUP nach sásóidh tada ach gníomh iad an babhta seo. De réir na dtuairiscí as Whitehall tá an ERG ag éileamh gnímh ó Johnson chun an DUP a shásamh. Scéal fada ar an anró a bheadh ansin fad is a bhaineann sé le Stormont mar d’fhéadfadh go mbeadh bliain ann sula mbeidh bailchríoch ar rith an bhille, ní áirím é a achtú. Ach an ngéillfidh Jeffrey Donaldson don bhrú chun Ceann Comhairle a cheadú?  

Faoin tráth seo níl muinín ag éinne as aon dream eile – trí ghrúpa sa pháirtí Caomhach agus iad uilig in amhras ar a chéile, níl muinín ag an DUP as Johnson agus eisean mífhoighneach faoina seasamh. Scriosadh an mhuinín idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe tamall maith ó shin. Ceapadh go mbeadh feabhas ar an gcaidreamh nuair a cuireadh an Státrúnaí Truss i mbun na hidirbheartaíochta le Maros Sefcovic ach ó thosaigh Truss ag santú na príomh-aireachta, le tacaíocht an ERG, tá cúrsaí go holc. 

Maítear go raibh sé ina raic ag cruinniú de na hairí Dé Céadaoin faoin dréachtreachtaíocht, Johnson ag fáil locht ar Truss mar go ndeachaigh an bille rófhada, airí eile ar nós Rishi Sunak, an Seansailéir, agus Michael Gove ag ceistiú an mbeadh an reacht dleathach agus an ndéanfadh sé dochar do sheasamh idirnáisiúnta na tíre. Comhartha sóirt ar an míshocracht sa rialtas i ndiaidh vóta muiníne míshásúil an Luain. 

Is mar go raibh leasuithe á ndéanamh ar an dréachtbhille go dtí an nóiméad deiridh a cuireadh dáta a eisithe siar go dtí an Luan. Tá lucht gnó i dTuaisceart Éireann neirbhíseach faoina mbeidh ann, roinnt sásta leis an bprótacal mar atá, a thuilleadh ag iarraidh athruithe praiticiúla. Níl an DUP ag caint níos mó ar scrios an phrótacail ach teastaíonn leasuithe uathu gur féidir leo caithréim a ghlaoch orthu.  

Ní theastaíonn cogadh trádála ó éinne i dTuaisceart Éireann (cé is moite de dhornán an-bheag gur mó acu briseadh iomlán leis an AE ná costas ar bith a bhainfeadh leis). Tá faitíos ar a lán go mbeidh míbhuntáistí nó pionóis ón AE dosheachanta má chuirtear an bille ar bhonn reachtúil. Níl sé soiléir go fóill an bhfuil rún ag Johnson agus a rialtas é sin a dhéanamh nó an cleas é le brú a chur ar an Aontas Eorpach chun géilleadh dá n-éilimh. Ach tuige a ngéillfeadh an tAE do thír atá ag bagairt go ndéanfar feall ar chomhaontú a rinne siad? Cén fáth a n-athródh 27 ballstát an AE na rialacha imeachta mar gheall ar éileamh ó iarbhall nach seasann lena bhfocal, iarbhall le Príomh-Aire atá ar an dé deiridh?  

Tá Johnson i ladhar an chasúir, an DUP ag iarraidh faoisimh ón tsáinn inar ghaibhnigh siad iad féin, tosaíochtaí dá gcuid féin ag airí i rialtas Johnson agus toradh dearfach doshamhlaithe d’uireasa comhréitigh. Caithfear a bheith ag súil nach bhfuil sa gheáitsíocht faoin mbille nua ach lúbaireacht mar is cinnte nach chun leasa éinne é briseadh naimhdeach.  

Fág freagra ar 'Cén tionchar a bheidh ag bua Piorrach Boris Johnson faoin bprótacal?'

  • An Teanga Bheo

    Nach an stair ag tíocht timpeall orainn,