Ceithre bliana príosúin ar fhear as Conamara a ghoid €140,000 ón Roinn Leasa Shóisialaigh

Ciontaíodh sa chúirt i nGaillimh inniu fear as Cill Chiaráin i 110 cás gadaíochta agus calaoise agus meastachán déanta gur goideadh €140,932 ar fad ón Roinn Coimirce Sóisialaí i scéim cham a raibh baint aige léi

Ceithre bliana príosúin ar fhear as Conamara a ghoid €140,000 ón Roinn Leasa Shóisialaigh

Chuir fear a bhíodh ina Oifigeach Leasa Shóisialaigh i gConamara tús le téarma príosúnachta ceithre bliana inniu, príosún a gearradh air as na mílte euro a ghoid go calaoiseach ón Roinn Leasa Shóisialaigh thar roinnt blianta. 

An 19 Márta anuraidh an chéad uair a tugadh Ciarán McDonagh, 60, as Cill Chiaráin i gConamara, os comhair Chúirt Chuarda Choiriúil na Gaillimhe agus é cúisithe i 110 cás gadaíochta agus calaoise, agus meastachán déanta gur goideadh €140,932 ar fad ón Roinn Coimirce Sóisialaí, ar dhátaí éagsúla idir 2007 agus 2012.

Shéan McDonagh na cúisimh ar dtús ach d’fhill sé ar an gcúirt an lá ina dhiaidh sin agus phléadáil sé ciontach as 26 cúiseamh samplach, ina measc gur scríobh sé luach €12,360 de sheiceanna calaoiseacha do phluiméir bréige ar dhátaí éagsúla idir Meitheamh 2009 agus mí Eanáir 2012. 

Phléadáil Tim Gannon, 69, as Lus Léana, Bóthar Áth Cinn i gcathair na Gaillimhe, an fear eile a cúisíodh in éineacht le McDonagh, ciontach in 11 cás samplach gadaíochta, as an 110 cúis ar fad a cuireadh ina leith ar dtús, agus as €50,007 san iomlán a ghoid ón Roinn Coimirce Sóisialaí ar dhátaí éagsúla idir 2007 agus 2012. 

Gearradh trí bliana príosúin ar fionraí ar Gannon níos túisce i mbliana as a ról sa scéim cham seo. Dúradh sa gcúirt nárbh eisean ceann feadhna na caimiléireachta, go raibh fadhbanna móra sláinte aige agus gur san ospidéal is minice é na laethanta seo.  

Dúirt an Bleachtaire Sáirsint Colm McDonagh sa gcúirt inniu gur pluiméir nach raibh cláraithe é Gannon a bhí ag fáil liúntas leasa shóisialaigh agus nach raibh cuma ná caoi ar an obair a rinne sé do na dhaoine a chuir McDonagh ina bhealach. 

Dúirt an Bleachtaire Sáirsint gur chaith Ciarán McDonagh tamall maith ag íoc seiceanna le Gannon ar obair agus seirbhísí a bhí le déanamh i dtithe i gConamara nach ndearnadh chor ar bith nó má rinneadh iad, a bhí i bhfad faoi bhun an chaighdeáin chuí. 

Go minic bhíodh ar na daoine sin daoine eile a íoc as a bpóca féin chun na ‘deisiúcháin’ a rinne Gannon ina dtithe a chur ina gceart.   

Dúirt an Bleachtaire Sáirsint Colm McDonagh gur mhinic a tharla go ndearna daoine iarratas ar chúnamh ó McDonagh le deisiúcháin a bhí ag teastáil go géar ina gcuid tithe a dhéanamh ach gur dhiúltaigh an t-oifigeach leasa shóisialaigh dá n-iarratas.  D’eisíodh sé sonraisc bhréige ansin d’obair nach ndearnadh chor ar bith agus d’eisíodh sé seic in ainm Gannon as an obair a dhéanamh.

Bhí údarás ag McDonagh seiceanna na Roinne Coimirce Sóisialta nárbh fhiú níos mó ná €500 iad a eisiúint agus ba mhinic leis seiceanna €490 a scríobh do Gannon ar obair bhréige. 

