Cén saghas stáit a thugann rogha duit idir do shláinte agus do theanga féin?

Is ionann cur chuige an Stáit i leith clárú vacsaíne agus comhairle a chur ar an saoránach – bí i do Bhéarlóir agus beidh tú slán

Cén saghas stáit a thugann rogha duit idir do shláinte agus do theanga féin?

Léaráid: Tuairisc.ie

Cén saghas stáit a chuirfeadh iallach ar a shaoránaigh rogha a dhéanamh idir a sláinte féin agus a dteanga dhúchais? Cén saghas stáit a d’iarrfadh ar a chuid saoránach clárú ar mhaithe lena sláinte féin agus sláinte a gcomhthíreach i dteanga nach í chéad teanga náisiúnta na tíre í? 

Cén saghas stáit a dhéanfadh neamhshuim de chuid shubstaintiúil dá phobal i ngéarchéim sláinte? Agus a mhaífeadh ansin gur le daoine a shábháil ón mbás a rinne siad é. 

Freagra na gceisteanna sin, mar is eol dúinn go rímhaith, stát Éireannach, nó le bheith cruinn faoi, Stát Béarla na hÉireann. 

Comhairle an Stáit sin dá chuid saoránach: Bí i do Bhéarlóir agus beidh tú slán.

Tá an Feidhmeannas Sláinte ag cur gunna le cloigeann coiteann phobal na Gaeilge, nó ag an bpointe seo, an chuid sin den phobal atá idir 60 agus 69 bliain d’aois. An gunna sin an baol go bhfaigheadh na daoine sin Covid-19. Ach má labhraíonn sibh Béarla linn, a deir an Fheidhmeannacht Sláinte, beidh sibh slán; tabharfaidh muid instealladh daoibh.

Agus mé á scríobh seo, meán lae Dé Máirt 20 Aibreán, 2021, níl aon bhealach gur féidir liom clárú don vacsaín i gcoinne Covid-19 i nGaeilge. 

Ní ceist airgid í seo. Ach is ceist luacha í. Ceist eagrúcháin í agus cumas plé le teicneolaíocht na faisnéise. An bhfuil aon duine san HSE ag eagrú le go mbeadh faisnéis ar fáil i nGaeilge ag an am céanna is a bhí sí ar fáil i mBéarla? An bhfuil aon duine ag glacadh freagrachta as an eagrúchán teicneolaíochta is gá le go dtarlódh a leithéid? Ní cosúil go bhfuil. 

Agus idir an dá linn tá beatha na ndaoine sin a ghlacfadh seasamh ar mhaithe lena  dteanga féin, ar mhaithe lena  bhféiniúlacht féin, á cur i mbaol.

Fág freagra ar 'Cén saghas stáit a thugann rogha duit idir do shláinte agus do theanga féin?'

  • Amtóin

    Cén saghas stáit a deir tú? Stát atá á rialú ag scata fealltóirí críochnaithe nach bhfuil meas madra acu ar Ghaeilgeoirí atá ag iarraidh a ngnó a dhéanamh ina dteanga dhúchais ná ar dhaoine atá ag iarraidh a gcreideamh a chleachtadh go poiblí ná ar dhaoine a chreideann gur náisiún muid. Go bhfille an feall go luath.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Déarfainn go bhfuil an rud céanna amhlaidh ag na hionaid tástála Covid. Comharthaí móra Béarla ag na hionad sin i dTír Chonaill agus is dóiche nach bhfuil botháin ar leith ann do chainteoirí Gaeilge. An FSS ag déanamh neamhaird ar an Ghaeilg le blianta.