Cén bhail a bheas ar staideanna Chatar faoi cheann roinnt blianta?

Is minic a tharla go raibh ballaí na n-ionad inar reáchtáladh mórócáidí spóirt ag titim as a chéile go gairid i ndiaidh na gcluichí

Cén bhail a bheas ar staideanna Chatar faoi cheann roinnt blianta?

Is minic a tharla go raibh ballaí na n-ionad inar reáchtáladh mórócáidí spóirt na cruinne tréigthe, go fiú ag titim as a chéile, achar gairid tar éis d’aghaidh an domhain a bheith orthu agus ar a gcuid mórthaibhseachta.

Ar an 13 Lúnasa 2004 ba í an Staid Oilimpeach in Marousi na hAithne bun agus barr an tsaoil. 72,000 lucht féachana istigh ag an Searmanas Oscailte, ina measc ceannairí 50 de thíortha an domhain mar aon le 15,000 lúthchleasaí as 202 tír.

Ar scáileáin teilifíse ardghléine, choinnigh 25 milliún lucht féachana súil ar shárléiriú ar stair na gCluichí a bhí anois fillte ar a ndúchas. Den chéad uair riamh, d’fhág an teicneolaíocht nua seo feiceáil chomh maith ar na himeachtaí ag an té a bhí sa mbaile agus a bhí ag Uachtarán an IOC, Jacques Rogge agus ag Uachtarán na Gréige, Konstantinos Stephanopoulus a bhí i lár na páirce.

Ócáid a bhí ann a mhairfeadh i do chuimhne go deo, cuma a mba ansiúd a bhí tú nó ar an tolg sa mbaile.

Inniu tá an áit ag titim as a chéile – €200 milliún caite ag an stát ar chothú agus ar shlándáil na háite atá tréigthe ag na trí chumann sacair is mó sa gcathair, ar mhaithe le háiteacha eile nach bhfuil chomh costasach.

In áiteacha eile sa gcathair tá na hionaid a tógadh do chomórtais an haca is na kayakadóireachta, don daorchluiche agus don phionsóireacht, tréigthe agus i léig, mar atá an linn snámha.

Ní san Aithin amháin a thit an tóin as a leithéid. In achar gairid go leor bhí an díon tite trí huaire den staid inar reáchtáladh Cluichí Montreal agus fiú sa tSín féin tá drochbhail ar chuid d’ionaid 2008, cé go bhfuil ‘Nead an Éin’ fós ina seasamh go láidir.

Ardaíonn sin an cheist faoina bhfuil i ndán do na staideanna atá tógtha sa Chatar do Chorn Sacair an Domhain a shroichfidh ceann scríbe tráthnóna. Céard a tharlóidh dóibh nó cén bhail a bheas orthu faoi cheann roinnt blianta?

Cuimhnigh nach bhfuil ach 3 mhilliún duine sa tír ar fad, gur eachtrannaigh 90% acu agus gur dóigh gur beag suim sa sacar atá ag a mbunáite.

Tá na Cataraigh chomh saibhir sin agus oiread mórtais acu astu féin agus gur deacair a chreidiúint go gceadódh siad a bhfuil tarlaithe sna háiteacha atá luaite agam ina dtír féin. Agus lena gceart a thabhairt dóibh bhíodar ag ullmhú faoina chomhair ón am ar tugadh an comórtas dóibh le reáchtáil.

Thógadar na staideanna nua ar bhealach go bhfuil sé chomh héasca iad a mhéadú nó a laghdú le píosaí Lego. Lá ar bith feasta anois tosófar ag baint an chuid is mó acu óna chéile, laghdófar líon a lucht féachana go dtína leath agus seolfar an fuílleach den ábhar tógála chuig tíortha an domhain nach mbeadh in acmhainn a leithéid a dhéanamh ná a cheannacht.

Go deimhin tá an obair tosaithe cheana ar Staid 974 i Ras Abu Aboud, bruachbhaile de chuid Doha. Baisteadh an t-ainm sin air mar gurb as 974 de na coimeádáin mhóra sin a fheiceann tú ar bord loinge atá sé déanta. Iad ar fad fite le hais a chéile ar fhráma ollmhór miotail.

Tá lucht a eagraithe ag maíomh go bhfuil siadsan i mbun comórtais atá neodrach ó thaobh carbóin de, ach deir forais faire ar nós Carbon Market Watch gur amhlaidh atá na Cataraigh ag cur dallamullóg ar dhaoine – nach bhfuil an truailliú a bhaineann leagan, seachadadh agus atógáil na staideanna curtha san áireamh.

