Ceisteanna cosanta agus cumhachta ag éirí níos casta san AE

Níl comhartha ar bith ann go laghdóidh an éiginnteacht a bhaineann le cúrsaí idirnáisiúnta go luath

Ceisteanna cosanta agus cumhachta ag éirí níos casta san AE

Bagairtí Seachtracha

Le dhá bhliain anuas tá cúrsaí cosanta ag athrú san Eoraip, mar gheall ar ionradh na Rúise ar an Úcráin tá athrú tagtha ar sheasamh NATO agus fiú ar an Aontas Eorpach maidir le hullmhúcháin chosanta. Tá Uachtarán na Fraince, t-aon chumhacht núicléach san AE, tar éis a mhaíomh le déanaí gur chóir don Aontas a bheith níos neamhspleáiche ó thaobh cúrsaí cosanta de. Ina theannta sin tá an cathaoirleach Gearmánach ar Pháirtí an Phobail Eorpaigh i bParlaimint na hEorpa tar éis a rá gur chóir don AE smaoineamh a dhéanamh ar a iombhagairt núicléach féin a bheith aige.

I ndiaidh na n-ionsaithe ar an Úcráin ní nach ionadh go bhfuil cosaint an AE tar éis teacht chun cinn agus beidh sé gar do bharr an chláir oibre go ceann i bhfad, go háirithe má fhaigheann an Rúis an lámh in uachtar ar an Úcráin.

Cé gur féidir beag is fiú a dhéanamh de chuid de na bagairtí ar na Stáit Bhaltacha a bhíonn le cloisteáil san Rúis is deacair neamhaird a thabhairt orthu nuair a bhíonn bagairtí den chineál céanna le cloisteáil ó iar-uachtarán, gobharnóirí agus ginearáil na tíre.

Tar éis ionsaithe Hamas ar an 7 Deireadh Fómhair osclaíodh doras na hiaróige ní ba leithne sa Mheánoirthear: tá na hIosraelaigh ag déanamh scrios ar Gaza, tá coimhlintí laethúla ag tarlú idir na hIosraelaigh agus Hezbollah ar theorainn na Liobáine, tá ionsaithe á ndéanamh ar bhunáiteanna Meiriceánacha sa réigiún agus freagra á thabhairt ag na Meiriceánaigh ar na hionsaithe sin, tá ionsaithe á ndéanamh ag na Houthi ar longa sa Mhuir Rua agus ar ndóigh tá an baol ann go n-imeodh gach rud ó smacht go tobann.

Cé go bhfuil easaontas san AE maidir le hiompar na nIosraelach i nGaza, is iad ionsaithe na Houthi ar na longa atá ag cruthú brú chomh maith toisc go bhfuil Canáil Shuais á seachaint ag cuid mhaith de na comhlachtaí coimeádán faoi láthair. Gan amhras cuirfidh sé seo le costas earraí a iompórtáiltear isteach san AE agus leis an mbrú ar thomhaltóirí na hEorpa.

Níl comhartha ar bith ann go laghdóidh an éiginnteacht a bhaineann le cúrsaí idirnáisiúnta go luath agus beidh ar an AE agus ar na ballstáit dul i ngleic leis an éiginnteacht chéanna agus pleananna, lena n-áirítear pleananna eacnamaíochta, polaitíochta, taidhleoireachta agus cosanta, a dhéanamh dá réir go ceann i bhfad.

Deacrachtaí polaitíochta

Cé nach bhfuil struchtúr cosanta foirmiúil ag an AE, tá NATO eagraithe mar chomhghuaillíocht mhíleata, mar gheall air sin tá sí mar bhunchloch na comhchosanta don chuid is mó de bhallstáit an AE, seachas Éire, Málta, an Ostair agus an Chipir. Má tharlaíonn aon rud d’aontacht NATO lagófar córas cosanta na hEorpa.

Dá dtoghfaí Donald Trump mar uachtarán na Stát Aontaithe bheadh drochthionchar aige sin ar aontacht NATO agus ar an mbarántas slándála a bhaineann leis an gcomhghuaillíocht. Tá sé ráite ag an iarrthóir poblachtach nach dtiocfadh sé i gcabhair ar an Eoraip go deo agus go bhfuil port NATO, mar eagraíocht chosanta, seinnte. Cén seasamh a bheadh ag an AE dá dtarlódh sé sin? Fiú mura dtoghfaí an t-iarrthóir poblachtach seans go mbeadh dearcadh amhrasach sna Stáit Aontaithe faoin tacaíocht do NAT0 i ndiaidh thoghchán na huachtaránachta.

De réir taighde a d’fhoilsigh Pewresearch anuraidh, tá formhór dhaonra na mballstát Eorpach de chuid NATO i bhfabhar na heagraíochta, ach tá glórtha le cloisteáil taobh amuigh de na páirtithe polaitíochta móra i dtíortha na hEorpa atá i gcoinne comhghuaillíocht mhíleata de chineál ar bith.

