Ceisteanna ‘cultúir agus féiniúlachta’ an t-ábhar scoilte is mó agus síneadh ama fógartha ag Brokenshire do na cainteanna ó thuaidh

Dúirt an Rúnaí Stáit do Thuaisceart Éireann James Brokenshire tráthnóna nach raibh aon ghoile ann do thoghchán tobann eile ó thuaidh

Ceisteanna ‘cultúir agus féiniúlachta’ an t-ábhar scoilte is mó agus síneadh ama fógartha ag Brokenshire do na cainteanna ó thuaidh

Tá síneadh ama fógartha ag an Rúnaí Stáit do Thuaisceart Éireann James Brokenshire do na cainteanna maidir leis an ngéarchéim pholaitiúil ó thuaidh.

Dúirt Brokenshire tráthnóna nach raibh aon ghoile ann do thoghchán tobann eile agus thug sé le fios go mbeadh roinnt seachtainí eile ag na páirtithe iarracht eile a dhéanamh teacht ar chomhréiteach maidir le hathbhunú Fheidhmeannas Stormont.

Ba é an 4 a chlog tráthnóna an spriocam do na cainteanna polaitiúla ar cuireadh tús leo i ndiaidh an toghcháin níos luaithe an mhí seo. Cé go bhfuil dualgas ar Brokenshire toghchán a ghairm i bhfianaise theip na gcainteanna, tá cead aige chomh maith síneadh ama a fhógairt ar feadh tréimhse “réasúnta”.

Dúirt sé tráthnóna gur “roinnt seachtainí beaga” a bheadh i gceist leis an síneadh ama sin. Má theipeann ar na páirtithe teacht ar chomhréiteach le linn na tréimhse sin, bheadh toghchán eile nó riail dhíreach i gceist.

D’fhógair Sinn Féin aréir go raibh siad ag tarraingt siar ó na cainteanna toisc nach raibh aon dul chun cinn á dhéanamh. I measc na gceisteanna nár éirigh leis na páirtithe teacht ar chomhréiteach fúthu faoi am sprice an lae inniu, bhí ceist an Achta Gaeilge don Tuaisceart.

Thug Brokenshire le fios tráthnóna go raibh dul chun cinn déanta i dtaobh ceisteanna éagsúla le linn na gcainteanna ach gurb iad “na ceisteanna a bhain le cúrsaí cultúir agus féiniúlachta” an t-ábhar scoilte is mó idir na páirtithe i gcónaí.

Chuir Sinn Féin agus an DUP an milleán ar a chéile inniu as teip na gcainteanna.

Chuir ceannaire an DUP, Arlene Foster, i leith Shinn Féin nach raibh an fonn céanna ar an bpáirtí poblachtach is a bhí ar an bpáirtí aontachtach comhréiteach a aimsiú agus na cainteanna iarthoghcháin ar bun in Stormont le cúpla seachtain anuas.

Dúirt Foster nach raibh Sinn Féin ‘“dáiríre” faoi theacht ar chomhaontú riamh agus nach raibh “spioraid an chomhréitigh” ann i measc bhaill nuathofa an pháirtí maidir le dul ar ais i bhFeidhmeannas Stormont arís.

Dúirt ceannaire nua Shinn Féin, Michelle O’Neill, áfach, gur sheas a páirtí an fód go daingean maidir leis na gealltanais a socraíodh cheana ach nár cuireadh i bhfeidhm riamh.

Dúirt sí gur ghlac baill Shinn Féin páirt sna cainteanna an mhí seo agus an meon ceart acu, agus fonn orthu na hinstitiúidí ó thuaidh a chur ag obair arís, ach gur chuir an DUP bac air sin tríd an “comhionannas a shéanadh ar gach saoránach” agus gurbh in an chúis ar theip ar na cainteanna.

Dúirt James Brokenshire gur “údar mór díomá” é teip na gcainteanna do phobal an Tuaiscirt agus go mbeadh impleachtaí ag an teip sin do chúrsaí buiséid go háirithe.

Ón gCéadaoin seo amach, is iad státseirbhísigh ranna stáit an tuaiscirt a bheidh i bhfeighil ar chúrsaí airgeadais.

Fág freagra ar 'Ceisteanna ‘cultúir agus féiniúlachta’ an t-ábhar scoilte is mó agus síneadh ama fógartha ag Brokenshire do na cainteanna ó thuaidh'