Ceithre mhéadar ón mbuamadóir a bhí cailín óg as Gaeltacht na hAlban a maraíodh in ionsaí sceimhlitheoireachta

Tugadh fianaise faoi bhás Eilidh NicLeòid ag an bhfiosrúchán atá ar siúl faoin ionsaí buamála inar maraíodh 22 duine a bhí ag freastal ar cheolchoirm sa Manchester Arena ar an 22 Bealtaine 2017

Ceithre mhéadar ón mbuamadóir a bhí cailín óg as Gaeltacht na hAlban a maraíodh in ionsaí sceimhlitheoireachta

Ní raibh cailín óg as Gaeltacht na hAlban a bhásaigh in ionsaí sceimhlitheoireachta Mhanchain in 2017 ach ceithre mhéadar ón mbuamadóir nuair a pléascadh an buama.

Tugadh fianaise faoi bhás Eilidh NicLeòid ag an bhfiosrúchán atá ar siúl faoin ionsaí buamála inar maraíodh 22 duine a bhí ag freastal ar cheolchoirm sa Manchester Arena ar an 22 Bealtaine 2017.

Bhí Eilidh NicLeòid 14 bliain d’aois nuair a cailleadh í agus dúirt a máthair an tseachtain seo go raibh sí féin gar don láthair nuair a tharla an pléascadh agus í réidh chun a hiníon agus cara léi a bhailiú.

“Bhí mé díreach timpeall an chúinne, trasna an bhóthair ón áit a ndúirt mé le hEilidh a bheadh mé ag fanacht leo, nuair a chuala mé pléasc ollmhór,” a dúirt Marion MacLeod.

“Croitheadh an talamh agus ag an nóiméad sin, réabadh ár saol ar fad as a chéile.”

Tugadh le fios sa chúirt gur bhásaigh Eilidh i bhforhalla an ionaid de bharr go leor gortuithe. Dúirt saineolaithe leighis nach raibh seans ar bith go bhféadfadh sí teacht slán ón eachtra.

Gortaíodh cara Eilidh go dona sa phléasc.

Dúradh gur cailín “sona, spraíúil” a bhí in Eilidh, arb as oileán Bharraí in Inse Ghall di.

Dúirt Cathaoirleach an fhiosrúcháin, Sir John Saunders, gur léir go ndeachaigh Eilidh i gcion ar mhórán le linn a saoil agus go raibh gealladh fúithi go n-éireodh léi pé rud a theastaigh uaithi a bhaint amach.

Tá an fiosrúchán ag fiosrú bás gach duine den 22 duine a maraíodh san ionsaí. Salman Abedi, fear 22 bliain d’aois, a phléasc an buama sa Manchester Arena agus na sluaite ag fágáil ceolchoirme de chuid Ariana Grande.

Fág freagra ar 'Ceithre mhéadar ón mbuamadóir a bhí cailín óg as Gaeltacht na hAlban a maraíodh in ionsaí sceimhlitheoireachta'