Ceisteanna, freagraí agus ceisteanna nach bhfuil aon fhreagra orthu – an tOspidéal Náisiúnta Máithreachais 

Níl freagra soiléir ar gach ceist a bhaineann leis an tOspidéal Náisiúnta Máithreachais 

Ceisteanna, freagraí agus ceisteanna nach bhfuil aon fhreagra orthu – an tOspidéal Náisiúnta Máithreachais 

Tá Stephen Donnelly ag beartú iarracht amháin eile a dhéanamh chun an míshuaimhneas faoi struchtúr agus faoi shuíomh nua an Ospidéil Náisiúnta Máithreachais a mhaolú. Tá críoch an scéil seo réasúnta soiléir, áfach.

B’fhéidir go gcuirfidh an rialtas moill ar an gcinneadh atá geallta a bheith á dhéanamh Dé Máirt. Idir sin agus deireadh na seachtaine, cuirfidh díospóireacht ar rún Shinn Féin, ina moltar úinéireacht iomlán stáit ar shuíomh an ospidéil, a thuilleadh brú ar an rialtas.

Tá sé ionann agus cinnte mar sin féin go mbeidh trí thoradh ar an gcur is cúiteamh go léir.

Ar an gcéad dul síos, rachfar chun cinn le lonnú an ospidéil nua ar shuíomh Ospidéal Naomh Uinseann, mar a socraíodh roimhe seo.

Ar an dar dul síós, ní bun-athrú ach soiléiriú ar na socruithe a rinneadh go dtí seo a thairgfidh an rialtas mar fhreagra ar an míshásamh.

An tríú rud gur féidir a bheith cinnte faoi ná nach gcuirfidh cibé soiléiriú a eiseoidh an rialtas deireadh le míshuaimhneas i dTeach Laighean ná lasmuigh.

Admhaíonn airí agus Teachtaí Dála a deir gur chóir dul chun cinn le tógáil an Ospidéil gan a thuilleadh moille nach bhfuil siad lánsásta leis na socruithe a rinneadh. 

Deir siad áfach nach gcuirfidh an léas 299 bliain atá á thairiscint ag Ospidéal Naomh Uinseann neamhspleáchas an ospidéil nua i mbaol.

Is ábhar suntais mar sin féin é nach bhfuil an socrú á chosaint mar chéad rogha ag lucht cosanta na scéime. Dúirt Stephen Donnelly leis an gcoiste sláinte Dé Céadaoin mar shampla go mb’fhearr leis go mbeadh lánseilbh ag an stát ar an talamh ar a dtógfar an tOspidéal Máithreachais nua ach go raibh socrú dá leithéid “neamh-inphléite”  (nó mar a dúirt an t-aire, ‘non-negotiable’). Ní raibh Siúracha na Carthanachta, arbh leo Ospidéal Naomh Uinseann go dtí le gairid, ná an comhlacht príobháideach ar leo an t-ospidéal anois, toilteanach aistriú glan úinéireachta nua a phlé.

Fógraíodh aistriú an Ospidéil Náisiúnta Máithreachais go dtí campas Ospidéal Naomh Uinseann i ndeisceart Bhaile Átha Cliath in 2013. Neartaigh an idirbheartaíocht chasta a bhí ar bun ó shin a neamhspleáchas i gcomhréir le lagú thionchar díreach na siúracha, nó ionadaithe na siúracha, ar riar an ospidéil.

Dúirt Máistir an Ospidéil Náisiúnta Máithreachais, an Dochtúir Shane Higgins, Dé hAoine, nach raibh tionchar ag cúrsaí creidimh ar ethos an ospidéil faoi láthair agus nach n-athródh an t-aistriú go dtí an suíomh nua an prionsabal sin in aon chor.

Tá athruithe agus soiléiriú ar neamhspleáchas an ospidéil agus ar na prionsabail eitice a bheas i bhfeidhm má aistrítear é fós á bplé, ach tá na freagraí ginearálta a thabharfar ar cheisteanna tábhachtacha soiléir cheana féin, mar is léir on liosta seo a leanas:

An féidir lánchinnteacht faoi neamhspleáchas an ospidéil nua agus faoi smacht an stáit air a dheimhniú ar dhóigh a shásóidh gach duine? 

Ní féidir.

An féidir conradh a dhréachtú, idir ospidéil éagsúla nó idir dreamanna éagsúla ar bith, a chinnteodh nach mbeadh aighneas eatarthu uair éigin in imeacht 299 bliain?

Ní féidir.

An bhfuil bainistíocht agus foireann an Ospidéil Náisiúnta Máithreachais ar aon tuairim go mbeidh lán-neamhspleáchas i réim nuair a aistreofar é go dtí an suíomh nua? 

Tá.

An bhfuil soiléiriú ar an gcuibhiúlacht chliniciúil a ghealltar i ndréachtbhunreacht an ospidéil i ndiaidh a aistrithe, nó gearradh amach na bhfocal sin, á mheá toisc iad a bheith doiléir dar le daoine éagsúla?

Tá.

An bhfuil an ceart ag an rialtas a rá nach féidir a bheith cinnte cén toradh a bheadh ar ordú le suíomh an ospidéil nua a cheannach go héigeantach? 

Tá.  D’fhéadfaí cur ina choinne ar mhórán cúiseanna. Mar shampla, bheadh ar an stát a thaispeáint nach bhféadfaí ospidéal nua a thógáil in áit éigin eile.

An ionann sin agus a rá nach bhfuil bealach cinnte ar fáil a chinnteodh smacht iomlán an stáit ar sheilbh agus ar riar an ospidéil nua?

Ní hionann. Chinnteodh reifreann nó réabhlóid smacht iomlán – is é sin dá n-éireodh leo lánsmacht a chur i gcrích.

An léir cúis réasúnta nach bhfuil an comhlacht ar leo Ospidéal Naomh Uinseann SVHG (nó ‘Saint Vincent’s Healthcare Group’) toilteanach seilbh na talún ar a mbeartaítear an t-ospidéal nua a thógáil a thairiscint don stát? 

Ní léir.

Ar chóir d’ionadaithe SVHG dul os comhair choiste sláinte an Oireachtais lena gcás a mhíniú?

 Ba chóir gan amhras.

An féidir iachall a chur ar SVHG freastal ar chruinniú den choiste?

De réir dlí, d’fhéadfaí. Dáiríre, toisc gur comhlacht príobháideach é, ní féidir.

An léir rogha ar bith eile faoi láthair a chinnteodh go mbeadh páistí á saolú agus cóir leighis ar fáil do mhná san Ospidéal Máithreachais Náisiúnta nua faoi cheann deich mbliana. 

Ní léir, faraor.

Fág freagra ar 'Ceisteanna, freagraí agus ceisteanna nach bhfuil aon fhreagra orthu – an tOspidéal Náisiúnta Máithreachais '

  • Cathal

    Mo leithscéal, tá meancóg i mo cholún, ceartaithe anseo:
    “An féidir iachall a chur ar SVHG freastal ar chruinniú den choiste?
    De réir dlí, d’fhéadfaí. Dáiríre, toisc gur comhlacht príobháideach é, ní féidir.”
    Buíochas leis an Léitheoirí’s Aonghus Ó hAlmhain a thug an lúb ar lár faoi deara.
    Cathal Mac Coille

  • Éamonn Ó Gribín

    Deir AIRTEAGAL 44, 2° dn Bhunreacht; “Ráthaíonn an Stát gan aon chóras creidimh a mhaoiniú.”

    Nach bhfuil an fhiontar seo ag tabhairt maoinithe don Eaglais Chaitliceach?