Ceithre athrú déanta ar fhoireann na hÉireann don chluiche in aghaidh Shasana

Tá Ross Byrne ag tosú sa chluiche in Twickenham agus cinneadh déanta ag Andy Farrell Conor Murraty a fhágáil ar an mbinse

Ceithre athrú déanta ar fhoireann na hÉireann don chluiche in aghaidh Shasana

Ross Byrne. Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Tá ceithre athrú déanta ag Andy Farrell ar fhoireann rugbaí na hÉireann a thabharfaidh aghaidh ar Shasana an deireadh seachtaine seo.

Is é Ross Byrne atá tugtha isteach in áit Johnny Sexton atá leonta ag lucht bainistíochta na hÉireann. I measc na n-ionadaithe arís a bheidh Billy Burns, fear a tháinig isteach nuair a gortaíodh Sexton in aghaidh na Breataine Bige.

Bhain gortú do Robbie Henshaw sa chluiche céanna agus is é Bundee Aki atá ainmnithe i lár na páirce ina áit.

Tá fear Chúige Mumhan, CJ Stander ainmnithe in áit Josh van der Flier sa líne chúil agus tosóidh Keith Earls in áit Jacob Stockdale agus tá Hugo Keenan curtha siar mar lánchúlaí.

Tá cinneadh déanta ag Andy Farrell Jamison Gibson Park a roghnú mar leathchúlaí clibirte arís agus tá Conor Murray fágtha ar an mbinse don chluiche seo.

Tosóidh an triúr céanna a thosaigh in aghaidh na Breataine Bige, Cian Healy, Ronan Kelleher agus Andrew Porter, sa líne thosaigh agus is iad Quinn Roux agus James Ryan a bheidh sa dara líne arís. Is é Ryan captaen na hÉireann don chluiche.

CJ Stander, Peter O’Mahony agus Caelan Doris atá roghnaithe sa líne chúil.

Beirt ó Chúige Laighean, Jamison Gibson Park agus Ross Byrne, a bheidh ag imirt mar leathchúlaithe agus tá Bundee Aki agus Chris Farrell ainmnithe i lár na páirce.

Beidh Keith Earls agus James Lowe ar na cliatháin agus Hugo Keenan a bheidh ina lánchúlaí.

Tráthnóna Dé Sathairn (3.00i.n.) atá an cluiche idir Éirinn agus Sasana le himirt, an dara babhta i gCraobh Náisiúin an fhómhair.

Bua deich bpointe a bhí ag Éirinn ar an mBreatain Bheag an tseachtain seo caite, 24-14.

Foireann na hÉireann v Sasana
15. Hugo Keenan
14. Keith Earls
13. Chris Farrell
12. Bundee Aki
11. James Lowe
10. Ross Byrne
9. Jamison Gibson-Park

1. Cian Healy
2. Ronan Kelleher
3. Andrew Porter
4. Quinn Roux
5. James Ryan
6. CJ Stander
7. Peter O’Mahony
8. Caelan Doris

Ionadaithe:
16. Rob Herring
17. Ed Byrne
18. Finlay Bealham
19. Iain Henderson
20. Will Connors
21. Conor Murray
22. Billy Burns
23. Jacob Stockdale

 

Fág freagra ar 'Ceithre athrú déanta ar fhoireann na hÉireann don chluiche in aghaidh Shasana'