Agus caint fhorleathan á déanamh le tamall anuas ar athaontú na hÉireann mar cheann de na torthaí a d’fhéadfadh a bheith ar an mBreatimeacht, chuimhnigh mé ar na mílte uair a tháinig athaontú na tíre aníos sna comhráite a bhí agam le muintir na hÉireann, ó thuaidh agus ó dheas, ó thosaigh mo cheangal pearsanta féin le hÉirinn breis agus fiche bliain ó shin.
Agus rith rud aisteach liom.
Dá mbeadh euro faighte agam chuile uair a dúirt duine liom go raibh sé nó sí ar son athaontú na tíre, níor ghá dom an t-alt seo a scríobh anois le greim a chur i mo bhéal. Ach mura bhfuil mo chuimhne ag cur as dom go mór, ní dúirt oiread agus duine liom riamh cén chuma a bheadh ar Éirinn Aontaithe, dar leo.
Cé nach ndeirtí amach os ard é, ghlac mise leis i gcónaí gurbh éard a shamhlaigh na daoine a labhraíodh liom faoi Éirinn Aontaithe dáiríre, ná athghabháil pholaitiúil agus chultúrtha na Sé Chontae. Sprioc a bhí chomh follasach sin, a bhraithfeá, gur leor do dhuine a fhógairt go raibh sé nó sí ar son athaontú na hÉireann le go dtuigfeadh an saol agus a mháthair go díreach céard a bhí i gceist.
Bhí sé sin uilig togha nuair nach raibh ann, bímis ionraic faoi, ach caint san aer. Ach anois agus athaontú na hÉireann á lua mar fhéidearthacht dháiríre i gcomhthéacs an Bhreatimeachta, feictear dom nár mhór an cheist seo a chur: cén chuma a bheadh ar Éirinn Aontaithe ar chor ar bith?
Mar shaoithín thar tír isteach, seo mo thuairim féin. Is éard a chaithfeadh a bheith in Éirinn Aontaithe ná tír ina mbeadh pobail uile an oileáin sa bhaile agus ar a suaimhneas. Mura mbeadh amhlaidh, cén toradh a bheadh ar athaontú na tíre ach tuilleadh trioblóide? Trioblóid le ceannlitir T, agus san iolra, sa chás is measa.
Ciallaíonn sé sin go bhfuil an aisling rómánsúil sin nach gcuirtí i bhfocail ach a bhíodh, dar liom, intuigthe nuair a labhraíodh daoine liom faoi athaontú na hÉireann, go bhfuil an aisling rómánsúil sin as an áireamh.
Ní bheadh aon rath i ndán d’athaontú na tíre a mbreathnófaí air mar athghabháil.
Feictear dom, áfach, gur am é seo le breathnú ar cheist athaontú na hÉireann le súil eile, súil chruthaitheach. An gá gur ‘Poblacht na hÉireann’ a thabharfaí ar Éirinn athaontaithe? An gá gur poblacht a bheadh ann, fiú amháin? Ardríocht na hÉireann, aon duine? Agus cé a dúirt gur i mBaile Átha Cliath nó i mBéal Feirste a bheadh rialtas na tíre athaontaithe lonnaithe? Céard faoi ardchathair nua as an bpíosa cois teorann? Chruthódh a leithéid postanna agus chuirfeadh sé deireadh le forlámhas Bhaile Átha Cliath ar eacnamaíocht na tíre (agus, seans, le fadhbanna tithíochta na cathrach sin!)
Drochscéal é an Breatimeacht i gcomhthéacs Eorpach, ach is olc an ghaoth nach séideann do dhuine éigin.
Nach deis iontach atá ann chun athshamhlú cruthaitheach a dhéanamh ar sheanaisling?
Fág freagra ar 'Cén chuma a bheadh ar ‘Éire Aontaithe’ ar chor ar bith? Seo tuairim saoithín thar tír isteach'