Ar aon chuma tráthnóna a gheobhaidh go leor againn an dé deireanach ar an gceann is mó de na staideanna, Staid Lusail, a bhfuil ionaid phobail le déanamh de tar éis an lae seo – scoileanna, siopaí, bialanna, áiseanna spóirt agus clinicí sláinte le déanamh de.

As seo amach is é Staid Idirnáisiúnta Khalifa a bheas mar phríomhionad spóirt na tíre arís.

Cé leis is féidir a bheith ag súil mar sin ón gcóisir chlabhsúir?

Cúl amháin nó péire ar a mhéid, déarfainn. Is fíor gur scóráladh leathdhosaen nuair a bhuaigh an Fhrainc (4) ar an gCróit i Moscó ceithre bliana ó shin, ach níor facthas ach aon chúl amháin i mbabhtaí ceannais 2014 agus 2010 agus péire sna cinn roimhe sin arís.

Bhí am breise i gceist idir an Ghearmáin agus an Airgintín in 2014, mar a bhí idir an Spáinn agus an Ísiltír (2010) agus an Iodáil agus an Fhrainc (2006) nuair ba chiceanna éirice a shaothraigh an Jules Rimet do na hIodálaigh i mBeirlín. Scóráil siadsan na ciceanna ar fad agus chlis ar David Trezeguet.

Nuair a shéidfear an fheadóg dheireanach, ní fada uainn an turcaí!

STAID 974

STAID SAN AITHIN

Fág freagra ar 'Cén bhail a bheas ar staideanna Chatar faoi cheann roinnt blianta?'

  • Mac Billings /Dónall Mór

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    *****************************************************************************************

    $$$$$$ Corn Fola an Domhain sa Chatar $$$$$$

    Is mithid deireadh a chur leis an ‘Sorcus Nero’ seo.

    Nollaig Shona do na daoine faoi leatrom
    nach bhfuil ar a n-achmainn dul go dti na cluichí agus a scéal a insint

    Mo cheol thú a Phádraic Uí Chiardha ,

    As an alt den scoth seo NACH gcuireann sinn ar an eolas faoin easpa cearta daonna do mhuintir na tíre sin agus do na himircigh, do na mná do na daoine aeracha áta á gceilt ag FIFA agus lucht rachamais caipitiligh an Domhain lena gcuid bolscaireachta náireach.

    Ní bheidh muintir saibhir na tíre sin ag athógáil na bhfoirgneamh ach iad siúd a thógáil an Sorcas sa chéad dul síos ar airgead a choinnigh iad beo ón láimh go dtí an bhéal go dtí go bhfuair siad bás sa ghaineamh te.

    Is mithid deireadh a chur leis an ‘Sorcus Nero’ seo atá ag iarraidh an Dubh a chur ina Gheal orainn go bhfuil sochaí cothrom i gCatar.

    Is mise le dóchas
    Dónall Mór Mac Billings
    Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí
    An Ghaeltacht/Jailteacht
    Príosún Phort Laoise
    Bloc E

    Focal Scoir :—

    ( Gabh mo leithscéal as an Clampar, mar tá mé ag obair ó mo chillín
    ar láthair thógála ‘Bloc E‘ agus braon den ‘Asbestos’ agus deanach anuas orm i gcónaí )

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
    *****************************************************************************************

  • jpmorley0@gmail.com

    Táim cortha den síor-spídiú seo ar mhuintir ‘Catarrh’, ‘Guitar’, ‘Kitar’ ag dream nach fiú dóibh ainm na tíre a thabhairt leo i gceart fiú. Cuirfear na stáideanna ar fáil do mhuintir Qatar in éis iad a leagan, sin beart iontach daonlathach flaithiúil nach ea? Ná bhí Berti seo againne ar tí a Stáid féin a thógáil (ar a chostas féin) a thúisce is a bhí sé tagtha anuas de na crainnte ar fad a bhí le dreapadh aige? Do-chum glóire Dé agus onóra na hÉireann? Tá bunáite mhuintir Qatar ‘sound’, an t-ádh leo bheith saibhir. An tógtha orthu bheith saibhir? Cuireann an formad agus an fimíneachas seo ar fad múisc orm! Up Catarrh!

  • Seán

    Níl dul as agat ach cur suas leis. Sin nó cosaint a dhéanamh ar an gcóras atá freagrach as bás 6,500 oibrí, a bhí ag brath ar bhreabaireacht le deis a fháil ar an gCraobh Domhanda a reachtáil, a cheileann cearta daona agus saoirse cainte. Ní haon chor a bheith saibhir, ach is ea a bheith ag bain míúsáide as an saibhreas sin.