Cén blas atá ar Choill Bhearna, cén boladh atá ar Amhrán na bhFiann?

Bhuail fiabhras mé tráthnóna Dé hAoine na seachtaine seo caite. Faoin am a ndeachaigh mé a luí bhí tinneas cinn chomh millteanach sin orm nár chodail mé néal. Bhí mo shrón ag sileadh agus bhí chuile mhatán i mo chorp tinn. Laghdaigh na siomptóim sin i rith an deireadh seachtaine, ach maidin Dé Luain thug […]

Cén blas atá ar Choill Bhearna, cén boladh atá ar Amhrán na bhFiann?

Bhuail fiabhras mé tráthnóna Dé hAoine na seachtaine seo caite. Faoin am a ndeachaigh mé a luí bhí tinneas cinn chomh millteanach sin orm nár chodail mé néal.

Bhí mo shrón ag sileadh agus bhí chuile mhatán i mo chorp tinn. Laghdaigh na siomptóim sin i rith an deireadh seachtaine, ach maidin Dé Luain thug mé faoi deara go raibh blas agus boladh caillte agam. Chuir mé ionga gairleoige iomlán i mo bhéal agus thosaigh á cogaint. Níor mhothaigh mé tada ach griofadach beag ar mo theanga. Faoin am sin, ní raibh dabht ar bith orm a thuilleadh faoi céard a bhí orm. Ar ámharaí an tsaoil, ní raibh mé gearranálach.

Gan mhoill, agus mé ag cur síos do ghaolta agus do chairde ar an mbail a bhí orm, rith sé liom gur an-fhoinse mheafar a bhí sa domhan aisteach seo nárbh ann do bhlasanna ná bolaí.

Blas líonach adhmaid a bhí ar phónairí.

Tá a fhios agat an stuif, an taos mílítheach sin lena líontar bearnaí. Min sáibh fhliuch an blas a fuair mé ar rís. Uisce portaigh te a bhí sa chaife a d’ól mé. Ba bheag nár iompaigh cairéad a bhí á ithe agam mo ghoile nuair a samhlaíodh dom gur méar duine, seachas glasra, a bhí sa rud crua, cnámhach a bhí á cogaint agam.

Agus cur síos á dhéanamh againn ar rud, fiú i dtéacs liteartha, luíonn sé le réasún go ndéanaimid amhlaidh i dtéarmaí na gcéadfaí is mó a mbímid ag brath orthu chun cur síos a dhéanamh ar an rud áirithe sin.

Cuirimid síos ar bhia i dtéarmaí blais, bolaidh agus radhairc.

Ar na súile a bhímid ag brath nuair a bhíonn orainn cur síos ar thírdhreach, ar na cluasa nuair a iarrtar orainn cur síos a dhéanamh ar phíosa ceoil, ar an tsrón i gcás cumhráin nó bréantais agus ar an tadhall i gcás péine.

Ach cén mothú a fhágann braon bainne i do bhéal?

Cén blas atá ar Choill Bhearna?

Cén boladh atá ar Amhrán na bhFiann?

Cén fhuaim a dhéanann an phian a mhothaíonn tú nuair a fhaigheann tú dorn sa phus?

Agus nach bhfuil sé i bhfad níos cumhachtaí a rá gur fhág drochbholadh éigin dall nó bodhar thú ná a rá gur chuir an boladh céanna fonn múisce ort?

Má bhíonn tú buartha go bhfuil tú ar tí dul i muinín cliché agus cur síos á dhéanamh agat ar rud éigin i do chuid scríbhneoireachta, bain triail as cur síos a dhéanamh ar an rud atá i gceist i dtéarmaí céadfa nach mbainfeá úsáid aisti go hiondúil chun cur síos a dhéanamh ar an rud sin.

An rud is deise ar fad faoin gcleachtadh scríbhneoireachta seo ná go bpléascann sé ár ngnáthdhearcadh ar an saol timpeall orainn, agus leis sin, ár ndearcadh ar cheartúsáid teanga.

Fág freagra ar 'Cén blas atá ar Choill Bhearna, cén boladh atá ar Amhrán na bhFiann?'

  • Breathnóir1

    Go dtaga biseach ort go luath!

  • Mise Áine

    Tá súil agam go bhfuil tú ag aireachtáil ceart go leor, anois, a chara.

  • Fidelma

    Go gcumhdaí Dia thú agus go gcúití sé do shamhlaíocht leat as alt breá a dhéanamh in uair na géarchéime.