Cén fáth gur duine chomh mí-ámharach sin Príomh-Chonstábla an Tuaiscirt?

Ag druidim le 20 bliain den PSNI, tá an dea-phóilíneacht róthábhachtach lena cur i mbaol le míchúram.

Cén fáth gur duine chomh mí-ámharach sin Príomh-Chonstábla an Tuaiscirt?

Is gearr go mbeidh seirbhís phóilíneachta Thuaisceart Éireann fiche bliain ar an bhfód. Níl aon amhras ach go bhfuil claochlú suntasach tagtha ar an bpóilíneacht sa tréimhse sin ach tá an dul chun cinn bearnach, easnamhach.

Iarracht chun a dhul i ngleic le laige shuntasach ar an tseirbhís i gCrois Mhic Lionnáin a tharraing an chonspóid is deireanaí ina bhfuil an Príomh-Chonstábla, Simon Byrne, sáite.

Den dara huair i mbliana d’éiligh baill den DUP go n-éireodh an Príomh-Chonstábla as oifig mar nach raibh muinín ag aontachtaithe as.

I mí an Mhárta bhí achrann ann faoin gcaoi ar láimhseáil an PSNI sochraid spleodrach an phoblachtánaigh Bobby Storey ag ar sáraíodh srianta phaindéim Covid-19. D’éiligh ceannaire an DUP, Arlene Foster, go n-éireodh Simon Byrne as oifig. Thacaigh ceannaire an UUP, Steve Aiken, leis an éileamh sin.

Tá Simon Byrne fós in oifig agus an bheirt cheannairí sin ruaigthe. B’fhéidir gurb í titim na gceannairí a thug ar Jeffrey Donaldson, ceannaire reatha an DUP, gan a dhul chomh fada leo. Cé gur dhúirt an tAire Eacnamaíochta, Gordon Lyons, gur theastaigh ón DUP go n-éireodh an Príomh-Chonstábla as, bhí Donaldson níos seachantaí. Theastaigh uaidh go léireodh an Príomh-Chonstábla cur chuige a thuillfeadh muinín aontachtaithe.

Troid na mbó maol, seans chun a thabhairt le fios do vótóirí – atá á dtréigean más fíor do na pobalbhreitheanna – gur fiú cloí leis an DUP. Cé go ndearna an Príomh-Chonstábla praiseach den chumarsáid faoin tuarascáil ar phóilíneacht i gCrois Mhic Lionnáin tá blas den chur i gcéill ar leagan amach an DUP ina leith.

Ba é cuspóir bunaithe an PSNI muinín an phobail go léir a shaothrú. Murab ionann agus a réamhtheachtaí, an RUC, nach raibh iontaoibh ag náisiúnaithe/Caitlicigh ann agus a dtugtaí fórsa an stáit aontachtaigh air, ba é an plean go mbeadh baill ón dá thraidisiún sa PSNI i gcomhréir leis an daonra. Ina theannta sin seirbhís do shochaí iar-choinbhleachta gan foirgnimh ardslándála ná cur chuige míleata a bhí beartaithe.

Ba mhór idir an fhís sin agus an pictiúr a d’eisigh Simon Byrne Lá Nollag 2019. Bhí sé i bhfochair na foirne i gCrois Mhic Lionnáin, ina sheasamh lasmuigh den bheairic faoi dhianslándáil le fir armtha a raibh meaisínghunnaí acu. Bhí a theachtaireacht a mhol an fhoireann san áit áirithe sin chomh maith leis an bpictiúr amscaí agus léirigh sé chomh dall is a bhí an Príomh-Chonstábla nua ar íogaireacht a chúraim.

Thóg polaiteoirí an SDLP agus Shinn Fein raic faoi chomh maslach is a bhí an teachtaireacht do mhuintir an cheantair. Ghabh Byrne leithscéal – is geall le nós aige anois a bheith ag gabháil leithscéil – agus thionscain sé athbhreithniú ar chúrsaí póilíneachta i gCrois Mhic Lionnáin.

Tá 50 moladh sa tuarascáil, an chuid is mó acu neamhchonspóideach. Ina measc tá dúnadh an stáisiúin a bhfuil cuma ghránna air lasmuigh agus é mífheiliúnach don fheidhm laistigh, patróil gan na gunnaí móra a bhí ag na fir sa phictiúr, comhoibriú leis na Gardaí agus comharthaíocht i nGaeilge. Níl cúis ar bith leis an gcineál póilíneachta faoi arm cogaidh a dhéantaí ar an mbaile le linn na dTrioblóidí nuair a thugtaí ‘Bandit Country’ ar dheisceart Ard Mhacha. Níor tharla eachtra pharaimíleatach ansin le sé bliana.

Ba é an moladh ba chonspóidí go mbogfaí leaca cuimhneacháin do phóilíní a maraíodh sna Trioblóidí as seomraí poiblí. Is i leith na ceiste sin a rinne Simon Byrne praiseach den chumarsáid. Dúirt sé i dtosach go raibh glactha leis na moltaí go léir ach i ndiaidh gearáin ó ghaolta na marbh, polaiteoirí agus póilíní dúirt sé nach raibh sé i gceist riamh go n-athrófaí nó go n-aistreofaí cuimhneacháin.

Moladh go ligfí do ghardaí agus póilíní an teorainn a thrasnú ar ócáidí, sa tóir ar choirpigh, rud a spréach an DUP. Póilíneacht uile-Éireann a bheith á brú ar dhaoine go fáilí a bhí beartaithe, dar leo. Ní fhéadfaí a leithéid a dhéanamh gan reachtaíocht agus is beag seans go rithfí a leithéid theas nó thuaidh ach ghríosaigh sé an DUP nó thug sé deis dóibh Byrne a ionsaí.

Ní bheadh san achrann seo ach scéal chailleach an uafáis dá mba é an chéad uair é a chuir Simon Byrne a chos ann. Ach tarlaíonn sé an-mhinic. Cén fáth a bhfuil sé chomh mí-ámharach sin? Is féidir glacadh leis nár thuig sé an cás nuair a rinne sé an botún Lá Nollag 2019 mar nach raibh sé i bhfad in oifig (ó Iúil 2019), cé go raibh póilíneacht chomharsanachta fógartha mar sprioc aige.

Fiú mura dtuigeann sé cultúr an réigiúin faoin am seo tá foireann mhór ardcheannais aige. Nach gcuireann siad comhairle air? Mura ndéanann, cén fáth? Má dhéanann, an dtugann sé an chluas bhodhar dóibh?

Tá an dea-phóilíneacht róthábhachtach lena cur i mbaol le míchúram. Ag druidim le 20ú lá breithe an PSNI tá údar machnaimh ag Bord na bPóilíní agus ceisteanna le freagairt ag an bPríomh-Chonstábla agus a fhoireann shinsearach – beag beann ar chonspóid pholaitiúil.

Fág freagra ar 'Cén fáth gur duine chomh mí-ámharach sin Príomh-Chonstábla an Tuaiscirt?'