Tá páirtithe eile nach bhfuil i bhfabhar cúnamh míleata breise a thabhairt don Úcráin. Má thagann na grúpaí seo chun cinn sna toghcháin san Eoraip i mbliana, lena n-áirítear na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa, cén seans go mbeidh tionchar acu ar bheartais an AE as seo amach?

Gan amhras, dá n-éireodh leo dul i bhfeidhm ar thíortha gan cúnamh míleata a thabhairt don Úcráin thabharfaí spreagadh don Rúis an deis a thapú chun an lámh in uachtar a fháil sa chogadh. Dá n-éireodh leo dul i bhfeidhm ar bheartais a bhaineann le cúrsaí slándála agus cosanta san AE, chuirfeadh sé sin isteach ar iarrachtaí an AE déileáil leis na bagairtí idirnáisiúnta.

Freagraí an AE

Mar gheall ar na bagairtí seachtracha thuasluaite leanfar leis na beartais atá i bhfeidhm san AE chun comhoibriú idir an AE agus NATO a neartú i réimsí slándála agus cosanta. Fiú faoi láthair tá Éire mar chuid de thionscadal ina bhfaighidh sí comhairle ó NATO maidir le cibirionsaithe agus cosaint cáblaí sonraí ar ghrinneall na farraige.

Ina theannta sin, tá an tAontas ag cur lena chumas cosanta níos mó ná riamh:

  • Foilsíodh an Compás Straitéiseach le hAghaidh Slándáil agus Cosaint níos Láidre san Aontas Eorpach in 2022 inar moladh go mbunófaí aonad mear-imscartha 5,000 saighdiúir.
  • Tá ról níos lárnaí ag an nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint i gcúrsaí a bhaineann le harmlón a cheannach agus a sholáthar don Úcráin. Gheall an tAE go gcuirfeadh sé 1.1 milliún sliogán airtléire ar fháil faoi dheireadh 2024 agus tá sé tar éis teacht ar chomhaontú chun 1,000 diúracán frith-aerárthaí a cheannach freisin. Ina theannta sin, tá iarrachtaí á ndéanamh ag an nGníomhaireacht earnáil déantúsaíochta arm na hEorpa a spreagadh chun an t-aschur a mhéadú
  • Tá 18 ballstát den AE tar éis oiliúint a chur ar 40,000 saighdiúir Úcránach faoi stiúir an AE
  • Ó thús an chogaidh san Úcráin meastar go bhfuil thart ar €28 billiún curtha ar fáil don Úcráin mar chúnamh míleata go díreach ón AE
  • Mar fhreagra ar ionsaithe na Houthi, tá sé beartaithe ag an AE tascfhórsa cabhlaigh a chur ar aghaidh chuig an Mhuir Rua chun longa Eorpacha a chosaint

Dá bhfágfadh na Stáit Aontaithe NATO, bheadh ar bhallstáit NATO, an chuid is mó acu atá mar bhallstáit den AE chomh maith, plé a dhéanamh ar an gcineál comhghuaillíochta cosanta a leanfadh ar aghaidh. Seans go mbeadh na roghanna seo a leanas san áireamh:

  • NATO atheagraithe gan na Stáit Aontaithe mar bhallstát
  • Eagraíocht chosanta do bhallstáit an AE amháin a bhunófaí ar struchtúr NATO
  • Eagraíocht chosanta réigiúnach ina mbeadh, abair, na Stáit Bhaltacha agus tíortha eile ar an teorainn leis an Rúis mar bhallstáit

Leanfar leis an bplé maidir le struchtúr cosanta an Aontais bealach amháin nó bealach eile as seo amach. Cén seasamh a bheadh ag Éirinn dá mholfadh an AE gur chóir eagraíocht chosanta atá bunaithe ar struchtúr NATO a bhunú chun tíortha an Aontais a chosaint?

Léiríodh i bpobalbhreith i ndiaidh pobalbhreithe go bhfuil formhór mhuintir na hÉireann i bhfabhar bheartas neodracht mhíleata na tíre seo. An mbeidh Rialtas na tíre sásta a bheith mar chuid de chomhghuaillíocht chosanta, fiú comhghuaillíocht de thíortha an AE amháin, chun a chuid freagrachtaí cosanta a chomhlíonadh?

Fág freagra ar 'Ceisteanna cosanta agus cumhachta ag éirí níos casta san AE'

  • Cloch an amhairc

    Na focail dheireanacha san alt (ag tagairt don Stát seo): ‘chun a chuid freagrachtaí cosanta a chomhlíonadh?’

    An bhfuil an t-údar ag maíomh nach bhfuil “a chuid freagrachtaí cosanta á gcomhlíonadh” ag an Stát seo cheana?

    Níl aon bhagairt á déanamh ar an Stát seo ag an Rúis.

    Tá dála mhac an bhacaigh ar an Rúis: ná bac leis an Rúis agus ní bhacfaidh an Rúis leat.

    Ach tá dream ann ar mhaith leo na billiúin euro a chaitheamh le sinn a chosaint ar námhaid shamhailteach – samhail atá á cruthú le tréanfheachtas bolscaireachta – agus é de rún acu na milliúin euro a charnadh dóibh féin as tionscal na n-arm agus an tsochaí a bhochtú lena linn.