Cén fáth a bhfuil an oiread sin de ghráin glactha agat ar an sacar?

An t-airgead agus an gheáitsíocht a rinne sorcas den sacar

Cén fáth a bhfuil an oiread sin de ghráin glactha agat ar an sacar?

‘Cén fáth a bhfuil an oiread sin de ghráin glactha agat ar an sacar?’ a fiafraíodh díom an lá faoi dheireadh nuair a thug mé le fios go mba aon chluiche amháin de Chorn an Domhain 2018 a bhí feicthe agam ó thús go deireadh agus píosaí anseo agus ansiúd de roinnt eile acu.

Rinne mé mo dhícheall a mhíniú nach amhlaidh atá, go deimhin nach bhfuil fuath dá laghad agam d’aon spórt ar dhroim na cruinne, cé ar ndóigh gur ansa liom cuid acu thar a chéile.

Mar atá ráite sách minic ar an leathanach seo agam, is é an t-airgead agus an gheáitsíocht a fheictear ó chuid mhaith acu siúd atá ag imirt ag an leibhéal is airde a laghdaigh mo shuim sa sacar. Is iad a leithéidí siúd a rinne sorcas den spórt.

Chonaic mé litir mhaith ar leathanaigh an Sunday Times Dé Domhnaigh seo caite a rinne cur síos cruinn agus beacht ar an rud atá i gceist agam. Seo achoimre ar an méid a bhí scríofa inti.

‘A Eagarthóir, a chara, Caithfidh mé a rá gurb é an sásamh is mó atá mé a fháil ar Chorn Sacair an Domhain 2018 go dtugann sé siar mé go dtí laethanta m’óige. Nach iomaí sin tráthnóna taitneamhach a chaith mé féin agus mo sheanmháthair os comhair na teilifíse an t-am sin ag breathnú ar an spórt ba mhó a raibh tóir ag an mbeirt againn air – ceann ina mbíodh siad siúd a bhíodh páirteach clúdaithe le tatúnna agus iad seasta ag rolladh timpeall ar an talamh. Más buan mo chuimhne ‘Celebrity Wrestling’ an t-ainm a bhí air. Mise le meas, etc…’

Cúpla seachtain ó shin chaith mé trí mhaidin Satharn ag breathnú ar chluichí rugbaí idir an Astráil agus Éirinn. Bhí a mbunáite sin a bhí san iomaíocht i bhfad níos mó agus níos láidre ná a bhíodar siúd a d’imir sa Rúis le mí anuas agus roghnófá cic ó mhiúil níos túisce ná a sheasfá cuid de na buillí a thugadar dá chéile in Brisbane, Melbourne agus Sydney.

Dosaen uair ar fad, ar a mhéid, cheapfainn a ceistíodh cinntí na réiteoirí. Ba iad na captaein a rinne sin gach uair acu agus glacadh le míniú an údaráis chuile gheábh beo acu gan cur ina choinne.

Le mí anuas ar pháirceanna ó cheann ceann na Rúise tá imreoirí as ilchríocha an domhain feicthe agam ag tabhairt dúshlán na n-údarás, ag bagairt orthu athrú intinne a dhéanamh, á gcaitheamh féin ar an talamh ag iarraidh dallamullóg a chur orthu agus ag brú agus ag streachailt a chéile mar a bheadh gasúir ann agus ciceanna cúinne ar tí a dtógála.

Ba bhocht an radharc é.

Bhí mé ag súil go mba cheann d’fhoirne na hAfraice a bhuafadh amach – an tSeineagáil agus an Nigéir ba ghaire a chuaigh do na babhtaí ceannais – cártaí buí a choinnigh an chéad fhoireann acu sin óna dhéanamh agus cúl agus gan fanta acu cúpla nóiméad in aghaidh na hAirgintíne a chniog na Nigéaraigh.

Bheadh Sasana siar go maith ar mo liosta, ach tá trua agam don chuid sin de lucht a leanta atá dílis don spórt seachas don sorcas. Mheas mé go mba mhaith a rinne siad agus babhta leathcheannais a shroichint, ach tá an laige atá iontu i lár na páirce le feiceáil go sonrach sa líon iarrachtaí dá gcuid ab éigean do bháireoir na Cróite a shábháil – péire.

Go dtiocfaidh an lá a mbeidh cúpla imreoir lár páirce ar chumas de Bruyne nó Hazard na Beilge acu, déanaidís dearmad ar aon rud a bheith ‘ag dul abhaile leo’.

Nuair a d’imir Sasana in aghaidh na Túinéise sa gcéad chluiche bhain sé siar asam nach mbeinn in ann a insint duit cén club lenar imir leath na foirne – an báireoir Pickford ar dhuine acu, an té is fearr a bhí acu mar a léiríodh sna cluichí a lean.

B’eisean a laoch, mar aon lena mbainisteoir Gareth Southgate, a raibh maorgacht agus uaisleacht ag baint lena iompar i gcaitheamh an ama.

Bhí 119 peileadóir a d’imir i bPríomhroinn Shasana an séasúr seo caite (nó a imreoidh in 2018/2019) orthu siúd a bhí ar na liostaí a sheas an fód dá dtíortha dúchais i gCorn an Domhain 2018 – ba iad na Rúisigh féin, an Araib Shádach, Uragua, an Iaráin agus mo pheataí féin as Panama amháin a bhí á n-uireasa.

Bhí dosaen acu ar phainéal na Beilge leis féin, san áireamh an bheirt imreoirí lár páirce atá luaite agam,

báireoir Chelsea Thibaut Courtois, Marouane Fellaini agus Romelu Lukaku as Manchester United agus Vincent Kompany, Man City.

Ag an mBrasaíl bhí Fernandinho, Ederson, Danilo agus Gabriel Jesus (Man City), Fred (Man Utd), Willian (Chelsea) agus Roberto Firmino (Liverpool).

Go fiú agus go raibh beirt as an tSeapáin – Maya Yoshida (Southampton) agus Shinji Okazaki (Leicester).

‘Ní breac é go mbíonn sé ar an bport’ a deir an seanfhocal agus níl deireadh déanta fós.

Beidh faoi thráthnóna inniu, ach mar a déarfadh fear a bhíodh ag obair liom tráth agus é ag cur an fheistis chraolacháin i dtoll a chéile ag deireadh an lae, ‘There’s always another gig, pal’.

Fág freagra ar 'Cén fáth a bhfuil an oiread sin de ghráin glactha agat ar an sacar?'