Ceisteanna go leor do Shinn Féin agus Mary Lou McDonald

Mheas go leor go bhfágfadh teacht Mary Lou McDonald deis ag Sinn Féin a bheith i rialtas sa bPoblacht. Ach ag dul i laige atá siad ó shin…

Ceisteanna go leor do Shinn Féin agus Mary Lou McDonald

Tá machnamh go leor le déanamh faoina bhfuil i ndán do pháirtithe agus do cheannairí páirtí i bhfianaise thorthaí na dtoghchán. Déanfar scagadh agus mionanailís ar na figiúirí agus beidh lucht straitéise gnóthach as seo go ceann tamaill.

Ach ní gá na torthaí ar fad a bheith againn ná na vótaí ar fad a bheith comhartha le tuiscint go bhfuil obair mhór le déanamh ag Sinn Féin. Ghlac muid ar fad leis gur beag seans go bhféadfaidís cur le líon na suíochán a fuair siad in 2014 nuair a chuir siad iontas ar an uile dhuine agus 159 suíochán acu.

Nuair tháinig Mary Lou McDonald i gcomharbacht mar cheannaire ar Shinn Féin i mí Feabhra 2018 bhí dóchas ag a lucht straitéise go mbeadh sí in ann cur le tacaíocht an pháirtí agus cineál nua vótóra a mhealladh chucu. Bean mheánaicmeach as Baile Átha Cliath áit a raibh rath agus fás ar an bpáirtí le blianta. Mheallfadh sí níos mó daoine óga. Bheadh deis acu ar shuíocháin bhreise Dála. Bheadh deis acu a gcuspóir a bhaint amach – bheith i rialtas sa bPoblacht.

A mhalairt atá tarlaithe ó shin.

Bíonn leide sna toghcháin áitiúla i gcónaí faoin méid a tharlóidh in olltoghcháin agus léargas ar na hiarrthóirí nua a d’fhéadfadh an beart a dhéanamh agus suíochán Dála a fháil.

Más ea, is beag údar dóchais atá ag Sinn Féin.

Bhí titim 12% ar a sciar den vóta i mBaile Átha Cliath, titim naoi bpointe i gCorcaigh agus laghdú suntasach i nGaillimh agus Luimneach chomh maith. Cén fáth?

Deir Sinn Féin linn gur mar gheall ar an ngaoth a bheith i seolta Chomhaontas Glas a tharla sé. Ach léamh an-simplí atá ansin ar ar tharla le cúpla lá.  Níl amhras ach go raibh borradh faoin vóta Glas ach is cosúil gur tháinig na vótaí sin as áiteacha go leor. Ní leor é mar mhíniú ar chruachás Shinn Féín.

Níor tháinig daoine amach chun tacú leo sna cathracha, go háirithe sna ceantair bhochta a mbíonn Sinn Féin ag díriú orthu. Bhíodh sé de cháil ar Shinn Féin go mbíodh siad in ann daoine a mhealladh chuig na bothanna vótála. An amhlaidh nach bhfuil an bua sin chomh láidir níos mó acu? An bhfuil an dílseacht a bhíonn ag daoine don pháirtí imithe i léig? Má tá, cén fáth?

Tá sé admhaithe ag ionadaithe sinsearacha sa bpáirtí gur gá dóibh athbhreithniú a dhéanamh ar chúrsaí. Níl aon duine acu gur labhair mise leo sásta a rá go bhfuil ceisteanna le cur faoin gceannaireacht. Dúirt Eoin Ó Broin, atá aitheanta ar dhuine den lucht straitéise is sinsearaí sa bpáirtí, go gcaithfear machnamh a dhéanamh faoi céard a tharla agus é sin a dhéanamh go beo. Beidh deis acu an machnamh sin a dhéanamh anois mar nach bhfeilfidh sé d’Fhianna Fáil agus Fine Gael olltoghchán a ghairm go ceann roinnt míonna.

Fág freagra ar 'Ceisteanna go leor do Shinn Féin agus Mary Lou McDonald'