Cén Ghaeilge a chuirfeá ar ‘Fake News’? Agus conas a leithéid a sheachaint…

Más fút an bhobnuacht a sheachaint, ná bac leis an eite chlé nó leis an eite dheis ach leis an eite chiallmhar

Cén Ghaeilge a chuirfeá ar ‘Fake News’? Agus conas a leithéid a sheachaint…

Kellyanne Conway

Ní luaithe a chumtar téarma nua i mBéarla go gcaithfidh muid é a aistriú go Gaeilge sula dtosaíonn muid á phlé. Tá “fake news” i mbéal an phobail, feiniméan nua, mar dhea, a tháinig chun cinn agus tús á chur le seal an Uachtaráin Trump sa Teach Bán.

Thiocfadh leat ‘nuacht bhréige’ a thabhairt air ach amháin go bhfuil an focal ‘bréag’ róláidir, b’fhéidir. Is fearr liomsa ‘bobnuacht’ a thabhairt air – nó is minic a buaileadh bob ar lucht na Gaeilge agus nach maith mar a thuigeann muid don téarma agus don traidisiún?

Cuireann meáin liobrálacha na heite clé in iúl gurb iad lucht tacaíochta Trump is cúis le bobnuacht, máistrí na mbréag atá iontu. Amharc, mar shampla, ar Kellyanne Conway, comhairleoir speisialta do Trump agus í ag caint faoi “alternate facts”. A leithéid d’óinseach! Fíric is ea fíric. (Agus, sea, tá cead agat óinseach a thabhairt ar bhean de chuid na heite deise – a fhad is go dtuigeann tú gur ‘gníomhaí feimineach’ an téarma cuí do bhean ar bith ar an eite chlé.)

Sea, bhain CNN agus The Guardian an-cheol as caint Conway, go fiú is go raibh tuairiscí acu go raibh an-díol ar 1984 George Orwell agus iad ar a ndícheall ag iarraidh ceangal a dhéanamh idir Trump tiarnasach agus úrscéal Orwell uile-eolach.

Tá go maith. Ach fan! Cad é go díreach a spreag Orwell le machnamh a dhéanamh ar na nithe seo? Teacht chun cinn an fhir láidir san Eoraip sna 1930í go cinnte – ach ní ar an eite dheis amháin ach ar an eite chlé fosta. D’fhág a sheal sa Spáinn le fórsaí na Poblachta a lorg air – nó chonaic sé, chan amháin bua Franco, ach cluiche cam fealltach Stalin in éadan a ‘chomhghleacaithe’ ar an eite chlé. Is fusa i bhfad aghaidh Stalin agus an traidisiún sin de chuid na heite clé a fheiceáil i 1984 agus Animal Farm ná Teach Bán Trump, Tito sin na Tógála, fear nach raibh ann ar feadh i bhfad ach gligín teilifíse.

(Nach bhfuil sé dochreidte gur éirigh le fear chomh contúirteach leis dul i bhfolach ar iriseoirí agus ar phobal Mheiriceá díreach os comhair a súl? Is orainn a bhí an t-ádh dearg nár tharraing sé Luger as a phóca agus é á rá “You’re fired!” ag deireadh an tseó sin aige. Ag Dia féin atá a fhios cad é atá beartaithe ag na Kardashians sa Teach Bán amach anseo.)

Ní chaithfidh tú tacaíocht a thabhairt do Trump le drochbholadh na bobnuachta a fháil ó na meáin mhóra liobrálacha thraidisiúnta chumarsáide. ‘Malairt fíricí’ ina cac, an ea? Níl a fhios agam cá mhéad uair a léigh mé tuairisc nuachtáin ar The Guardian nó ar chuid mhór nuachtán Sasanach eile nó mír nuachta ar an BBC nó, leoga, ar RTÉ, a bhain leis na Trioblóidí nár rith sé liom go raibh rogha eile fíricí ann nach raibh le fáil ina gcuid tuairiscí faoi chás náisiúntóirí, mar shampla. Leoga, bhí cinsireacht ar siúl ag RTÉ ar feadh na mblianta faoi chúrsaí an Tuaiscirt. Cad é mar a thabharfaí ‘fíric’ ar thuairisc nuachta a craoladh faoi chinsireacht?

Ní chreideann tú mé? Cad é faoi chúrsaí teanga? Cá mhéad uair a chonaic tú píosa ‘fíorasach’ faoin Ghaeilge, faoin Ghaeltacht, faoin Ghaeloideachas, gur smaointigh tú nach raibh sé chomh fíorasach sin ar fad, gurbh fhusa leat malairt fíricí a chur ar fáil a bhréagnódh na fíricí fíorasacha a bhí romhat?

Tá na meáin mhóra ag iarraidh orainn geansaí a bparóiste féin a chaitheamh. Caithfidh tú geansaí CNN nó Fox a chur ort féin anois. Iarrtar orainn páirt a ghlacadh sa chomhcheilg; iarrtar orainn ‘bobnuacht’ a thabhairt ar scéalta nuachta a thagann ó fhoinse amháin agus ‘nuacht’ a thabhairt ar ábhar ó fhoinse eile.

Ná géilltear. Ná géilltear don chaint a dhéanann urlabhraí ar son Trump nó Kenny nó May nó Merkel nó Putin nó duine ar bith eile. Agus ná géilltear don trácht a dhéanann iriseoirí cúise ar an chaint sin. Éist leo ar fad agus déan machnamh ar a bhfuil ráite.

Ná bac leis an eite chlé nó leis an eite dheis ach leis an eite chiallmhar. Gabh a chónaí ar an fhearann is míchompordaí agus is lú tacaíocht ar domhan, an fearann creagach neamhspleách.

An cuimhin leat bheith ar scoil? Cad é a dúirt an múinteoir leat sular thrasnaigh tú an bóthar? Amharc ar dheis agus ar chlé. Dea-chomhairle don scoil – agus don saol.

Fág freagra ar 'Cén Ghaeilge a chuirfeá ar ‘Fake News’? Agus conas a leithéid a sheachaint…'

  • Éadóchasach

    Focal láidir is ea ‘bréag’, gan amhras. Agus is dá bharr san gurb é ‘bréagnuacht’ an leagan Gaeilge is fearr go bhféadtar é a chur ar an nós baolach san, dar liomsa.

    Maidir leis an ‘malairt fíricí’ agus na léamha éagsúla a bhíonn ag daoine éagsúla ar scéalta éagsúla, ba chóir dúinne go léir cuimhneamh ar an mbearna ollmhór atá idir an dá thaobh atá ag gach scéal (na Trioblóidí, an Caipitleachas, an Cumannachas, nó pé rud) agus an mhalairt scéil dá chuid féin a chumann an duine cam – malairt scéil, nó ‘bréag’ mar is fearr aithne uirthi.

  • Sorcha Eile

    ‘BID’ — an bréag is déanaí
    ‘SBAB’ — scéal le Bob A. Bhualadh
    ‘DAL’ — dallamullóg an lae