Ceithre nóiméad a ghlac sé fáil réidh le Riail cháiliúil 27

Domhnach Cásca 50 bliain ó shin a cuireadh ceann de na rialacha ba chonspóidí i stair Chumann Lúthchleas Gael as feidhm

Ceithre nóiméad a ghlac sé fáil réidh le Riail cháiliúil 27

Pictiúr: INPHO/James Crombie

Is deacair a chreidiúint nach raibh vóta ná díospóireacht i gceist Domhnach Cásca 50 bliain ó shin nuair a cuireadh ceann de na rialacha ba chonspóidí i Stair Chumann Lúthchleas Gael as feidhm – Riail cháiliúil 27.

Ní hamháin gur chuir sé siúd cosc ar bhaill na heagraíochta Cluichí Gallda an tsacair, cruicéad, rugbaí agus haca a imirt, ach bhí a ruaigeadh i ndán freisin dóibh siúd a rinne freastal ar a leithéid. An rud céanna a bhí dlite do dhaoine a thacaigh leo ar na bealaí ba fánaí – a bheith i láthair ag damhsaí nó ag imeachtaí a d’eagraigh siad – an ticéad crannchuir fhéin níorbh cheadmhach a cheannacht.

Níos íorónaí fós gurbh i halla a bhí ainmnithe in ómós Dílseora, Sir William Whitla, agus in Ollscoil a bhí tiomnaithe do Bhanríon Shasana a thángthas ar an socrú Riail 27 a chealú agus go mba dhuine a bhí glan in aghaidh a leithéid a dhéanamh a bhí i gceannas na comhdhála a rinne sin – Pádraig Ó Fainnín, Uachtarán CLG ag an am.

Halla Whitla in Ollscoil na Banríona

Deireadh turais a bhí ann a mhair trí scór bliain – ceann a thug an Cumann ar bhóthar ina raibh sé go hiomlán frithGhallda ag a thús agus ag éirí níos scaoilte agus an t-aistear á dhéanamh.

Ainneoin CLG a bheith ag maíomh ó thús go raibh siad ‘neamhpholaitiúil’, níorbh ionann cás agus ba mar chuid de chath an náisiúnachais a tugadh isteach Riail 27. Ba pholasaí é a bhí ann fiú sular cuireadh ar bhonn foirmiúil é i 1905. Ag an gComhdháil bhliantúil ceithre bliana roimhe sin cuir i gcás, glacadh le rún a dúirt “go raibh níos mó i gceist linn ná eagraíocht spóirt amháin’ agus go raibh siad sáite “in a struggle to crush English pastimes”.

Faoi na 1960idí bhí a chúram déanta, an t-athrú ar na bacáin agus ceann cúrsa le feiceáil. Fós bhí oiread tacaíochta ag an Riail laistigh ag ardleibhéal CLG agus oiread den drogall ar dhaoine a bhí patuar faoin scéal a dtuairim a thabhairt go raibh an bhliain 1970 linn sula raibh comharthaí a bháis le feiceáil.

Ag Comhdháil na bliana sin glacadh le rún ó chontae na Mí go mba cheart deis vótála ar an scéal a thabhairt do bhaill iomlán an Chumainn sula ndéanfaí é a phlé i mBéal Feirste an bhliain dár gcionn.

Nuair a rinneadh sin ba iad contaetha Aontroma agus Shligigh amháin a vótáil ar son Riail 27 a choinneáil sa Treoraí Oifigiúil. Bhí a mhaith déanta, má bhí a leithéid riamh ann.

Ceithre mhí sular cuireadh daoine i gcampaí géibhinn gan triail agus sé mhí eile sular facthas Domhnach na Fola, bhí breis den íoróin ag baint leis an scéal sa méid agus go mba é Con Short as Cumann Chrois Mhic Lionnáin a mhol deireadh a chur le Rún 27. Mar chuiditheoir leis bhí Tom Woulfe, Ciarraíoch a bhí curtha faoi i mBleá Cliath agus a raibh a shaol caite aige ag réiteach an bhealaigh don ócáid.

Ceithre nóiméad a ghlac sé an beart a chur i gcrích, ní raibh aon chur ná cúiteamh, cé go bhfuair teachtaire as Aontroim, Seán Rooney, deis a rá go raibh a chontae den tuairim nach raibh sin ceart ná cóir, ach go nglacfadh siad leis an socrú.

Bhí aon ghlór amháin easaontais eile. Lar Brady, fear ceithre scór bliain d’aois a d’imir do Laois i 1913. Ainneoin a chontae a bheith ar thaobh an mhóraimh, dúirt an Brádach : “I would almost call it a sleight of hand in getting rid of the motion without hearing our views.”

Pádraig Ó Fainnín, Uachtarán CLG ag an am. Pictiúr: RTÉ

Seachas sin ba mholadh a fuair Pádraig Ó Fainnín as an gcaoi a láimhseáil sé eachtra ina raibh sé féin tiomanta dá mhalairt. Ba mhinic ráite aige go mba dhóigh leis go mba riail a bhí ann a léirigh spiorad an Chumainn, ach nuair a tháinig an t-am go raibh sé le cur ar neamhní, rinne sé sin ar bhealach ionraic, onórach.

Agus tocht ina ghlór, dúirt Ó Fainnín, a bhí ina Uachtarán idir 1970-1973 dá mbeadh a fhios aige go mba ar a chrann a thitfeadh a leithéid nuair a chuaigh sé in iomaíocht don phost, nach móide go seasfadh sé beag ná mór.

Mhol na nuachtáin go haer é lá arna mhárach agus é tuillte go maith aige.
“In his faultless handling of the affair – Mr Fanning used his skill as a leader to bring the Association face to face with the realities of the membership at local level.” a dúirt Tom Fallon ar an bpríomhleathnach de Scéala Éireann lá arna mhárach. “Ban rule goes…but with dignity” a dúirt ceannlíne an Cork Examiner. “Sport in Ireland has taken on a new look and one which should benefit every code,” a dúirt eagarfhocal san Irish Independent.

Fág freagra ar 'Ceithre nóiméad a ghlac sé fáil réidh le Riail cháiliúil 27'

  • Séamas Mac Coitir

    Imeacht gan teacht ar an Riail 27 chéanna. Ba thráthúil an mhaise gur cuireadh deireadh léi gan doicheall ná faltanas.