Cén lorg a fhágfaidh cúlú na Rúiseach as Kherson ar an gcogadh?

Is buille mór síceolaíoch é cailliúint Kherson go háirithe toisc gur mhaígh Vladimir Putin gur cuid den Rúis a bheadh ann go deo. Ach tá geimhreadh fada romhainn

Cén lorg a fhágfaidh cúlú na Rúiseach as Kherson ar an gcogadh?

Cén tábhacht atá le haistarraingt na Rúise ó chathair Kherson agus bruach thiar an Dnipro?

Seans gurb é an tábhacht is mó a bheidh le bua na hÚcráine i Kherson ná an tionchar a bheidh aige ar an díospóireacht san iarthar faoin mbealach is tapúla agus is ciallmhaire chun deireadh a chur leis an gcogadh seo.

Go bunúsach tá dhá phríomh-argóint ann. 1. Tá an Úcráin ag buachaint ar an láthair chatha. Méadaigh an cúnamh míleata dóibh chun cabhrú leo an Rúis a bhrú amach as a dtailte agus an cogadh a chríochnú go luath le bua míleata. Tugaimis Páirtí an Bhua Mhíleata ar an dream a thacaíonn leis an tuairim sin. 2. Níl ar chumas na hÚcráine an Rúis a bhrú amach as a dtailte ar fad agus dá fhaid a leanfaidh an cogadh ar aghaidh is ea is mó scrios a dhéanfaidh an Rúis ar an Úcráin lena n-ionsaithe ar shibhialtaigh agus infreastruchtúr na tíre. Is fearr brú a chur ar an Úcráin comhréiteach a dhéanamh leis an Rúis anois agus tailte a ghéilleadh. Tugaimis Páirtí an Chomhréitigh ar an dream seo.

Gach uair a mbíonn bua mór míleata ag an Úcráin éiríonn Páirtí an Bhua Mhíleata níos glóraí. Le cúpla seachtain anuas bhí ionsaithe na Rúise ar infreastruchtúr na hÚcráine ag cabhrú le Páirtí an Chomhréitigh agus ba iadsan ba ghlóraí. Tá an taoide casta ar ais i bhfabhar Pháirtí an Bhua Mhíleata arís ag an mbua in Kherson.

Tá geimhreadh fada amach romhainn, áfach. Is dócha nach mbeidh deis ar bhua mór míleata Úcránach eile go dtí an t-earrach ar a luaithe agus idir an dá linn leanfaidh ionsaithe na Rúise ar chathracha agus infreastruchtúr na hÚcráine ar aghaidh, rud a chabhróidh le Páirtí an Chomhréitigh teacht chun cinn arís.

An tionchar ar mheanma fhórsaí na Rúise agus phobal na Rúise

Is buille mór síceolaíoch é cailliúint Kherson tar éis do Putin é a ionghabháil agus a rá le muintir na Rúise gur cuid den Rúis a bheadh ann go deo. Ach tá bainistiú nuachta i bhfad níos fearr á dhéanamh ag an Rúis air seo ná mar a rinne siad ar theipeanna móra eile sa chogadh. D’ullmhaigh siad an pobal dó de réir a chéile agus mhínigh siad na cúiseanna dó seachas ligint orthu nach raibh sé ag tarlú.

In ainneoin seo tá roinnt scéalta ar mheáin shóisialta na Rúise faoi shaighdiúirí a bheith á dtréigean ag a noifigigh agus é á fhágáil faoi na saighdiúirí féin slí éalaithe a eagrú. Is féidir a bheith ag súil le tuilleadh ionsaithe ar chathracha agus infreastruchtúr na hÚcráine sna laethanta agus sna seachtainí romhainn le haird a tharraingt ó theip fhórsaí na Rúise ar an láthair chatha. 

An tionchar ar mheanma Phobal na hÚcráine

Neartóidh sé seo creideamh mhuintir na hÚcráine go bhfuil an cogadh á bhuachaint acu agus gur fiú an híobairtí atá á ndéanamh acu.

Tionchar míleata ar an gCogadh

Méadóidh athghabháil chathair Kherson an raon a bheidh ag córas diúracáin ar nós HIMARS chun stoc armlóin agus línte soláthar na Rúiseach a bhualadh. Cuireann sé deireadh le haon seans gur féidir leis an Rúis calafort Odessa a ghabháil. Tugann sé an Úcráin céim níos gaire d’athghabháil an deiscirt agus na Crimé. Tabharfaidh sé deis do na hÚcránaigh buillí a bhualadh i gcoinne na Rúiseach agus iadsan ag aistarraingt. Ach tugann sé deis don Rúis roinnt de na fórsaí is fearr atá fágtha acu a athlonnú chun cosaint na gcríocha gafa eile a neartú le linn an gheimhridh.  

An méid a insíonn sé dúinn faoi aigne Putin

Léiríonn an aistarraingt seo nach bhfuil a chiall caillte go hiomlán ag Putin agus go dtuigeann sé an tsáinn ina bhfuil sé. Ní haon Hitler ina bhuncar é ag tabhairt orduithe d’airm nach ann dóibh a thuilleadh frith-ionsaithe a dhéanamh ar an namhaid. Ba chomhartha dóchais níos fearr a bheadh ann don Úcráin dá mbeadh Putin tar éis diúltú do chomhairle a ghinearáil agus Kherson a chosaint go dtí an saighdiúir deireanach. Seans freisin go léiríonn sé go bhfuil sé ag ullmhú chun an milleán a chur ar cheannasaíochta an airm faoi theip an chogaidh san Úcráin ionas go dtiocfaidh sé fhéin slán óna bhotún tubaisteach.

Tá deireadh anois le haon seans go mbeidh bua míleata ag an Rúis sa chogadh. As seo go dtí deireadh an chogaidh is ag iarraidh dhá rud a dhéanamh a bheas an Rúis. 1. An méid atá gafa acu a choimeád. 2. Praghas chomh mór sin a ghearradh ar an Úcráin agus ar an Iarthar as leanúint ar aghaidh leis an gcogadh go mbeidh orthu comhréiteach a dhéanamh agus ligint don Rúis na críocha gafa a choimeád.

Mar sin, má tá an Úcráin leis an gcogadh seo a bhuachaint ní ar pháirc an chatha amháin a chaithfidh sí sin a dhéanamh, ach i hallaí na cumhachta in Washington, sa Bhruiséil, Páras, Beirlín agus Londain agus i bhfóraim phoiblí díospóireachta an iarthair.

Fág freagra ar 'Cén lorg a fhágfaidh cúlú na Rúiseach as Kherson ar an gcogadh?'

  • Indrek

    Alt maith eile, a Fhachtna, bail ó Dhia ort! Deir tú nach ‘aon Hitler ina bhuncar’ é Putin. B’fhéidir é, mar ní gá dó dul i bhfolach agus é féin ag ‘cianrialú’ an chogaidh ó Mhoscú, ach taobh amuigh den sin is mar an gcéanna an bheirt acu, nach mór. Rud eile – ní féidir a chur as an áireamh go gcuirfidh arm na hUcráine féin cor eile sa scéal roimh theacht an gheimhridh agus iontas curtha acu orainn níos mó ná uair amháin lena ngaisce (m.sh. athghabháil i regiúin Kyiv, Kharkiv agus Kherson). Táthar ag rá go bhfuil siad tar éis teacht i dtír ar thaobh eile na habhann Dnieper freisin … Caithfidh muid leanacht ar aghaidh ag tacú leo!