Théadh Gannon ansin go dtí oifigí poist éagsúla agus shóinseáladh sé na seiceanna sin agus roinneadh sé an chreach eatarthu. 

Duine a bhí ag obair in oifig an phoist in Indreabhán agus a thug faoi deara an líon seiceanna a bhíodh á sóinseáil ag Gannon a chuir scéala chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí. Rinne an Roinn sin fiosrúchán agus ansin chuir siad na Gardaí ar an eolas.

Dúirt an Bleachtaire Sáirsint Colm McDonagh gur ghabh sé féin Tim Gannon agus gur cheistigh sé é. 

Dúirt Gannon leis gur thug an tOifigeach Leasa Shóisialaí roinnt seiceanna dó ina ainm féin idir 2007 agus 2012 mar íocaíocht ar obair nach ndearna sé riamh. 

Dúirt sé gur bhrionnaigh nó gur scríobh McDonagh ainmneacha daoine eile ar shonraisc bhréige leis an gcuma a chur air go ndearnadh an obair.

Cheistigh na Gardaí Ciarán McDonagh 14 babhta agus shéan sé go raibh aon bhaint aige féin leis an scéim sna chéad deich n-agallamh ach d’admhaigh sé chuile shórt sna ceithre agallamh eile.

 Cuireadh in iúl sa gcúirt i nGaillimh go raibh McDonagh fostaithe mar oifigeach leasa shóisialaigh ón mbliain 1978 agus go raibh sé ina bhailitheoir cánach ag Comhairle Chontae na Gaillimhe chomh maith. 

Dúirt an Bleachtaire McDonagh gur chuir an Roinn Coimirce Sóisialaí an cúisí ar fionraí óna phost ar lánphá i mí Lúnasa 2012 agus go raibh sé bailithe ar a phinsean ó shin. 

Dúirt dlíodóir an chúisí, Conal McCarthy BL, gur cuireadh deireadh le fostaíocht a chliaint sa Mhárta seo caite tar éis dó pléadáil ciontach agus go raibh €50,000 as an aisce, nó an síneadh láimhe a bhí le fáil aige agus é ag dul ar scor, coinnithe uaidh ag an Roinn Coimirce Sóisialaí. 

Dúirt an dlíodóir chomh maith go raibh dréacht bainc €12,360 tugtha isteach chun na cúirte aige mar chúiteamh ar an gcuid eile den airgead a bhí amuigh acu air.  

Dúirt sé go raibh an-mheas ar McDonagh i measc an phobail i gConamara agus gur mhór an náire dó féin agus dá mhuintir an scannal seo. 

“Deirtear liom gur thaithnigh sé le muintir an phobail mar gheall ar na dea-ghníomhartha a rinne sé,” a dúirt an tUasal McCarthy. 

Dúirt an Breitheamh gur cuireadh de chúram ar an gcúisí airgead an cháiníocóra a bhainistiú agus gur tharla feall ar iontaoibh an-tromchúiseach ar feadh tréimhse fada. 

“Gadaíocht chórasach a bhí anseo. Is léir gur scéim réamhphleanáilte a bhí inti agus go ndearnadh í a bhainistiú go cúramach. Den chuid is mó is go doicheallach a rinne McDonagh aon chomhoibriú leis na Gardaí,” a dúirt an Breitheamh. 

Dúirt an Breitheamh gur deich mbliana an pionós is mó a d’fhéadfaí a ghearradh i gcás gadaíochta agus gur ceithre bliana príosúin an phianbhreith ba chuí sa gcás seo i leith na gcúiseanna go léir agus go mbeadh an bhliain deiridh ar fionraí agus gur pianbhreith i gcomhthráth a bhí i gceist. 

Dúirt sé go raibh an bhliain deiridh á cur ar fionraí aige mar gheall ar an dea-cháil a bhí ar McDonagh agus an aois a raibh sé. 

Fág freagra ar 'Ceithre bliana príosúin ar fhear as Conamara a ghoid €140,000 ón Roinn Leasa Shóisialaigh'